Timpeall an chúinne ón áit a bhfuil cónaí orm anois i gcathair Middelburg in iardheisceart na hÍsiltíre, tá an teach ina mbíodh cónaí ar m’aintín Janie, deirfiúr mhór m’athar, fadó. Seanteach cúng ón 18ú haois atá ann agus thuas staighre, bhí seilfeanna leabhar ar chuile bhalla. Bhí dath agus boladh deataigh ar leathanaigh na leabhar.
Múinteoir Béarla ag coláiste oiliúna do mhúinteoirí meánscoile a bhí i m’aintín agus chaitheadh sí pacáiste iomlán toitíní Miss Blanche gach lá.
Nuair a bhí mé féin ar an meánscoil is minic a thógainn an traein ó dheas, turas trí uair an chloig, agus chaithinn trí nó ceithre lá i dteach m’aintín. Ní raibh clann uirthi, bhíodh sí saor ón obair nuair a bhíodh mise saor ón scoil, agus chaitheadh muid uaireanta fada inár suí ar an tolg agus stair, teangeolaíocht, agus, thar aon rud eile, cúrsaí litríochta á bplé againn.
Nuair a théinn abhaile thugadh sí slám leabhar ar iasacht dom. Cal le Bernard MacLaverty, The Cement Garden le Ian McEwan, Lord of the Flies le William Golding, i measc go leor leor eile. Bhíodh leathanaigh cóipleabhair breac lena cuid nótaí féin, scrúduithe a chuireadh sí ar na hábhar múinteoirí, agus léirmheasanna agus ailt a bhí gearrtha amach as na nuachtáin aici faoi na clúdaigh.
Drochlá amháin, d’fhág mé The Picture of Dorian Gray ar an traein agus nótaí m’aintín uilig istigh ann. Ní raibh m’aintín róbhuartha faoi ach bhí mise. Chuaigh an eachtra i bhfeidhm orm chomh mór sin go ndearna mé tagairt di blianta fada ina dhiaidh sin i ngearrscéal de mo chuid féin (ach d’athraigh mé idir phearsana agus leabhar – in Ag Cúinne M St agus Wisconsin cailleann Úna van Sant, carachtar a bhunaigh mé ar m’aintín, úrscéal le James Baldwin, Giovanni’s Room, a bhí faighte aici féin ó aintín, ar an traein.)
Seans gur chuir mo dhearmad ar an traein isteach orm chomh mór sin toisc go raibh ról chomh speisialta agus chomh tábhachtach sin ag m’aintín agus ag a teach i mo shaol. Cé nach mbíodh foréigean fisiciúil i gceist, bhíodh bulaíocht de chineál á déanamh orm ag an meánscoil toisc gur thuig na leaids eile (agus go deimhin roinnt cailíní a bhí chomh dona céanna leo) gur buachaill mé a raibh dúil aige i mbuachaillí eile – agus, mar bharr ar an donas, i leabhair.
Tearmann a bhíodh i dteach m’aintín in Middelburg, 170 ciliméadar idir mé agus an spochadh agus an saighdeadh ar scoil, sos ón saol mar a bhí agus spléachadh chun cinn ar an saol a d’fhéadfadh a bheith agam.
Ba í m’aintín Janie a spreag mo dhúil sa litríocht agus beidh mé buíoch di go deo. Uaireanta bainim ceann de na leabhair a fuair mé le hoidhreacht uaithi anuas ón tseilf, The Great Gatsby mar shampla, agus cuirim le mo shrón é; creid é nó ná creid ach breis agus tríocha bliain tar éis a báis, tá boladh a cuid toitíní fós sna leathanaigh.
An raibh duine faoi leith i do shaol féin a spreag an spéis sna leabhair ionat? Cé hiad na cuimhní atá agat ar na comhráite sin, agus ar an láthair inar tharla siad?
Téarmaí iad ‘dírbheathaisnéis’ agus ‘aiste’ nach dtaitníonn liom, is fearr liom ‘scríbhneoireacht saoil’. Ach dá mbeadh ort píosa a scríobh faoi thús d’aistir féin i saol na leabhar, cá háit a dtosófá, agus le cén duine? Cuideoidh a leithéid de phíosa pearsanta leat tú féin a ‘lonnú’ i stair na litríochta i gcoitinne agus beidh sé mar thalamh slán faoi do chosa agat agus tú ag obair ar thograí scríbhneoireachta eile.
Fág freagra ar 'Ba í m’aintín Janie a spreag mo dhúil sa litríocht agus beidh mé buíoch di go deo'