Tá aird le tarraingt ar “dheiseanna oideachais agus gairme Gaeilge” ar leagan athchóirithe den suíomh SaolOibre.ie agus infheistiú €686,340 fógartha ag an Aire Gaeltachta Dara Calleary leis an suíomh a “athfhorbairt mar ardán náisiúnta gairmthreorach nua-aimseartha cothrom le dáta trí Ghaeilge”.
Caithfear an deontas thar thréimhse ceithre bliana le hathchóiriú a dhéanamh ar an ardán reatha agus “zón ar leith” a bheith tiomanta do na deiseanna oideachais agus gairme Gaeilge.
Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil an suíomh le hathchóiriú “mar chuid de shraith níos leithne gníomhartha feasachta” atá á ndéanamh acu lena chinntiú go bhfuil daoine ar mian leo a gcuid scileanna Gaeilge “a úsáid nó a fhorbairt” ar an eolas faoi na “hiliomad deiseanna agus bealaí éagsúla atá ar fáil dóibh”.
Maíonn an Roinn go dtacóidh an suíomh nua le sprioc an Rialtais go mbeidh “Gaeilge inniúil” ag 20% díobh siúd a earcaítear chuig comhlachtaí poiblí faoi dheireadh na bliana 2030 – sprioc a bhfuil amhras go leor caite uirthi ag lucht feachtais agus ag Teachtaí Dála an rialtais féin in imeacht na mblianta.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Naoise Ó Muirí ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais an mhí seo caite go raibh an chuma ar an scéal go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun oibrithe sa státseirbhís a spreagadh le cúrsaí Gaeilge a dhéanamh.
Ag tús na bliana seo, dúirt oifigigh de chuid an Údaráis um Ardoideachas go mbeadh cur chuige “radacach” ag teastáil chun dóthain céimithe tríú leibhéal Gaeilge a sholáthar don tseirbhís phoiblí chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach.
Dúirt an tAire Calleary go bhfuil “deis iontach” anois ag an Rialtas na deiseanna atá ar fáil don chainteoir Gaeilge a léiriú don mhórphobal.
“Is mór agam go bhfuil ar chumas mo Roinne tacú leis an tionscadal seo agus é ag freagairt go díreach do ghníomhartha an Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028.
“Le breis is dhá mhilliún cuairteoir ar shuíomh Careersportal gach bliain, tá deis iontach againn anseo anois na deiseanna nua-aimseartha agus tarraingteach uile atá ar fáil le Gaeilge a chur ar shúile an mhórphobail, idir oideachas agus fostaíocht,” a dúirt sé.
Dúirt an tAire go gcinnteoidh an leagan athchóirithe den suíomh go mbeidh daoine óga agus na múinteoirí gairmthreorach a chuireann comhairle orthu faoi na deiseanna oibre agus oiliúna atá rompu “ar an eolas faoi na bealaí éagsúla go léir is féidir teagmháil a choinneáil leis an teanga tar éis na scoile” agus faoin “mbua sa bhreis” a bheidh acu má bhíonn scileanna Gaeilge acu.
Dúirt Eimear Sinnott, stiúrthóir an tsuímh CareersPortal, an leagan Béarla de SaolOibre, gur “acmhainn shuntasach” a bheidh sa suíomh athchóirithe agus go mbeidh sé ina “eiseamláir i dtaobh eolas faoi ghairmeacha a chur ar fáil”.
“Beidh SaolOibre ag feidhmiú mar acmhainn ilfhreastail, ag cur eolais ar fáil agus ag tabhairt inspioráid dóibh siúd atá ag smaoineamh ar a bheith ag staidéar nó ag obair trí Ghaeilge.
“Beidh an t-ardán nuálach seo ina eiseamláir i dtaobh eolas faoi ghairmeacha a chur ar fáil. Beidh sé mar olltacaíocht chomh maith dóibh siúd atá i mbun taighde agus iad ag iarraidh conairí oideachais agus deiseanna gairme a aithint inar féidir leo an Ghaeilge a úsáid,” a dúirt sí.
Tá an suíomh á fhorbairt i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), eagraíocht a chuirfidh 25% den mhaoiniú ar fáil don togra. Dúirt príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa go gcuirfidh an tionscadal “go mór” le misean a heagraíochta agus le “cur chun cinn an oideachais trí mheán na Gaeilge”.
“Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh rochtain ag foghlaimeoirí, múinteoirí agus teaghlaigh ar fhaisnéis chuimsitheach, nuashonraithe maidir le deiseanna gairme agus oideachais trí Ghaeilge.
“Tríd an gcomhpháirtíocht seo le CareersPortal agus leis an Roinn, beimid in ann ardán láidir nuálaíoch a chur ar fáil a thacóidh le scoláirí a gcuid roghanna a fhiosrú agus a gcuid spriocanna gairme a bhaint amach trí mheán na teanga. Creidimid go gcuideoidh an tionscnamh seo le feasacht a ardú ar na deiseanna atá ar fáil agus le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge mar theanga bheo i saol an oideachais agus na hoibre araon,” a dúirt Ní Fhearghusa.
Fág freagra ar 'Breis is €680,000 le hinfheistiú i SaolOibre.ie le haird a tharraingt ar dheiseanna gairme Gaeilge'