Cárta bronntanais nua le seoladh chun caiteachas sna ceantair Ghaeltachta a spreagadh

Tá an scéim nua le seoladh roimh dheireadh an fhómhair agus deir Údarás na Gaeltachta go spreagfaidh sé cuairteoirí agus muintir na háite chun airgead a chaitheamh sa nGaeltacht

Cárta bronntanais nua le seoladh chun caiteachas sna ceantair Ghaeltachta a spreagadh

Tá cárta bronntanais nua a bheidh daoine in ann úsáid i ngnólachtaí ar fud na Gaeltachta le seoladh ag Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh an fhómhair.

Tá an cárta á thabhairt isteach chun cuairteoirí agus muintir na Gaeltachta féin a spreagadh chun airgead a chaitheamh sa nGaeltacht.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil súil ann go mbeidh gnólachtaí sna hearnálacha miondíola, fáilteachais, fóillíochta, lóistín agus seirbhísí ar fud na Gaeltachta páirteach sa scéim

Tá tús curtha leis an bpróiseas clárúcháin do ghnólachtaí don chárta agus é ráite go bhfuil “spéis láidir” léirithe cheana féin.

“Is scéim cheannródaíoch é Cárta na Gaeltachta do réigiúin na Gaeltachta,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. “Trí Chárta na Gaeltachta, díreoimid aird ar an tairiscint ghnó uathúil atá le fáil ar fud na seacht gcontae Gaeltachta agus cothóimid cultúr fadtéarmach ‘ceannaigh go háitiúil’ a chuirfidh gnólachtaí na Gaeltachta chun cinn agus a thacóidh leo.”

Deir Údarás na Gaeltachta nach mbeidh aon choimisiún le híoc ag gnólachtaí a ghlacann leis an gcárta agus nach mbeidh aon chostas cláraithe ná gá le haon trealamh breise chun glacadh leis an gcárta.

Chuir Pádraig Ó Sé, ó theach tábhairne Thigh Pháidí Uí Shé i bhFionntrá i gcontae Chiarraí, fáilte roimh an scéim agus súil aige go gcuirfidh an cárta nua leis an ngeilleagar sna ceantair Ghaeltachta.

“Rud iontach do ghnóthaí is ea nach mbeidh aon táille choimisiúin ag baint le Cárta na Gaeltachta. Ciallaíonn sé sin go bhfanfaidh gach euro a chaitear sna gnóthaí sin, agus sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.

“Ní féidir an cárta bronntanais a úsáid ach i siopaí nó gnó atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus dá bharr sin, táim cinnte go dtiocfaidh borradh maith ar an ngnó áitiúil anseo in iarthar Chiarraí a luaithe a sheolfar an cárta.”

Beidh Cárta na Gaeltachta mar chuid den líonra Town & City Gift Cards, a bhfuil roinnt gradam buaite aige agus atá i bhfeidhm ar fud na hÉireann. Beidh an cárta ar fáil i bhfoirm cárta bronntanais fhisiciúil agus dhigiteach.

Dúirt Mark Cunningham, Bainisteoir Forbartha Gnó le Miconex Éireann go mbeidh Cárta na Gaeltachta “ar an togra Town & City Gift Cards is fairsinge riamh in Éirinn” nuair a sheolfar é.

“Caithfear na cártaí go háitiúil le gnólachtaí cláraithe, rud a chinnteoidh go bhfanfaidh an caiteachas sa cheantar agus rud a thabharfaidh rogha áitiúil do thomhaltóirí agus d’eagraíochtaí maidir le bronntanais, duaiseanna agus dreasachtaí.

“Le tacaíocht ó Mastercard, tá sé éasca clárú chun glacadh le Cárta na Gaeltachta agus oibríonn sé leis na teirminéil íocaíochta atá in úsáid cheana féin,” a dúirt Cunningham.

Sna seachtainí amach romhainn, beidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta ag tabhairt cuairt ar ghnólachtaí ar fud na Gaeltachta chun iad a chlárú agus a ullmhú le glacadh le Cárta na Gaeltachta nuair a sheolfar é.

Fág freagra ar 'Cárta bronntanais nua le seoladh chun caiteachas sna ceantair Ghaeltachta a spreagadh'