Ba é an cúnamh síceolaíochta ba mhó a raibh mé amhrasach faoi ach tá athrú poirt anois agam

Ní féidir neamhaird a dhéanamh den mholadh a thugann Paul O’Connell, iománaithe Luimnigh agus go leor eile don leas a bhain siad as an tsíceolaíocht spóirt

Ba é an cúnamh síceolaíochta ba mhó a raibh mé amhrasach faoi ach tá athrú poirt anois agam

Agus anailís á déanamh ar bhua Átha Cliath ar Ghaillimh Dé Domhnaigh seo caite, b’iomaí tagairt a deineadh de bhéal agus ar phár don chlaonadh atá i bhfir an iarthair a gcuid maidí a ligean le sruth sa gceathrú dheireanach de na cluichí atá imeartha acu i gCraobh Shinsir Peile 2026.

Is pointe é a bhfuil bunús maith leis.

Go deimhin ba ghné dá gcuid imeartha sin a facthas sular thosaigh an Chraobh beag ná mór. Agus gan caite den bhliain ach seacht seachtaine, bhí tús 11 cúilín acu ar Ros Comáin ag leath ama i gCluiche Sraithe i mBóthar na Trá. Faoin am ar chríochnaigh an imirt ansiúd bhí buaite de chúilín orthu 2-16 in aghaidh 0-21.

Mórán mór an scéal céanna a facthas sa gcluiche craoibhe ba thúisce a d’imir siad  –  in aghaidh Liatroma an Domhnach deiridh de mhí an Aibreáin. Isteach sa dara leath i gCora Droma Rúisc, bhí farasbarr deich gcinn de chúilíní ag na Gaillmhigh agus leathchos dá gcuid i gCluiche Ceannais an Chúige, mura raibh an péire.

Agus an t-am istigh, ní raibh idir na foirne ach aon chic amháin den liathróid nó gur thug cúilíní a scóráil Shane Walsh agus Robert Finnerty beagán faoisimh dóibh.

Agus os cionn uair an chloig den chluiche leathcheannais sin imeartha, bhí Gaillimh leathdhosaen cúilín chun cinn ar Ros Comáin (2-22 in aghaidh 3-13). Níor scóráil siad as sin go deireadh. Fuair Ros Comáin 8 gcúilín as a chéile.

An seanphort céanna a casadh nuair a d’imir siad an Iarmhí cúig seachtaine ó shin. Seacht gcúilín farasbairr ag leath ama agus arís ní raibh ach péire idir na foirne agus séideadh an bhonnáin ar na bacáin. Ansin ghabh Damien Comer an liathróid san aer a thug pas do Shane McGrath a fuair cúilín lena dhorn. 3-21 in aghaidh 2-21.

Is minic freisin le Gaillimh teip i gcluichí atá idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh, faoi mar a bhí Dé Domhnaigh seo caite.

I gCraobh Peile na bliana seo caite in aghaidh Átha Cliath ba chúilín a scóráil Tom Lahiff agus an t-am caite i bPáirc an Phiarsaigh a thug an bua do na cuairteoirí. Ar Pháirc na gCeilteach i gcluiche eile de chuid na ngrúpaí 2025, chealaigh Gaillimh tús sé chúilín a bhí ag Doire orthu ansiúd, ach ansin cheadaigh scór an bhua dá gcéilí comhraic agus an t-am istigh.

Sa dá bhabhta ceathrú ceannais a d’imir siad anuraidh bhíodar deich gcúilín chun cinn ar an Dún in Iúr Chinn Trá ach ag an deireadh bhíodar ar a mbionda ag cosaint farasbarr cúpla cúilín.

Sa mbabhta a lean in aghaidh na Mí, scóráil Cillian McDaid agus Liam Silke cúl an duine agus fuair Gaillimh trí cinn de chúilíní idir an 56ú agus an 60ú nóiméad. Dhá nóiméad ina dhiaidh cheadaigh siad cúl don Mhí a fuair trí cinn scafánta iad féin. Thug sin bua 2-16 in aghaidh 2-15 don Chontae Ríoga.

Ní le bliain nó dhó atá seo le tabhairt faoi deara ach an oiread. Agus mórán na himreoirí céanna ar an bpáirc acu i gCluiche Ceannais Chonnacht 2021 agus 2022 in aghaidh Mhaigh Eo agus Ros Comáin bhíodar chun cinn go compordach faoin am a dtáinig an sos, ach ní mb’amhlaidh a bhí nuair a séideadh an fheadóg dheireanach.

