‘Níor thuig mé i gceart riachtanais mhuintir na Gaeltachta sa tseirbhís sláinte go dtí go bhfaca mé féin iad’

Léiríonn taighde úr gur féidir cúram níos fearr a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta nuair a thuigtear a gcultúr agus a dteanga dhúchais

‘Níor thuig mé i gceart riachtanais mhuintir na Gaeltachta sa tseirbhís sláinte go dtí go bhfaca mé féin iad’

Is féidir “torthaí sláinte níos fearr” a bhaint amach do phobal na Gaeltachta má bhíonn tuigbheáil níos fearr ag an fhoireann sláinte a bhíonn ag tabhairt aire dóibh ar a gcultúr agus a dteanga, de réir taighde úr.

Deirtear sa taighde go bhféadfadh easnaimh a bheith sa chúram a fhaigheann othair i gceantracha Gaeltachta mar gheall ar dhroch-chumarsáid idir othair agus an fhoireann chliniciúil.

Is í Cassandra Uí Ghogáin, stiúrthóir altranais seirbhísí do dhaoine aosta le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i nDún na Gall agus banaltra a bhíonn ag obair i nGaeltacht Dhún na nGall, a thug faoin taighde mar chuid de chéim mháistreachta san altranas in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.

Dúirt Uí Ghogáin le Tuairisc, gur thug sí faoin taighde seo mar go bhfaca sí an “luach” a bhain leis an Ghaeilge d’othair áirithe a bhí faoina cúram agus gur shíl sí nach raibh mórán taighde déanta ag duine ar bith ar an ábhar.

Nuair a thosaigh Uí Ghogáin ag obair in ospidéal i nGaeltacht Dhún na nGall d’aithin sí go raibh othair níos sine, go háirithe othair a raibh néaltrú orthu, “iontach buartha” agus “caillte” nuair a bhí an fhoireann chliniciúil ag labhairt i mBéarla leo agus go dtáinig “suaimhneas orthu” nuair a chuala siad an Ghaeilge.

Agus í i mbun a cuid oibre, dúirt sí go bhfaca sí othair “nár thuig rud ar bith a bhí an dochtúir ag rá” leo faoina gcuid sláinte agus othair nár thuig fiú “cad a bhí ar an bhiachlár” le hithe. “Chuir sé brú orthu” agus bhí an baol ann go dtiocfaidh leis “cur isteach ar a sláinte,” a dúirt sí.

“Níor thuig mé i gceart riachtanais mhuintir na Gaeltachta sa tseirbhís sláinte go dtí go bhfaca mé féin iad.

“Bhí sé iontach deacair eolas sláinte a fháil i nGaeilge, fiú sa Ghaeltacht. Chuir sé sin ag smaoineamh mé ar an dóigh a bhfeictear [ar] riachtanais chultúrtha mhuintir na Gaeltachta sa tseirbhís sláinte ar fud na tíre.”

Agus a cuid taighde críochnaithe aici, dúirt sí go bhfuair sí amach go dtéann teanga agus sláinte “taobh le taobh do dhaoine ón Ghaeltacht,” agus go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge “a aithint agus meas” a léiriú uirthi le cúram maith a thabhairt do dhaoine.

Thug sí le fios gur féidir “torthaí sláinte níos fearr” a bhaint amach d’othair ón Ghaeltacht nuair atá eolas ag an fhoireann chliniciúil ar a gcultúr agus nuair atá siad ábalta na difríochtaí atá ann i gcomparáid le cultúir eile a thuigbheáil mar is ceart.

D’fhéadfadh sé tarlú, “nach dtuigfidh siad [na hothair] a bplean cóireála nó na roghanna atá acu,” a dúirt sí.

Dúirt sí go mbíonn sé níos deacra ar dhaoine atá ag dul in aois “an dara teanga” a thuigbheáil agus go gcaithfidh gach duine iad féin “a chur in áit mhuintir na Gaeltachta” faoin dóigh a mhothaíonn siad nuair nach bhfuil cúram ar fáil i gcónaí “ina dteanga féin.”

“Má tá an fhoireann ar an eolas faoi na riachtanais seo, is féidir leis difear mór a dhéanamh d’eispéireas an duine sa tseirbhís sláinte agus dá shláinte.”

Cé go bhfuil feabhas áirithe tagtha ar chúrsaí i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ó thaobh na Gaeilge de dar le Uí Ghogáin, dúirt sí go bhfuil “cuid mhór oibre” le déanamh go fóill.

“Tá polasaithe úra ag an HSE faoin Ghaeilge agus tá feabhas ag teacht [ar chúrsaí], ach tá cuid mhór oibre le déanamh go fóill. Tá rudaí simplí gur féidir le daoine sa tseirbhís sláinte a dhéanamh.”

Dúirt Uí Ghogáin, gur fiú ateangaire a lorg más rud é go bhfuil sé de dhíobháil agus go gcaithfear na ceisteanna a chuireann an fhoireann chliniciúil ar othair i gceantracha Gaeltachta a athrú.

B’fhearr i bhfad, “cad í do chéad teanga?” a rá in áit “cén teanga a labhraíonn tú?” nuair atá an fhoireann chliniciúil ag labhairt le hothair.

Dúirt sí nár cheart go bhfaigheadh muintir na Gaeltachta “cúram sláinte níos measa” cionn is gurb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais.

‘Cultural sensitivity concerning the Gaeltacht people of Ireland – A concept analysis’ is teideal don taighde úr a foilsíodh san irisleabhar Health Policy,

Fág freagra ar '‘Níor thuig mé i gceart riachtanais mhuintir na Gaeltachta sa tseirbhís sláinte go dtí go bhfaca mé féin iad’'