Bunaithe ar an bhfianaise ar fad go dtí seo, is deacair a shamhlú nach mbuafaidh Corcaigh agus Luimneach

Tá cluichí leathcheannais chraobh iománaíochta na hÉireann linn agus an Ghaillimh agus contae an Chláir na híochtaráin bunaithe ar fhianaise na craoibhe go nuige seo

Bunaithe ar an bhfianaise ar fad go dtí seo, is deacair a shamhlú nach mbuafaidh Corcaigh agus Luimneach

Bhuel táimid tagtha chuig na cluichí leathcheannais agus ceithre chontae fágtha.

Agus ag am tae inniu beidh deireadh déanta ag contae amháin, an Ghaillimh nó Corcaigh. Tá Gaillimh ag dul isteach sa chluiche leathcheannais seo mar sheaimpíní Laighean agus chuid maith móimintim acu dá bharr. Chuir siad tús leis an bhfeachtas cúige le bua údarásach ar Chill Chainnigh. Scóráil Rory Burke dhá chúl luath agus léirigh foireann Mhicheál Donoghue an oiread imreoirí atá acu a bhfuil cumas scórála iontu. Cuireadh brú orthu in aghaidh Uíbh Fhailí, ach chinntigh cúil dhéanacha ó Conor Cooney agus Burke an bua.

Ach bhí comharthaí rabhaidh le feiscint in aghaidh Chill Dara, a bhí deich bpointe chun cinn ag leath ama. Tháinig Gaillimh ar ais go tréan, áfach, agus bhí Conor Whelan i gcroílár an teacht aniar sa dara leath. Tháinig a gcéad teip ina dhiaidh sin in aghaidh Bhaile Átha Cliath, nuair a d’íoc siad go daor as seacht gcinn déag d’iarrachtaí amú agus cúl déanach ó Brian Hayes.

Bhí freagra iontach ag Gaillimh sa chluiche deireanach sa chraobh. Chuaigh Loch Garman trí phointe dhéag chun cinn sa chéad leath, ach rinne Gaillimh ceann d’aiséirithe an chomórtais, agus Whelan, na deartháireacha Mannion agus Daithí Burke go mór chun cinn i mbua ocht bpointe.

Tháinig an taispeántas ab fhearr uathu i gcluiche ceannais Laighean, nuair a d’iompaigh siad bunoscionn ar fad toradh an chluiche roimhe sin in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Scóráil Tom Monaghan seacht bpointe, agus bhí Whelan agus na deartháireacha Mannion i gceannas ar ionsaí cumhachtach i mbua 4-29 in aghaidh 4-15. Ach is dócha an cheist is mó a bheadh agamsa ná cé chomh maith is a bhí an caighdeán i gcúige Laighean i mbliana.

Níl aon amhras faoina gcumas scórála, ach beidh orthu na bearnaí ó am go chéile sa chosaint agus an nós atá acu tús mall a chur le cluichí a chur ina cheart i bPáirc an Chrócaigh. Tá mianach sa bhfoireann ach tá breis is seachtó nóiméad le himirt agus má ligeann siad na maidí le sruth aon uair beidh siad i dtrioblóid. Ach tá curiarracht dhearfach acu i gcoinne Chorcaí le roinnt blianta.

Is é cluiche cáilithe Chraobh na hÉireann i nDurlas in 2008 an bua deireanach a bhí ag Corcaigh ar fhir na dtreabh. Tá sé chluiche caillte acu ina n-aghaidh ó shin, in 2009, 2011, 2012, 2015, 2016 agus i gcluiche eile i nDurlas in 2022 nuair a chuir na Reibiliúnaigh 16 iarracht ar foraoil agus iad ag cailleadh le pointe amháin.

D’fhág bua Chorcaí ar Uíbh Fhailí i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann coicís ó shin go bhfuil 12 chluiche as a chéile buaite acu in aghaidh fhoirne Laighean sa tsraith agus sa chraobh, i dtréimhse a théann siar go dtí an chailliúint in aghaidh Chill Chainnigh i mí Feabhra 2024.

Ach seo 2026 agus bunaithe ar fianaise na bliana ceapaim go bhfuil Corcaigh níos fearr mar fhoireann ná mar atá an Ghaillimh. Ar ndóigh, ní chiallaíonn sé sin go mbuafaidh siad, agus mar is amhlaidh i ngach cluiche, is ar an lá féin, taobh istigh de na línte bána, a shocrófar cé a bheidh buacach agus cé a bheidh caillteach. Beidh iontas orm, áfach, mura mbuafaidh Corcaigh an cluiche seo.

Ar an Domhnach, beidh coimhlint na gcomharsan béal dorais againn, An Clár agus Luimneach. Rachaidh Luimneach isteach sa chluiche seo mar rogha láidir na coitiantachta agus bunaithe ar gach a bhfuil feicthe againn i mbliana tá an stádas sin tuillte acu. Is iad seaimpíní na sraithe agus seaimpíní na Mumhan iad, ar ndóigh, agus óna bhfuil léirithe acu go dtí seo, is deacair a fheiceáil conas a d’fhéadfadh foireann an Chláir iad a chloí, foireann nár éirigh léi a buaic a bhaint amach ach anois agus arís i mbliana.

Tar éis feachtas corrach i gCraobh na Mumhan, thug An Clár an taispeántas craoibhe ba dhiongbháilte le tamall fada uathu i gcoinne Bhaile Átha Cliath. Tugann méid an bhua ar Áth Cliath le fios go bhfuil neart móimintim tugtha leo acu go dtí cluiche an lae amárach.

Má bhíonn a gcuid imreoirí ar fad ar fáil, b’fhéidir go dtabharfadh siad dúshlán réasúnta do Luimneach, ach nílim cinnte go bhfuil siad maith go leor chun an cluiche a bhuachan. Tá Luimneach ar an lámh eile ag dul ó neart go neart agus tá sé léirithe acu go bhfuil ar a gcumas buachan i mbeagnach gach saghas cluiche, is cuma cad a tharlaíonn.

Arís, bunaithe ar an bhfianaise ar fad go dtí seo, is deacair a shamhlú nach mbuafaidh Luimneach an cluiche seo. Cúpla bliain ó shin, nuair a bhí An Clár fíormhí-ámharach gan Luimneach a shárú ar roinnt ócáidí, braithim go raibh siad céim eile chun cinn ina bhforbairt mar fhoireann. Anois, áfach, ní dóigh liom go bhfuil a gcaighdeán sách ard ar bhonn leanúnach, agus tá sé léirithe ag Luimneach i mbliana go bhfuil siad beagnach ar ais ag an leibhéal ag a raibh siad cúpla bliain ó shin. Measaim nach mbeidh ach buaiteoirí amháin anseo, agus geansaithe glasa a bheidh á gcaitheamh acu.

Fág freagra ar 'Bunaithe ar an bhfianaise ar fad go dtí seo, is deacair a shamhlú nach mbuafaidh Corcaigh agus Luimneach'

  • alan titley

    Nár mheasamar go léir an rud céanna? Agus ticéad geallta dom don chluiche ceannais sa chás is go mbeadh Corcaigh ann, geallúint seachtainí roimh ré. Is léir go bhfuil taibhsí 2025 trí fhoireann Chorcaí fós. Am dara leath sin, an dara leath sin, an dara leath sin. Mná Chorcaí abú!