Gaillimh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus cliste ar Chorcaigh arís

Tá iománaithe na Gaillimhe ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2018 tar éis d'fhoireann Mhicheál Donoghue teacht aniar aduaidh ar Chorcaigh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna

Gaillimh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus cliste ar Chorcaigh arís

Gaillimh 2-26 Corcaigh 1-18

Is beag duine a thug seans dóibh i gcoinne fhathach na Mumhan ach tá áit i gcluiche ceannais na hÉireann bainte amach ag iománaithe na Gaillimhe agus bua cuimsitheach acu ar Chorcaigh tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí rith an ráis le foireann Mhicheál Donoghue sa dara leath agus 1-14 aimsithe ag Gaillimh agus gach ach cúig phointe ag Corcaigh, a bhí imreoir gann don 20 nóiméad deireanach agus an dara cárta buí taispeánta do chaptaen na foirne Darragh Fitzgibbon leath bealaigh tríd an dara leath.

Bhí Corcaigh i bponc sular cuireadh Fitzgibbon den pháirc, áfach, taispeántas á thabhairt acu a chuirfeadh i gcuimhne duit  cluiche ceannais na hÉireann anuraidh sa gcaoi gur ghéill siad sa dara leath. Pointe chun tosaigh a bhí Corcaigh ag an mbriseadh, 1-13 in aghaidh 1-12, ach bhí Gaillimh ar ais ar comhscór théis 10 soicind den dara leath agus Gavin Lee ag seoladh an tsliotair idir na postaí. Chuir Shane Barrett Corcaigh ar ais chun cinn nóiméad ina dhiaidh sin ach Gaillimh a d’aimsigh an chéad naoi scór eile idir an 38ú agus 50ú nóiméad chun greim daingean a ghlacadh ar an gcluiche.

Ní raibh na Gaillimhigh ag brath ar aon fhear amháin chun na scóranna a fháil sa tréimhse sin nó i dtréimhse ar bith eile agus scór aimsithe ag 13 imreoir ar fad. Tom Monaghan is minice a d’aimsigh an sprioc agus ceithre phointe cláraithe aige agus ba é an cúl a d’aimsigh Conor Cooney in am cúitimh a chuir barr maise ar thaispeántas foirne den scoth.

Chuir an rabharta scórála sin sa gcéad chuid den dara leath agus Gaillimh ocht bpointe chun cinn agus 20 nóiméad fanta, 1-22 in aghaidh 1-14. Laghdaigh Corcaigh an bhearna go dtí sé phointe sular cuireadh amach Fitzgibbon, an dara cárta buí faighte aige nuair a rinne a chamán teagmháil le clogad Ronan Glennon, ach níor éirigh le Corcaigh an bhearna a laghdú tuilleadh. D’fhéadfadh críoch dhifriúil a bheith ar an gcluiche dá mbeadh cúl aimsithe ag Shane Barrett sa 64ú nóiméad ach rinne cúl báire na Gaillimhe Darach Fahy an-sábháil chun an iarracht íseal a choinneáil amach.

Bhí scrios á dhéanamh ag Brian Hayes  sa gcéad leath ach theip ar Chorcaigh aon seans ceart a chruthú dó sa dara leath agus ba é Barrett an t-aon tosach eile a raibh aon ghearradh faoi agus Corcaigh cloíte ag cosaint dhíograiseach na Gaillimhe. Ba mhinic go raibh ar na Corcaígh casadh timpeall agus dul siar agus buíon cosantóirí ó Ghaillimh ag tabhairt fúthu. Mar bharr ar an donas,  thréig scileanna na gCorcaíoch iad agus iad faoi bhrú.

Cheap mórán, muintir na Gaillimhe ina measc, go raibh bliain nó dhó eile ag teastáil d’ógánaigh na Gaillimhe sular mbeadh siad in ann ag lá chomh mór i bPáirc an Chrócaigh ach chabhraigh fuinneamh na hóige go mór leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair ó 2018.

Ní raibh duine de na déagóirí, Aaron Niland, go hiomlán istigh leis féin ach bhí a leathbhádóir sa líne lántosaithe, Jason Rabbitte, ar fheabhas ar fad. Bíonn ualach mór le hiompar ag Rabbitte i gcóras imeartha na Gaillimhe agus é go minic ina aonar gan aon chúnamh sa líne lántosaithe. Chruthaigh sé deacrachtaí do líne lánchúil Chorcaí ó thús go deireadh tráthnóna. Bhí ar Chorcaigh Damien Cahalane a bhaint den pháirc ag leath ama agus cárta buí bronnta air agus é ag iarraidh greim a fháil ar Rabbitte agus taispeánadh cárta buí eile do Sheán O’Donoghue as feall a rinne sé ar fhear mór Bhaile Átha an Rí. Trí cinn de phointí a scóráil Rabbitte agus feall déanta air do thrí phoc saor eile a shlánaigh Gaillimh.

