Tá an liúntas Gaeltachta a bhíodh ar fáil d’altraí ach a bhfuarthas réidh leis le linn an chúlú eacnamaíochta le tabhairt ar ais ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Beidh an liúntas €3,800 sa bhliain le híoc siar chomh fada le mí Mheán Fómhair 2025.
Beidh an liúntas Gaeltachta bunaithe ar chéatadán phá na n-altraí agus gabhfaidh sé in airde arís i gcás aon ardú pá eile ann. Beidh altraí atá ag obair in oileáin Ghaeltachta i dteideal an liúntais Gaeltachta agus an liúntais oileáin (€2,550) in éineacht, rud a fhágann go mbeadh altraí in Árainn, Toraigh, Cléire agus oileáin Ghaeltachta eile mar iad i dteideal €6,350 breise sa bhliain.
D’oibrigh INMO agus Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) as lámha a chéile leis an liúntas do mhúinteoirí agus d’altraí a thabhairt ar ais. Cuireadh aighneachtaí na gceardchumann isteach an bhliain seo caite agus, tar éis fógra na Roinne Oideachais níos luaithe i mbliana go bhfaigheadh múinteoirí Gaeltachta liúntas, tá an dá íocaíocht ann arís den chéad uair le blianta fada.
Dúirt Phil Ní Shéaghdha, ard-rúnaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO), ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
go bhfuil súil ag an INMO anois go dtuigfidh an HSE agus an Roinn Sláinte go gcaithfidh siad iarracht a dhéanamh anois “cabhrú le daoine an leibhéal Gaelainne” a fheabhsú.
Dúirt Ní Shéaghdha go gcaithfear freisin daoine a bhfuil an Ghaeilge acu cheana féin a chur ag obair “i dteannta [othar] gurb é an Ghaelainn an chéad teanga atá acu”.
Dúirt sí go mbíonn deacrachtaí earcaíochta ann i gcónaí in earnáil na sláinte ach go gcabhróidh an liúntas nua daoine a mhealladh chun a bheith ag obair sna cheantair Ghaeltachta.
“Is dóigh liom go bhfuil earcaíocht faoi bhrú ins na haon áit, ach nuair a tógadh é seo [an liúntas], gan dabht, chuir cúrsaí pá isteach ar earcaíocht. Más rud é go bhfuil airgead breise ar fáil, tá súil agam gur a mhalairt scéil a bheidh ann agus go gcabhróidh sé.
“Is í an fhadhb atá ann i gcónaí ná go bhfuil an HSE ag cur stop le hearcaíocht, deir siad nach bhfuil ach tá sé deacair anois daoine a fháil,” a dúirt sí.
Beidh ar bhainisteoirí na n-altraí a bheidh ag éileamh an liúntais a chur in iúl don HSE go bhfuil siad ag obair i gceantar Gaeltachta agus go bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu ina gcuid oibre. Beidh scrúdú béil le déanamh ag na haltraí freisin i rith na bliana, ar chostas an fhostóra, freisin.
“Is dócha nach aon dochar é sin do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine atá ag obair sna Gaeltachtaí. Is scrúdú gnáth-theanga, gnáthchúrsaí an tsaoil atá i gceist seachas Gaelainn leighis,” a dúirt Ní Shéaghdha.
Dúirt ard-rúnaí INMO go bhfuil súil ag an gceardchumann anois go gcuirfeadh sé daoine ag cuimhneamh ar phost a thógáil sa Daingean seachas i dTrá Lí, agus go mbeadh post sa Daingean níos fearr mar gheall ar an airgead breise a bheadh le tuilleamh ann.
“Beidh an liúntas breise seo ar fáil duit, agus téann sé seo go dtí do phinsean agus cuireann sé leis sin. Is rud chun a bheith ag cuimheamh air agus tá súil againn, mar tá a fhios ag na haoinne go gcuireann pá isteach go mór ar [an cinneadh] is dócha, nuair a bhíonn tú ag féachaint ar cá háit raghaidh tú chun oibre.
“Má tá breis pá ar fáil sna Gaeltachtaí canathaobh nach raghfá ann? Tá an-chuid ag baint le costais, ag baint le bheith ag maireachtaint in áiteanna áirithe. Deir daoine linn go bhfuil sé an-deacair tithe a fháil, áit le fanacht a fháil cóngarach don Daingean, mar a chéile i nGaeltachtaí eile, go háirithe i rith an tsamhraidh. Tá súil againn go gcabhróidh sé seo leis na costais atá ag baint leis sin chomh maith,” a dúirt sí.
Dúirt sí gur léirigh an comhoibriú idir INTO agus INMO go bhfuil an dá cheardchumann, atá faoi cheannas beirt Ghaeltachta, ar aon fhocal faoi thábhacht na Gaeilge, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta.
“Tá an-aire ag ard-rúnaí an INTO, John Boyle, ar an nGaelainn agus tuigeann sé an méid atá ag baint léi, cosúil liom féin. Tá súil againn gurb é an chéad chéim é agus go mbeimid ábalta cur leis chun ár gcuid a dhéanamh do na Gaeltachtaí, le go bhfanfadh daoine ann agus go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaelainn,” a dúirt sí.
Murab ionann agus socrú an INTO leis an Roinn Oideachais, a chlúdaíonn idir mhúinteoirí agus phríomhoidí, ní bheidh an liúntas Gaeltachta ar fáil do bhainisteoirí na n-ospidéal Gaeltachta. Dúirt Ní Shéaghdha go raibh sé seo “mícheart” agus go mbeadh INMO sásta dul chun na cúirte leis an liúntas a fháil do gach duine dá mbaill.
Dúirt sí freisin nach dóigh leis an gceardchumann go bhfuil an HSE “ag déanamh a dhóthain do dhaoine a bhfuil an Ghaelainn mar chéad teanga acu” agus nach bhfuil sé féaráilte do dhaoine “atá críonna agus nach Béarla an chéad teanga atá acu”.
Fág freagra ar 'Liúntas Gaeltachta €3,800 sa bhliain le tabhairt ar ais d’altraí'