Chinn ar iniúchadh an Rialtais ar an gcomhlacht Aughinish Alumina teacht ar aon fhianaise go raibh baint ar bith ag easpórtálacha alúmanaim an chomhlachta le táirgeadh arm sa Rúis, a deir an Taoiseach.
Dúirt Micheál Martin nár thángthas ar “aon fhianaise choincréiteach ná dheifnídeach” go raibh an mhonarcha in Eachinis ag soláthar ábhar d’arm na Rúise ach dúirt sé chomh maith nach bhféadfaí sin a chur as an áireamh.
Ina chuid cainte ag preasócáid a bhí aige féin agus an tUachtarán Volodymyr Zelensky i gCív na hÚcráine, dúirt an Taoiseach go raibh an t-iniúchadh ar mhonarcha alúmanaim Luimnigh beagnach críochnaithe.
“Ní theastaíonn uainne go rachadh aon ábhar ó Eachinis go dtí an Rúis.
“Níl aon fhianaise choincréiteach ná dheifnídeach aimsithe a cheanglódh an t-alúmanam as Aughinish Alumina le táirgeadh arm sa Rúis.
“Ní mór a rá áfach nár thángthas ar aon fhianaise dheifnídeach ach an oiread nach bhfuil táirgí alúmanaim dá chuid ag gabháil go dtí déantóirí arm, mar sin tá an scéal casta.”
Dúirt Zelensky gurb é an rud is tábhachtaí nach mbeadh aon bhlas den alúmanam sin ag dul chun na Rúise. D’iarr sé ar Rialtas na hÉireann a scrúdú an bhféadfaí smachtbhannaí a chur ar Aughinish Alumina faoi dhlí na tíre seo.
Is le comhlacht miotail as an Rúis monarcha Aughinish Alumina i Luimneach agus áitíonn an comhlacht sin nach bhfuil aon chuid den amhábhar a dhéantar i Luimneach ag déanamh a bhealaigh go dtí déantóirí arm.
Dúirt an Taoiseach gur as monarcha Aughinish a fhaigheann Scaglann Dunkerque sa bhFrainc 70% dá cuid amhábhar agus go bhfuil “an-tábhacht” le Aughinish do shlabhra soláthair na hEorpa
“Ní mór dúinn an cás seo a scrúdú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, agus déanfaimid sin,” a dúirt an Taoiseach.
Cuireadh an t-iniúchadh ar bun tar éis don The Irish Times agus don Organised Crime and Corruption Reporting Project, ábhar a fhoilsiú inar dúradh go raibh Aughinish Alumina ag seoladh cual ollmhór alúmanaim go dtí bruithneoirí sa Rúis. Tuairiscíodh go raibh an t-alúmanam sin á dhíol ansin le déantóirí arm agus diúracán de chuid na Rúise.
Fág freagra ar 'Níor thángthas ar ‘aon fhianaise choincréiteach’ go raibh monarcha in Eachinis ag soláthar ábhar d’arm na Rúise'