Crú an áidh ag Maigh Eo, rabhadh i gcluiche ceannais na hiomána agus rinceoir na Ríochta

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Crú an áidh ag Maigh Eo, rabhadh i gcluiche ceannais na hiomána agus rinceoir na Ríochta

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Crú an áidh ag Maigh Eo

Tá a fhios againn uilig a bhfuil suim againn sa bpeil Ghaelach cén uair go deireanach a thug Maigh Eo leo Craobh Shinsir Peile na hÉireann ach ní bheadh an oiread sin daoine lasmuigh den chontae a déarfadh leat cén uair a thugadar leo an chreach den chéad uair.

1936 a tharla sin agus bhí cur síos ar an ngaisce agus ar chumas Mhaigh Eo sna blianta roimhe sin tugtha in eagrán na seachtaine seo de Over The Bar, podchraoladh faoi stair na gCluichí Gaelacha a bhíonn á chur i láthair ag an iriseoir Michael Foley agus an léiritheoir teilifíse as Cill tSéadhna, Ciarán O’Hara.

Bíonn caint i gcónaí ar na piseoga roimh chluichí móra agus beidh muintir Mhaigh Eo ag súil gur comhartha maith é go mbeidh geansaithe bána á gcaitheamh ag na himreoirí amárach, mar a bhí nuair a thugadar leo Sam go deireanach i 1951.

Má tá lucht tacaíochta Mhaigh Eo ag iarraidh go mbeadh an bua go cinnte ag foireann Andy Moran, b’fhearr do dhuine acu crú capaill a thabhairt leo go Páirc an Chrócaigh.

Mar a mhínigh O’Hara ar an bpodchraoladh, i 1936 bronnadh crú capaill ar raibh ‘Good Luck Mayo’ greanta air ar chaptaen Mhaigh Eo, Séamus O’Malley, roimh an gcuiche ceannais in aghaidh Laoise. Ba ag an imreoir lár páirce Patsy Flannelly, a scóráil cúl cinniúnach in aghaidh Chiarraí sa gcluiche leathcheannais, mar a tharla sé, a bhí an crú nuair a tógadh pictiúr den fhoireann roimh an gcluiche, áfach.

Foireann Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 1939. Tá Tom ‘Gega’ O’Connor chun tosaigh uile. Tá Bill Dillon ar leathghlúin taobh thiar dó, an tríú duine ó chlé Pictiúr: CLG Dhaingean Uí Chúis

Is léir gur crú an áidh a bhí ann agus Flannelly ina laoch in aghaidh Laoise. Agus é ag imirt taobh le Henry Kenny, athair an iarthaoisigh Enda, d’aimsigh Flannelly cúl eile sa gcluiche ceannais agus dhá phointe curtha aige leis chomh maith agus greadadh buailte ar Laois, 4-11 in aghaidh 0-5

Seans go bhfuiltear tinn de na piseoga i Maigh Eo faoin tráth seo ach cá bhfios nach mbeidh crú capaill i bpóca duine éigin agus iad ag déanamh a mbealaigh chuig Páirc an Chrócaigh amárach. 

Ceacht le foghlaim ón iomáint

Tá mórán cainte déanta le seachtain anuas faoi na cosúlachtaí idir cluiche ceannais na hiomána Dé Domhnaigh seo caite agus an cluiche ceannais peile.

Beidh muintir Mhaigh Eo ag súil nach é an dán céanna a bheidh ag a bhfoireann óg agus a bhí ag eascartaigh na Gaillimhe a fuair amach in aghaidh Luimnigh nach ionann dul go dtí tigh an rí agus teacht as.

Bhí ceacht maith ag Luimneach do Chiarraí chomh maith sa tslí is gurb é a bhfonn millteanach chun oibre a thug Corn Liam Mhic Cárthaigh ar ais cois Sionainne.

Tá a fhios againn go gcoimeádann Jack O’Connor súil ghéar ar an gcluiche ceannais iomána.

Agus é faoi agallamh i bPáirc an Chrócaigh cúpla nóiméad i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann anuraidh, dúirt an Conchúrach go raibh ana-thábhacht ag baint leis an scór dhá phointe a fuair David Clifford díreach roimh leatham do Chiarraí.