Agus Corcaigh mar rogha láidir na coitiantachta, bhí tús maith ag teastáil ó Ghaillimh agus b’in díreach a fuaireadar. Rinne Joshua Ryan, a tugadh isteach ar an bhfoireann in áit Rory Burke, an-obair chun seilbh a bhuachan 30 slat amach óna chúl féin, chuaigh Gaillimh ar an bhfrithionsaí agus fuair  Tom Monaghan an chéad scór den chluiche théis 50 soicind.

Chuir Aaron Niland, le poc saor, agus Cathal Mannion, le hiarracht iontach ón taobhlíne, Gaillimh 0-3 in aghaidh 0-0 chun cinn go luath ina dhiaidh sin agus cé gur tháinig Corcaigh ar ais le dhá scór ó Shane Barrett agus Brian Hayes, bhí an ghaoth go láidir i seolta na Gaillimhe nuair a bhain Darragh Neary croitheadh as an eangach sa séú nóiméad. Thug Conor Whelan an pas do Neary, a ghearr isteach ó thaobh Ardáin Uí Ógáin le críoch shlachtmhar a chur leis an ngluaiseacht. Fuair  Jason Rabbitte sárphointe chun Gaillimh a chur 1-4 in aghaidh 0-2 chun tosaigh.

Ba léir go raibh an gortú glúine a bhain dó i gcluiche ceannais Laighean ag cur isteach go mór ar Dháithí Burke áfach agus níl aon fhear níos fearr ná Brian Hayes chun leas a bhaint as a leithéid. Faoi dhó sa gcéad leath, bhain Hayes tuisle as fear an Turlaigh Mhóir chun scóranna a fháil agus seacht gcinn de phointí aimsithe.

Fiú agus an tús maith sin curtha ag Gaillimh leis an gcluiche, bhí an baol ann go n-imeodh Corcaigh as radharc roimh leath ama. D’aimsigh Alan Walsh cúl den scoth chun iad a chur chun tosaigh den chéad uair sa 24ú nóiméad, 1-9 in aghaidh 1-7, agus bhí an bhearna méadaithe go dtí cúig phointe faoin 30ú nóiméad le pointí ó Hayes (2) agus Fitzgibbon.

Rinne Jason Rabbitte sár-obair chun cúpla poc saor a bhuachan agus scór a aimsiú é féin roimh leath ama chun Gaillimh a thabhairt ar ais sa gcoimhlint agus choinnigh na scóranna orthu ag teacht sa dara leath.

Corcaigh: P Collins; N O’Leary, D Cahalane, S O’Donoghue; E Downey, R Downey, M Coleman; T O’Mahony, T O’Connell; D Fitzgibbon (0-2), S Barrett (0-3, 1ps), D Healy (0-1); A Walsh (1-0), A Connolly (0-4, 3ps), B Hayes (0-7). Fir Ionaid: C O’Brien in áit Cahalane (leath ama), R O’Flynn for O’Connell (48 nóim), W Buckley (0-1) in áit Connolly (50 nóim), B Walsh (0-1, 1ps) in áit A Walsh (52 nóim), G Mellerick in áit E Downey (61 nóim)

Gaillimh: D Fahy; J Ryan, D Burke, D Morrissey (0-1); P Mannion (0-1), C Trayers, R Glennon (0-3); T Killeen (0-1), G Lee (0-2); T Monaghan (0-4), C Mannion (0-3, 1ps), D Neary (1-0); C Whelan (0-3), J Rabbitte (0-3, A Niland (0-3, 3ps). Fir Ionaid: C Daniels in áit P Mannion (15-16 nóim), C Cooney (1-1) in áit Niland (47 nóim), C Daniels in áit Ryan (56 nóim), J Fleming (0-1) in áit Killeen (62 nóim), B Concannon in áit Lee (67 nóim), S Linnane in áit Neary (70+1 nóim).

Réiteoir: Johnny Murphy (Luimneach)

 

Fág freagra ar 'Gaillimh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus cliste ar Chorcaigh arís'