Ealaíontóirí smididh agus iománaíochta – lá ag obair ag cluiche ceannais na hÉireann

Bhí jab lae agam le RTÉ, a bhí ag craoladh an chluiche trí mheán na Gaeilge agus painéal anailíse acu, díreach mar a bhí ag lucht RTÉ2 agus ag an BBC

Ealaíontóirí smididh agus iománaíochta – lá ag obair ag cluiche ceannais na hÉireann

Tá bliain na hiomána sinsearaí idirchontae thart anois. Tháinig críoch beagáinín díomách léi lá álainn samhraidh. Tá mórán scríofa agus ráite faoi shéid Colm Lyons, an fheadóg dheireanach tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite.

Faoin tráth seo, is dócha go bhfuil a fhios ag gach duine atá á léamh seo cén toradh a bhí ar an gcluiche, go bhfuil tuairim acu féin ar an gcluiche féinig, agus nach bhfuil mórán tuairimí eile de dhíth orthu ag an bpointe seo.

Shroich mé an láthair roimh a haon a chlog. Bhí jab don lá agam le RTÉ, a bhí ag craoladh an chluiche trí mheán na Gaeilge. Bhí painéal anailíse acu, díreach mar a bhí ag lucht RTÉ2 agus ag an BBC.

Nílim cinnte, áfach, gur thuig mórán daoine go raibh RTÉ ag craoladh an chluiche le hanailís i nGaeilge agus seo an ceathrú bliain as a chéile go bhfuil siad á dhéanamh. Déarfainn gurb í seo, as na ceithre bliana, an bhliain ba lú a ndearnadh poiblíocht uirthi.

Mar sin féin, shroich mé an staid timpeall a haon a chlog agus socrú déanta agallamh a dhéanamh le Mike McCartney ar RTÉ Raidió. Faoin am sin, bhí sluaite móra ag teacht isteach sa staid. Bhí sceitimíní na ndaoine le brath go láidir san aer. Is iontach i gcónaí an lucht tacaíochta ón dá thaobh a fheiceáil ag siúl isteach le chéile. Bíonn píosa beag spraoi agus magaidh eatarthu ó am go chéile. An Domhnach áirithe sin, bhí an ghrian ag taitneamh, aoibh ar aghaidheanna na ndaoine agus ní raibh deireadh leis an tuairimíocht. Cé a bheadh ag marcáil cé? Cé a bheadh ag tabhairt aire do Jason Rabbitte? An imreodh Gaillimh mar ‘quarterback’ Cathal Mannion? An mbeadh Dáithí de Búrca ag marcáil Aaron Gillane?

Ag bealach isteach lucht na meán, bíonn liosta de gach duine a bhíonn ag obair an lá sin, in ord aibítre. Tar éis mo mhála a chur faoi sheiceáil slándála, shiúil mé síos faoi Staid Uí Ógáin. Faoin am sin, bhí veain trealaimh na Gaillimhe díreach tagtha agus an fhoireann fearais ag cur gach rud in ord sa seomra feistis.

Faoi bhun na seastán freisin, bíonn na veaineanna craolta sheachtraigh (OB) go léir suite ina n-áiteanna féin, réidh don lá mór. Is deas i gcónaí bualadh leis na daoine gur leo na haghaidheanna sin ar fad a bhfuil taithí againn orthu anois agus iad ag trácht ar chúrsaí spóirt ar na meáin éagsúla. Bhí seal comhrá agam le Eoin Cadogan, Paul Murphy, Neil McManus agus Séamus Flanagan. Cuireadh agus freagraíodh na gnáthcheisteanna eadrainn go léir, agus bhí beagnach gach duine ar aon intinn go mbeadh sé thar a bheith deacair Luimneach a chloí.

Ina dhiaidh sin, bhuail mé le Gráinne McElwain agus Paul Flanagan, an bheirt a mbeinn ag obair leo an lá sin.

Ansin bhí sé in am dul chuig an ealaíontóir smididh. Bhí sí suite idir dhá veain, agus prócaí, buidéil, boscaí, scuaba agus an trealamh ar fad a bhíonn ag ealaíontóir smididh os a comhair.

Ina dhiaidh sin, tháinig an léiritheoir Ciarán O’Hara chugainn chun cur síos a dhéanamh ar an gclár a bheadh romhainn, agus chun a chur in iúl dúinn cén t-am a bheadh an rith trialach agus oscailt an chláir á dhéanamh againn.

Bhí tamall beag againn ansin le cúpla focal a mhalartú agus deoch uisce a ól sula dtosódh gnó an lae i ndáiríre.

Chuamar ansin ar an bpáirc, sa chúinne ina raibh foireann RTÉ2 réidh le teacht amach os comhair an phobail.

Bhuaileamar lenár gcomhghleacaithe ó RTÉ – Joanne Cantwell, Dónal Óg Cusack, Liam Sheedy agus Joe Canning – a bhí díreach taobh amuigh den bhealach amach chuig an bpáirc. Bhí ár n-áit féin díreach in aice leo, agus ansin bhí láthair an BBC, áit a raibh slua mór ceamaradóirí, léiritheoirí, bainisteoirí urláir agus saineolaithe ar na meáin shóisialta ag obair go dian.

Bhí an ghrian ag taitneamh go hard, agus b’áit an-taitneamhach é le bheith ann.

Chuir an bainisteoir urláir, Mikey Bird, na micreafóin agus an trealamh fuaime orainn, agus rinneamar rith trialach ar oscailt an chláir. Ina dhiaidh sin bhí sé in am scíth a ligean arís agus dul isteach faoin scáth mar bhí an lá thar a bheith te.

Níorbh fhada ansin go raibh sé in am dul ar an aer ag cúig nóiméad chun a trí.

Díreach agus sinn ag dul beo, tháinig foireann na Gaillimhe amach ar an bpáirc, agus bhí an liú chomh hard sin gur baineadh croitheadh as an staid. Bhí atmaisféar dochreidte ann.

Rinneamar ár gcuid anailíse agus ár gcuid cainte. Ansin chuaigh an craoladh suas go barr Sheastán Uí Ógáin, áit a raibh Garry Mac Donncha agus Pat Fleury a bheadh ag déanamh tráchtaireachta ar an gcluiche.

Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur caitheadh an sliotar isteach. Tarraingíodh na hardáin agus na ceamaraí ar fad siar taobh istigh den chlaí sreinge. Rinneadh an obair sin go tapa agus go héifeachtúil.

Bhí an t-ádh leis na saineolaithe ar fad mar tugadh síos sinn cois na taobhlíne agus bhí suíocháin againn díreach i lár na páirce, taobh istigh den chlaí sreinge. Suíocháin den chéad scoth.

Ar ais linn chuig ár n-ardáin ansin ag leath ama agus bhí sé in am arís do na ceamaraí, do na soilse agus don aicsean.

Bhí an dara leath mar an gcéanna dúinne leis an chéad cheann.

Ansin shéid Colm Lyons an fheadóg dheireanach. Bhíomar ar ais inár n-áiteanna go tapaidh agus rinneamar an anailís deiridh ar feadh beagnach leathuaire. Ansin cuireadh críoch leis an gclár.

Láithreach bonn, thosaigh gach duine ar a chuid oibre féin. Baineadh na ceamaraí anuas, díbríodh na hardáin, agus cuireadh an trealamh ar fad i dtaisce. Bhí obair an lae thart.

Ó sea… agus bhuaigh Luimneach an cluiche go compordach.

Fág freagra ar 'Ealaíontóirí smididh agus iománaíochta – lá ag obair ag cluiche ceannais na hÉireann'