Ciarraí agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar a chéile ar Dhomhnach Chrom Dubh

Tógfaidh sé rud éigin eisceachtúil nó gníomhartha as an ngnáth ar fad chun a gcéad chraobh le cúig bliana déag is trí fichid a bhuachan do Mhaigh Eo

Ciarraí agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar a chéile ar Dhomhnach Chrom Dubh

Aoinne a deir gur mairg don té a bhíonn ag déanamh deimhin dá ndóchas, níl aon chur amach acu ar scéal Chrom Dubh.

Is mó leagan ann de scéal Chrom Dubh agus is mó dúthaigh go bhfuil sé luaite leo ach nuair atá deireadh scríte agus ráite, is i gcontaetha Chiarraí agus Mhaigh Eo a mhaireann a cháil agus is leis an Leithriúch agus le Ceann Dhún Phádraig sa dá chontae céanna a luaitear i gcónaí inniu é.

De réir an tseanchais ón dtaobh seo tíre, mhair taoiseach sa Leithtriúch fadó agus le linn do Naomh Bréanainn agus a bhráithre a bheith ag tógaint an tsáipéil sa Chlochán ar shleasa thuaidh Chnoc Bréanainn, lorgaíodh síntiús ar Chrom Dubh.

Dúirt Crom Dubh le Bréanainn go bhféadfadh sé a tharbh a bhí ar féarach i nGleann Seanchoirp a bhreith leis mar shíntiús. Bhí a fhios go maith ag Crom Dubh go raibh an tarbh fiáin agus fealltúil agus bhí súil aige go marófaí Bréanainn. Leath a dhá shúil, áfach, nuair a chonaic sé Bréanainn ag ceansú an tairbh agus á bhreith leis go socair ón ngort.

Tháinig straidhn agus gomh ar Chrom Dubh agus d’éiligh sé a tharbh thar n-ais. Bhreac Bréanainn na focail ‘Ave Maria’ ar phár agus dúirt le Crom Dubh gur troime agus gur tábhachtaí an blúire páir ná an tarbh a bhí á bhreith leis aige. Tarraingíodh amach an scála agus chomh siúrálta is atá dhá cheann ar an meá, bhí an pár níos troime ná an tarbh.

Bhí Crom Dubh chomh tógtha leis mar scéal go n-iompaigh sé féin is a threibh ón bpágántacht go dtí’n gCríostaíocht ar an bpointe.

Ní dóigh liom go bhfuil mórán a ghéilleann don seanchas ná d’insint an scéil sin sa Leitriúch ach is é an Domhnach seo Domhnach Chrom Dubh nó Lá an Phátrúin sa dúthaigh agus is é inniu an lá go gcreideann na daoine go dtagann Crom Dubh aníos ón nduibheagán chuchu, go ndeineann págánaigh athuair díobh agus go n-imíonn siad le gealaigh ar feadh seal beag gairid.

Tá macallaí den scéal céanna i gCeann Dhún Pádraig i gcontae Mhaigh Eo ach amháin gurb é Naomh Pádraig atá in áit Bhréanainn agus go bhfuil Crom Dubh díbeartha go Dún Briste ag Naomh Pádraig go Lá an Luain.

Tá an tseachtain tugtha agam ag cuimhneamh ar an ndifríocht idir creideamh is dóchas, idir deimhnitheacht agus diongbháilteacht agus ar an ndifríocht idir bris is bua ar lá chluiche ceannais uile-Éireann.

Níor chuala aon ní san allagar roimis chluiche mór an lae inniu ach daoine ag iarraidh cás a dhéanamh do Mhaigh Eo agus conas go bhféadfaidís a bhfuil scríte agus ráite fúthu a chur siar síos an scornaigh ar lucht a gcáinte.

Bhí a fhios go maith ag bainisteoir Mhaigh Eo, Andy Moran, cad a bhí ar bun aige nuair a dhein sé a phobalbhreith féin i measc lucht na meán cumarsáide coicíos ó shin. Bhí sé ar láimh amháin ag múnlú insint an scéil roimis an lá mór agus ar an láimh eile ag baint na hairde go léir óna fhoireann óg d’fhonn iad a ghríosadh agus a chur ar a suaimhneas ag an am gcéanna. Tá na pleananna ann ach cuimhneamh orthu.

Tá pé argóintí atá déanta ar thaobh Mhaigh Eo le seachtain anuas bunaithe ar dhóchas agus ar an dtuiscint gur fearr síor-ualach ná sár-ualach. Tá a fhios ag Dia go bhfuil scéal Sisyphus inste níos mó ná babhta amháin i Maigh Eo le laethanta beaga anuas fiú má tá an bhrilléis chainte fé mhallachtaí ó 1951 i leith stadaithe fén dtráth seo. Tagann deireadh leis an uile ní luath nó mall.

