Leis na blianta fada anuas, ba ghnách gurbh é Baile Átha Cliath an t-aon rogha amháin mar áit le gnó a lonnú in Éirinn. Is ann a bhí an bonneagar, na daoine cumasacha agus an rochtain comhchruinnithe. Tá an tsamhail sin faoi bhrú anois, áfach. Tá athmheasúnú ag teastáil, mar gheall ar chostais mhéadaithe, plódú agus iomaíocht do na daoine cumasacha sin. Tá Contae Laoise in áit mhaith chun freagairt don athrú sin.
Tá InvestLaois seolta ag Comhairle Contae Laoise, ar feachtas spriocdhírithe é sin a ceapadh chun cás soiléir atá bunaithe ar fhianaise ar son na hinfheistíochta a chur chun cinn. Ní hé is cuspóir dó Contae Laoise a shuí mar rogha mhalartach, ach é a chur chun cinn mar rogha láidir tráchtála ann féin – toisc gur contae é atá nasctha go maith, a bheidh éifeachtach ó thaobh costais de agus ina mbeifear ábalta fás a chothú.
Is ríshoiléir na buntáistí fisiciúla a bhaineann leis an gcontae. Tá sé suite ag acomhal mhótarbhealaí an M7 agus an M8 agus tá nascacht iarnróid den scoth i gceist ann, rud a chuireann rochtain dhíreach ar fáil ar Bhaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge. Ó Phort Laoise, is féidir teacht chomh fada le leath de dhaonra na hÉireann laistigh de 90 nóiméad, rud a fhágann go mbeadh sé ina bhunáit phraiticiúil d’oibríochtaí náisiúnta.
Is é an lucht saothair, áfach, an buntáiste is suntasaí atá ann.
Léirítear i Suirbhé ar Chomaitéirí a rinneadh i Márta 2026 go bhfuil linn mhór tallainne sa chontae cheana féin nach bhfuil leas iomlán á bhaint aisti i láthair na huaire. Ghlac 1,650 duine páirt sa suirbhé, nach raibh iontu ach sciar fíorbheag den thart ar 13,000 cónaitheoir i gContae Laoise atá ag taisteal amach as an gcontae don obair faoi láthair.
Lucht Saothair atá Múnlaithe ag Srianta
Tá cáilíochtaí tríú leibhéal ag 68% de na comaitéirí sin agus tá siad fostaithe in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear an innealtóireacht, an cúram sláinte, earnáil an airgeadais, an teicneolaíocht, an déantúsaíocht agus earnáil an oideachais. Ní hé a rogha é a bheith ag obair mar sin, ach patrún é a mhúnlaítear ag srianta. Thart ar uair an chloig agus cúig nóiméad is fiche atá an meán-am taistil aon bhealaigh, agus tugann 81% de na freagróirí le fios gurbh fhearr leo a bheith ag obair níos gaire don baile.
Tá an bhearna idir an áit a bhfuil daoine ina gcónaí agus an áit a n-oibríonn siad ag éirí níos suntasaí. Ní hamháin gur léiriú é sin ar éileamh gan sásamh ar fhostaíocht áitiúil, ach is léiriú freisin é ar dheis struchtúrach d’fhostóirí freisin.
“Baineann sé seo ar fad le hinfhaighteacht Laoise mar áit chun infheistíocht a dhéanamh, gnó a fhorbairt agus fás a bhaint amach,” a deir Michael Rainey, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Laoise.
Ní hamháin go bhfuil an lucht saothair ann, ach tá taithí acu, tá siad soghluaiste agus tá siad spreagtha. I gcás fostóirí, fágann sé sin gur lú an riosca earcaíochta atá ann agus gur mó an chinnteacht atá ann. Trí fáil a bheith ar lucht saothair atá fréamhaithe sa réigiún cheana féin, giorraítear an próiseas earcaíochta agus tacaítear le pleanáil níos cobhsaí i dtaca leis an lucht saothair.
Neartaítear an buntáiste sin tuilleadh mar gheall ar a n-inoiriúnaitheacht. Tuairiscíonn níos mó ná leath de na freagróirí go mbíonn siad ag obair ó chian nó go hibrideach go pointe áirithe, atá ina léiriú ar inniúlacht dhigiteach agus solúbthacht ar fud earnálacha éagsúla.
Tá an bonneagar riachtanach ann cheana féin chun tacú leis an deis seo. Tá an Pháirc Náisiúnta Fiontraíochta ag Acomhal 17 ina bunachar talún seirbhísithe, atá suite go straitéiseach agus a bhfuil acmhainn inti don fhiontraíocht, lóistíocht, déantúsaíocht agus seirbhísí gairmiúla. Léirítear a thábhachtaí atá sí leis an infheistíocht atá déanta ag GFT Éireann, a bhfuil talamh breise faighte aige ar an láthair.
“Tá talamh fostaíochta ar fáil anseo in áit atá seirbhísithe, dea-nasctha agus a fhaigheann tacaíocht ó na príomhpháirtithe leasmhara uile i bhforbairt fiontraíochta in Éirinn,” arsa Rainey. “Tá an bonneagar anseo cheana féin, agus tá lucht saothair ardoilte, an-spreagtha ina gcónaí cúpla nóiméad ón suíomh seo agus iad réidh le dul i mbun oibre.”
Nuair a chuirtear na gnéithe seo le chéile, is tairiscint shimplí í. I gContae Laoise, tá nascacht lárnach, talamh atá ar fáil agus lucht saothair oilte atá sa cheantar cheana féin ach a bhfuil tearcleas á bhaint acu go háitiúil. I margadh saothair atá ag éirí níos rite, is buntáiste é seo atá ag éirí níos deacra a aimsiú in áiteanna eile.
Ní cás teoiriciúil é an cás ar son Chontae Laoise. Tá sé bunaithe ar bhonneagar atá ann cheana féin agus ar sholáthar lucht saothair ar léir é a bheith ann. Ní hé go bhfuil na coinníollacha atá riachtanach don infheistíocht fós á bhforbairt – tá siad ann cheana féin.
Ní hí an cheist a thuilleadh cibé an féidir le Laois tacú le fás gnó.
Is í an cheist anois ná an aithneoidh gnólachtaí an deis atá os a gcomhair.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar InvestLaois.ie.
Cómhaoiníonn Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach InvestLaois trí Chlár an Chiste um Aistriú Cóir, 2021–2027.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Láthair Níos Oiriúnaí don Fhás'