Thaispeáin aitheasc Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ar Staid an Aontais gur idir an seachmall agus amaidí atá an tAontas Eorpach.
Cé gur chuir Parlaimint na hEorpa fáilte mhór roimh a moladh go dtabharfaí Ballraíocht Chomhlach san Aontas Eorpach do Cheanada, is amaidí ó thús deireadh é.
Ar an gcéad dul síos, níl a leithéid de rud ann agus ballraíocht chomhlach faoi na conarthaí mar atá siad faoi láthair. Agus ar an dara dul síos, tá deich mballstát, Éire ina measc, nach bhfuil fiú tar éis an comhaontú trádála atá ann cheana le Ceanada, CETA, a dhaingniú.
Ach má thug von der Leyen isteach leibhéal nua seachmaill, chuaigh Feisire Eorpach na hÉireann, Seán Ó Ceallaigh, céim níos faide le moladh gur cheart an bhallraíocht chomhlach neamhbhunaithe seo a thabhairt don Nua-Shéalainn agus don Astráil freisin.
Céard go díreach atá i bpáirt ag an dá stát seo linne nó lena chéile? Bhuel, tá an Béarla á labhairt sa dá áit agus bhí siad araon ina gcuid d’Impireacht na Breataine. Luachanna i gcoiteann?
Níl tuairim ag duine ar bith – von der Leyen ina measc – céard a bheadh i gceist le ballraíocht chomhlach. Rochtain Cheanada ar an margadh aonair, b’fhéidir. Ach an gcuirfeadh a leithéid as do bhallstáit áirithe atá faoi bhrú cheana sa margadh? An Ghearmáin, mar shampla.
Nó, an mbeidh Ceanada taobh amuigh den phlé faoi bhunú ollstáit a mbeadh polasaí eachtrach agus polasaí cosanta amháin aige? Ach nach é sin an luach atá i gcoitinne ag Ceanada leis an AE?
Ní shin le rá, áfach, nach cóir ballraíocht chomhlach a chruthú. Ar bhealach tá rud cosúil léi cheana ag an Iorua agus ag an Íoslainn, a thug droim láimhe le moladh go gcuirfí tús arís le cainteanna faoi bhallraíocht iomlán.
Ar deireadh thiar, nuair a chuaigh muide isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (mar a bhí ag an am i 1972) ní raibh ach comhoibriú eacnamaíochta is trádála i gceist. Rinneadh ceap magaidh díobh siúd a thug rabhadh go raibh aontas le comhpholasaí eachtrach is cosanta ar na bacáin.
Ach sin mar a tharla. Tá muid róbheag le tionchar fiúntach ar bith a bheith againn sna cainteanna leis na brúideanna móra. Ach tá ceannas mar stát géillte againn, agus taoiseach na linne, Micheál Martin, ar a dhícheall muid a dhlúthú le fiontair mhíleata an Aontais.
B’fhéidir go mbeadh muid níos fearr as le socrú cosúil leis na cinn atá ag an Iorua is ag an Íoslainn: saor ar fad ó cúrsaí míleata, an seachmall faoi ról na hEorpa i stiúradh an domhain agus saor ó shrianta an euro ar íoc muid go daor astu aimsirana géarchéime airgeadais. Ár gcearta iascaigh ar ais againn mar atá sa dá thír sin, ach rochtain againn ar an margadh aonair, ar na “buntáistí geilleagracha” a gcreideann an oiread sin daoine iontu.
Sa chás sin bheadh muid saor le stop a chur láithreach le trádáil le hIosrael an chinedhíothaithe, agus saor le conarthaí trádála dár gcuid féin a dhéanamh le Meiriceá, leis an tSín, leis an Domhan Theas agus leis an Rúis.
Ach ní féidir le Martin, nó le páirtithe an rialtais, smaoineamh ar aon rud seachas an tAontas. Agus de réir mar a théann an long sin go tóin poill, agus, i bhfianaise an chúlaithe eacnamaíochta atá i ndiaidh an Ghearmáin a bhualadh, tá an long ag dul síos, agus muide in éineacht léi.
Mar is eol dúinn go léir tá muid ag fulaingt de dheasca praghas ard an bhreosla, inár saol pearsanta agus sa gheilleagar. Cuirtear an milleán ar na cogaí san Úcráin agus san Áise Thiar, ach is d’aon ghnó a chinn an Eoraip gan gás is ola shaor ón Rúis a cheannach agus gás daor a fháil ó Mheiriceá ina ionad.
D’fhan an Eoraip ciúin nuair a phléascadh líne gháis Nordström. Caithfear, a deir siad, seasamh leis an Úcráin chomh fada is a bheidh riachtanach nuair tá a fhios ag madraí na sráide go bhfuil an Úcráin buailte.
Muide atá ag íoc i gcónaí as seo le praghsanna arda agus brú mór eacnamaíochta.
Bhí na smachtbhannaí is gearradh na nasc leis an Rúis in ainm is dochar a dhéanamh don gheilleagar Rúiseach. Ach tá an Rúis níos láidre ná riamh, agus an Eoraip bhocht tréigthe ag Meiriceá agus tá an Domhan Theas ag magadh fúithi agus í cloí go truamhéalach leis an seachmall go bhfuil siad ina máistrí i gcónaí, ar chuma a gcuid impireachtaí tráth.
Scaoil chugainn Ceanada mar bhall comhlach!
Fág freagra ar 'Amaidí an chaint faoi Cheanada a bheith ina bhall comhlach den AE, ach muide atá thíos leis an scigdhráma'