Ag amanta mar seo áfach, caitheann tú a bheith dílis don bhfianaise atá os do chomhair ar pháirc na himeartha i gcaitheamh na bliana chun dealú glan a dhéanamh idir an dá fhoireann.

Tá na peileadóirí is fearr ag Ciarraí agus tá an cumas is an scóip iontu ag leibhéal níos airde ná mar atá ag Maigh Eo. Tá an t-imreoir is fearr ar an bpáirc ag Ciarraí, ní haon dóithín iad an cliar taca atá aige agus tá cúigear go bhfuil gradam Allstar ina seilbh ag feitheamh ar an mbinse acu.

Tá cosán níosa ghuaisiúla tógtha ag Ciarraí go dtí’n gcluiche ceannais agus iad ag buachtaint ar Ard Mhacha, Tír Eoghain agus Áth Cliath le trí chluiche anuas. D’fhéadfaí aguisíní breise a chur leis an rud sa tslí dhuit go mba dhóigh leat ná fuil le déanamh ag Ciarraí ach teacht go láthair an chatha inniu agus go mbeifear ag feacadh glún nó go mbeidh an chreach beirthe leo abhaile acu.

Ní mar sin atá muintir Mhaigh Eo ag féachaint air agus bí siúrálta nach shin é an dearcadh ar an gcúram atá Andy Moran agus a bhuíon.

Má deintear scagadh ar an gceithre chraobh is fiche atá caillte ag Ciarraí, gheobhair éachtaintí iontu go léir ar an sotal agus ar an mór is fiú a eascraíonn as an rómhuinín. B’fhéidir ná beadh an mhéadaíocht chomh tréan san i measc na n-imreoirí ach bhí sé le braistint san aighneas is san allagar i measc an lucht leanúna trí bliana ó shin in 2023, cúig bliana déag ó shin in 2011, ceithre bliana is daichead ó shin i 1982 agus leathchéad bliain ó shin i 1976.

Ní bhraithim i measc na n-imreoirí i mbliana é ach, tá rianta den mhóráil is den mhóraíocht go tréan sa bholscaireacht agus sa stocaireacht atá á dhéanamh timpeall ar an gcluiche sa chontae.

Nach ait é, áfach, gurb í an tréith is mó agus is luachmhaire a luafá le cuid mhaith des na himreoirí go n-éiríonn leo craobhacha uile-Éireann ná an umhlaíocht. Bhí an umhlaíocht go rábach i dtaispeántas iománaithe Luimnigh Dé Domhnaigh so a d’imigh tharainn. Umhlaíocht chun na lámha a shailiú aríst is aríst eile. Umhlaíocht chun dul sa bhfiach aríst is aríst eile.

Umhlaíocht chun a thuiscint gur fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann. Umhlaíocht chun foghlama agus umhlaíocht chun tabhairt fén ngnó amhail is gurb é do chéad uair é ag tabhairt fé chraobh uile Éireann a bhuachtaint. Fonn a níos fiach.

Beidh paistí maithe imeartha ag Maigh Eo inniu agus beidh amanta, go gcífear lorg na mbearnaí sa bhiaiste stracaithe a bhí ag leithéidí Gavin White, Paudie Clifford, Seán O’Shea agus Joe O’Connor agus Paul Geaney is Brian Ó Beaglaoich, má thagann siad chun páirce.

D’fhéadfadh misneach na hóige leithéidí Eoin McGreal, Darragh Beirne agus Kobe McDonald a thabhairt thar an gclaí amach ach is deacair a shamhlú go bhféadfadh an triúr acu a gcéad chluiche ceannais a chur díobh go neafaiseach. Cuimhním ar shárfhoireann Átha Cliath agus iad ag tabhairt faoina n-aistear in 2013. Bhí Ciarán Kilkenny, Paul Mannion agus Jack McCaffrey ag tosnú don gcéad uair i gcluiche ceannais an lá úd agus, dá fheabhas an uair úd iad, agus dá fheabhas ar feadh blianta ina dhiaidh sin iad, bhí an lá rómhaith dhóibh.

Tógfaidh sé rud éigin eisceachtúil nó gníomhartha as an ngnáth ar fad chun a gcéad chraobh le cúig bliana déag is trí fichid a bhuachtaint do Mhaigh Eo. Más fíor na seanchaithe is an naomhsheanchas, tharla míorúiltí os cionn 1500 bliain ó shin fé shleasa na gcruach i gCiarraí agus i Maigh Eo. Má ghéilleann tú d’iontaisí agus do mhíorúiltí, mairfidh do dhóchas go dtí 3.30pm inniu.

 

 

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar a chéile ar Dhomhnach Chrom Dubh'