De réir mo nádúir, bhí mé thar a bheith amhrasach faoi fheidhmíocht a bhfuil de dhaoine sna grúpaí tacaíochta seo ar fad a fheiceann muid ceangailte le mórfhoirne spórt na linne seo. Ba é an cúnamh síceolaíochta ba mhó a raibh mé amhrasach faoi ach, tá athrú poirt anois agam faoi sin.

Ní féidir neamhaird a dhéanamh don mholadh a thugann Paul O’Connell, iománaithe Luimnigh agus go leor eile don leas a bhain siad féin as an tsíceolaíocht spóirt. Níl a fhios agam cén teacht atá ag peileadóirí na Gaillimhe ar a leithéid.

Le straitéis imeartha a bhaineann laige mhór eile a bhíonn le feiceáil níos minice ná a chéile i gcluichí a imríonn Gaillimh – ceann freisin a théann siar chomh fada céanna leis an gcaoi ar minic leo uisce a scaoileadh isteach i ndeireadh na himeartha.

Leis na ciceanna amach a bhaineann siúd.

Is idir Connor Gleeson agus Conor Flaherty is minice a bhíonn geansaí uimhir 1 na Gaillimhe roinnte le caithre bliana anois. Tá idir mholadh agus cháineadh déanta ar an éifeacht a bhí ar na ciceanna amach a thógadar beirt.

Lochtaíodh an Flathartach de bharr ar facthas i gCluiche Ceannais Chonnacht áit nár bhuaigh Gaillimhe ach 26% dá gciceanna amach féin agus péire de na 6 cinn dheireanacha. Ba é an Glíosánach a d’imir sa gcluiche a lean in aghaidh na hIarmhí, áit ar bhuaigh a fhoireann 67% de na ciceanna thóg sé.

Is í an fhírinne ar ndóigh nach bhfuil sé ceart ná cóir aon bhlas níos mó den mhilleán a leagan ar an mbáireoir ná atá le leagan orthu siúd atá amuigh faoin bpáirc á gcur féin in áit mhaith le glacadh lena chic siúd. Níl a fhios agam cén chuid de bhainistíocht na Gaillimhe a bhfuil cúram na straitéise sin leagtha orthu, ach níl a bplean ag obair.

Faoi dheireadh, ní hí an lúfaireacht an tréith is mó atá luaite le painéal imeartha na Gaillimhe ach an oiread.

Fágann athrú na rialacha go bhfuil i bhfad níos mó luais faoi pheil an lae inniu, ach dá heaspa bíonn níos mó den seanchleachtas le feiceáil i gcónaí in imirt na Gaillimhe – sall agus anall go leor. Ceadaíonn lúth na gcos do leithéidí Dhún na nGall a bheith ag imeacht ina ngiorracha ag déanamh ar chuile choirnéal den pháirc.

Tá an bua sin ag roinnt Gaillimheach ach gur iondúla gur i measc na n-ionadaithe atá siad feicthe againn, sin nó imithe de liosta an lae ar fad,

Luaim go háirithe Liam Ó Conghaile agus Finian Ó Laoi as Cumann an Spidéil, Daniel O’Flaherty Bhóthar na Trá agus Oisín Mac Donnchadha as Naomh Anna, Leitir Móir a scóráil ocht gcúilín in aghaidh Dhún na nGall sa tSraith, as a bhfuair sé gradam ‘Laoch na hImeartha’. Cosamar leathuair imeartha a tugadh dó sa gCraobh (in aghaidh Liatroma). Fiú i measc na n-ionadaithe féin ní fhaca mé a ainm ina dhiaidh sin.

Ba é Ó Laoi an peileadóir ab fhearr a bhí ag Gaillimh Dé Domhnaigh seo caite. Bhí gortú ag cur as dó ceart go leor i dtús an tséasúir, ach thacaigh a theacht ar ais leis an tuairim go gcuideodh breis luais lena fhoireann.

Cad faoi Liam Ó Conghaile? Agus an t-am á mheilt i gcluiche ceannais Chonnacht anuraidh bhí Gaillimh ar a míle dícheall ag iarraidh greim a choinneáil ar an tús cúilín a bhí acu nuair a bhlocáil Dylan McHugh iarracht ar chomhscór. Ní raibh aon mhoill ag baint leis an liathróid a chur fad na páirce, gur aimsigh fear an Spidéil cúilín an árachais.

Fuair sé trí chúilín (scór dúbailte ar cheann acu) sa gcluiche ba thúisce i gCraobh na bliana seo. Ó shin ní fhaca mé liostáilte i measc na n-ionadaithe féin é go dtáinig an Domhnach seo caite.

Fág freagra ar 'Ba é an cúnamh síceolaíochta ba mhó a raibh mé amhrasach faoi ach tá athrú poirt anois agam'