Cluinim fós an ceol. Big Tom agus é ligthe amach. Amhráin mhalla de réir mar a bhíothas ag dul amach níos doimhne san oíche. D’éalaíodh corrfhocal trí bhearnaí sna fuinneoga; ach ní raibh uait ach gaoth an fhocail, shamhlaigh tú na cúplaí ar an urlár, na soilse ornáideacha, dathanna agus dathúlacht na hoíche. Ó nár bhreá a bheith ann! Deamhan neart a bhí air. Cruóg na maidine, nó cruóg sa bpóca – nó b’fhéidir an dá rud. Ach bheadh oíche eile ann.
An National Ballroom ar Chearnóg Pharnell i gceartlár Bhaile Átha Cliath.
Bhí an ‘National’ buailte ar chúl an tí lóistín a raibh muid ag fanacht ann. Seisear sa seomra. Fothram na haimsire sna fuinneoga, bolg ar na pánaí dá mbeadh teannadh ar bith leis an ngaoth, agus goimh dá réir san aer. Ach bhí an ceol ag éalú isteach ón National. By dad ach bheadh oíche eile ann!
Sa gcomhaireamh uilig, bhí thart ar cheithre fhear déag ag fanacht san ‘Stad’ ar Shráid Fhreidric Thuaidh i lár na cathrach. Déagóirí agus fir óga –den chuid ba mhó – agus duine nó beirt a bhí meánaosta. Ba as ceantracha tuaithe na hÉireann chuile dhuine acu agus a bhformhór gafa le hobair thógála, nó ceird éigin a bhain léi. Teach tuaithe i gcroílár na cathrach.
Ba as Tiobraid Árainn bean an tí, agus ba as Loch Garman fear an tí, Larry agus Mary Walsh. Bhíodar beirt an-dílis dá gcontaetha dúchais agus ba í an iomáint ba ghaire dá gcroíthe.
Ba nós linn sa samhradh a dhul amach go Páirc an Fhionnuisce leis an tráthnóna a chaitheamh ag imirt peile faoi scáth an Wellington Memorial. Na fir óga a bhí ag plé leis an obair thógála, sílim gur cheapadar gurbh fhéidir mé féin – leaid oifige – a chur de mo bhuille le cúpla gualainn chrua. Chaithfeadh nár thuigeadar (nó go raibh sé rómhall) gur tógadh mé le hobair phortaigh, iompar málaí móna, ag rith ionann is trí mhíle cosnocht ón scoil agus saol treampánach Chonamara. Ach ní raibh aon mhailís ann. Leaideanna óga. Théadh muid chuig an ‘National’ in éindí ina dhiaidh sin. Pé ar bith áit ar thug an saol iad, sé mo ghuí go raibh – agus go bhfuil – rath agus sonas orthu
Chruinníodh muid thimpeall ar thine ghuail sa ngeimhreadh agus bhíodh an-chur síos ag na leaids ar an taobh tíre sin acu féin. Bhí seanfhear amháin ann agus tá a fhios agam gur Sam an t-ainm a bhí air, Baile Átha Cliathach agus eolas aige ar an gcathair. D’fhan sé i mo chuimhne gur inis sé dúinn go raibh muid i dteach stairiúil. Meas tú ar thug muid mórán airde air? Bhí sé tamall blianta sula raibh caitheamh ina dhiaidh agam gurbh í an chluas bhodhar a fuair Sam bocht.
Tógadh an ‘An Stad’ thart ar 1805. Cheannaigh Cathal Mac Gairbhí, an fear a scríobh ‘The Star of the County Down’, an teach gar do dheireadh an ochtú céad déag agus múnlaíodh ‘An Stad’ mar theach lóistín, bialann agus siopa. Dhíoltaí alcól ann. Leag Mac Gairbhí béim ar an nGaeilge agus ar an oidhreacht Ghaelach, fiú cuireadh coróin fíneála air faoin ainm Gaeilge. Ionad comhluadair agus díospóireachta a bhí ann agus bhíodh Micheál Ó Coileáin, Dubhghlas de hÍde, Micheál Ó Ciosóg, W.B. Yeats, James Joyce, Art Ó Gríofa agus náisiúnaithe eile ann. Dhíol Mac Gairbhí ‘An Stad’ i 1905 ach choinnigh bean as Tiobraid Árainn, Máire Gleeson, an traidisiún Gaelach agus náisiúnach ag imeacht, ar feadh i bhfad.
Is díol spéise é nach dtaobhódh Pádraic Mac Piarais ‘An Stad’ mar gur shíl sé nach raibh ann ach cineál síbín a raibh daoine óltacha ag cur tobac go spéir ann agus ag seafóid chainte!
Tá ‘An Stad’ ag titim as a chéile anois agus é tógtha ar láimh ag Comhairle Cathrach Bhaile átha Cliath.
Tuige nár thug muid aird ar Sam bocht?
Ní raibh a fhios againn níos fearr. Níor thuig muid go raibh muid i dteach ina ndearnadh plé ar Éirí Amach 1916, agus ar shaoirse na hÉireann.
An óige – níor chualamar ach ceol na hoíche ag imeacht leis an ngaoth as an National Ballroom agus, scaití….. cluinim fós é.
Fág freagra ar '‘An Stad’, an stair agus an scéal nár éist muid leis'