Is san Algarve a bhí mé nuair a chuaigh an Phortaingéil agus an Spáinn chun spairne ar chuibhreann na caide i gCorn an Domhain. Bhí bunadh an bhaile bhig a raibh mé ag stopadh ann ag caitheamh gheansaí a dtíre agus mórán acu sin le huimhir Ronaldo ar a ndroim acu. D’ith siad sna bialanna áitiúla le chéile, clann agus cairde cruinn le chéile, dóchas acu go mbeadh an bhua acu an iarraidh seo, go dtógfadh a bhfoireann náisiúnta Corn an Domhain den chéad uair ariamh.
Chun na dtábhairní áitiúla a chuaigh siad, láithreacha na dteilifíseán, ina dhiaidh sin. Tá an cumas sa teilifíseán na sluaite a tharraingt le chéile go fóill ar ócáidí domhanda spóirt den tsórt seo. Fágann daoine só an iPhone aonair ina ndiaidh agus lorgaíonn siad, d’aon turas, cuideachta agus comhluadar, an slua sacair, bunadh an bháil. Tig siad le chéile ar an láthair phoiblí, mar phobal, agus aon phaidir amháin acu – bua!
Labhrann cara le coimhthíoch. Déantar dearmad nach bhfuil aithne agat ar an duine atá ina sheasamh taobh leat. Saineolaí sacair atá sa strainséir sin anois; cuid den mheitheal s’agatsa; cuartaíonn tú comhairle agus eolas agus faoiseamh le linn an bhálchatha. Anamchara? Ní hea ach achrannchara, an té a sheasann leat sa bhearna bhaoil a fhad agus atá sibh i seirbhís bhur dtíre.
Níl cúl ar bith ann sa chluiche seo idir an Phortaingéil agus an Spáinn. Méadaíonn ar an chaint, ar an tuairimíocht, ar an eagla. An bál suas anuas an pháirc gan éifeacht. Ní hann don draíocht, don bhomaite sin a scaoileann an t-áthas as an chléibh. 90 nóiméad. 0-0. Imní ag méadú. Teannas ag teannadh. Agus ansin, an buille feille, an buille marfach. 91 nóiméad agus aimsíonn an Spáinn cúl. Imíonn an t-anam as an phobal ar fad. Tá a rás rite. Tá a fhios acu go bhfuil. Díomá agus anáil agus Angst á scaoileadh chun na spéire.
Tá scéal an chomórtais seo scríofa.
(Aithneoidh gach aon duine a leanann foireann de shórt ar bith an nóiméad sin. Beidh sáraithne ag lucht CLG ar an nóiméad sin, faoi na seanrialacha ach go háirithe, an crá a chríochnaíonn an cluiche, an cúilín a bhriseann do chroí. Fear Manach v Ard Mhacha, 2004, cluiche ar comhscór agus an cluiche ag teacht chun deiridh. Beidh scáil díom sna seastáin i bPáirc an Chrócaigh go deo ag scairteadh: “Don’t let him shoot! Don’t let him shoot!”
Ach bíodh is go bhfuil an cumas sa teilifíseán an pobal a mhealladh go fóill, ní dóigh liom go bhfuil an cumas céanna sa phainéal cainte daoine a spreagadh. Is maith is cuimhin leis an scríbhneoir seo cuid d’agallaimh Dunphy ar RTÉ le linn ré Jack, an fhearg a bhí ar Dunphy go minic faoi chur chuige Charlton agus a fhoireann. Ba iad a bhí teasaí.
Ní dóigh liom go bhfuil lucht teilifíse chomh géar sin anois. Caithfidh tú dul ar YouTube leis an díospóiracht theasaí a aimsiú. Beidh aithne ag lucht leanúna Man U ar Mark Goldbridge agus a chainéil, The United Stand agus That’s Football. Tráchtaireacht ghéar amh a bhíonn go minic aige. Ní ligeann sé air féin go bhfuil sé ‘neodrach’; is é Man U a fhoireann agus sin a bhfuil de.
Ag tacú le Sasana a bhí sé le linn Chorn an Domhain agus bhí sé i mbun tráchtaireachta beo ar an chluiche idir Sasana agus an Airgintín. Bhí gach aon mhothúchán beo le feiceáil ar a aghaidh le linn an chluiche sin agus theip ar fad ar a mhisneach nuair a chaill Sasana an cluiche sna bomaití deiridh. Tuigeann tú dó.
Agus, a Thiarna, an fhearg, an díomá, an phian, an t-éadóchas a tháinig as a bhéal ina dhiaidh sin, é ar mire le bainisteoir Shasana, Tuchel, as a chuid roghanna agus teaicticí. Gonta go croí a bhí sé. Sin bua YouTube, gan amhras, glór a thabhairt do chosmhuintir na caide, don duine aonair, don té nár imir peil ariamh ach a bhfuil a chroí agus anam istigh sa chluiche ina ainneoin sin.
Ar scáileán a chéile a mhaireann na daoine.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Ar scáileán a chéile a mhaireann na daoine…'