Ansin dhein sé tagairt gan choinne don chluiche ceannais iománaíochta an tseachtain roimhe, cluiche inar thit an tóin ar fad as Corcaigh sa dara leath.

“Scór ana-mhór dúinne a bhí sa scór dhá phointe ag David. Ba mhór an spreagadh dúinn é roimh leatham agus chuir sé seacht bpointe chun cinn sinn.

“Ansin dúramar lena chéile sa seomra feistis nach raibh an rud céanna a tharla do Chorcaigh an deireadh seachtaine seo caite chun tarlú dúinne.

“Bhíomar chun dul amach agus imirt agus iarracht a dhéanamh an dara leath a bhuachan.”

Léiriú suimiúil a bhí ann nach neamhspleách ar fad ar a chéile a bhíonn an dá chluiche ceannais, cé nár thaitin tráchtaireacht iománaíochta bhainisteoir Chiarraí rómhór le muintir Chorcaí ag an am.

Rinceoir na Ríochta

D’fhéadfá a rá gur thiar sa mbliain 2014 a thosaigh ré nua seo Chiarraí agus Jack O’Connor. Bhí dhá sheal caite ag O’Connor mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir na Ríochta roimhe sin ach thóg sé ceannas ar fhoireann mhionúir an chontae do chraobh 2014 agus tionchar nach beag ag an gcinneadh sin ar chúrsaí peile i gCiarraí ó shin.

Chuaigh na Ciarraígh óga ar aghaidh chun Craobh na hÉireann a bhuachan an bhliain chéanna agus tá seachtar den phainéal sin – Shane Ryan, Brian Ó Beaglaoich, Tom O’Sullivan, Barry O’Sullivan, Micheál Burns, Jason Foley agus Gavin White – mar chuid de phainéal na sinsear i mbliana.

Bhuaigh Ciarraí agus an Conchúrach an chraobh mhionúir arís in 2015 agus Mike Breen, Seán O’Shea agus Graham O’Sullivan ar an bhfoireann. Chuaigh O’Connor leis an bhfoireann Faoi 21 ina dhiaidh sin ach bhuaigh Ciarraí dhá chraobh mhionúir eile, in 2016 agus 2017, agus David Clifford i measc na n-imreoirí ó na foirne sin a chuaigh ar aghaidh chun boinn uile-Éireann a bhuachan.

Ceann de na cuimhní is mó atá ag daoine ar an mbua sin a bhí ag Ciarraí in 2014 nuair a bhuadar ar Dhún na nGall ná an píosa damhsa a rinne Tomás Ó Sé Dhún Chaoin ar an bpóidiam in Ardán Uí Ógáin agus an corn ina láimh aige.

Dá n-éireodh le Ciarraí amárach, agus dá mbeadh fonn air, bheadh captaen na Ríochta Paul Geaney in ann cúpla steip a dhéanamh taobh le Jarlath Burns, de réir dealraimh.

Craoladh clár speisialta de An Saol ó Dheas c óna theach tábhairne sa Daingean i rith na seachtaine agus rinneadh cur síos ann ar chumas rince Geaney agus é óg.

Bhíodh ranganna á reáchtáil ag Jimmy Smith i Halla na mBráithre Críostaí agus thagadh Paul agus a chairde sall in aghaidh a dtola, mar a mhínigh Nóirín ‘Dan’ Uí Shúilleabháin.

“Ní raibh aon fhonn orthu dul ach bhí seans an liathróid a thabhairt leo mar bhí an halla ana-mhór,” a dúirt Nóirín, a mbíodh a mac Darragh ar dhuine den bhuíon rinceoirí le Geaney.

“Ní bhíodh aon choisíocht ag éinne acu ach amháin ag Paul. Fé mar a deireadh m’athair fadó, aon duine a bhí aclaí, ‘chasfadh sé ar réal’ agus chasfadh Paul ar réal. Bhí sé aige. Na leaids eile, scaoilJimmy leo tar éis tamaillín mar ní raibh aon mhaith iontu ach theastaigh uaidh fanacht le Paul.”

Ní dhearna na ranganna aon dochar do Geaney agus is iomaí cosantóir a bhfuil bob buailte aige orthu leis an gcoisíocht chéanna.

Fág freagra ar 'Crú an áidh ag Maigh Eo, rabhadh i gcluiche ceannais na hiomána agus rinceoir na Ríochta'