Guímis sonas i dtosach ar mhuintir na Stát Aontaithe inniu agus fógairt a neamhspleáchais 250 bliain go ham seo á ceiliúradh acu.
Níl an forógra neamhspleáchais a d’fhoilsigh ionadaithe na stát i Philadelphia ar an 4 Iúil 1776 gan locht ach thug a bhriathra spreagúla misneach do dhaoine ar fud an domhain ó shin i leith. An abairt seo a leanas go háirithe:
“Táimid den bharúil gur ríléir gur cruthaíodh gach fear ar bhonn cothrom agus gur bhronn an Cruthaitheoir cearta doshannta áirithe orthu, ina measc Beatha, Saoirse agus tóraíocht Sonais.”
Is beag blas den chomhthuiscint a bhí i réim i measc ionadaithe fireanna an chine ghil i Philadelphia i 1776 a fheictear thall na laethanta seo. Mar a léirigh taighde a rinne an Pew Research Center, foras taighde údarásach, sna Stáit le gairid.
Níl muinín as an rialtas in Washington ach ag 17 faoin gcéad den phobal, agus tá muinín as na meáin chumarsáide ag laghdú go leanúnach.
Is ag an gcraoltóir seirbhíse poiblí PBS atá an céatadán muiníne is mó (26 faoin gcéad) agus an mhuinín is mó i measc na nuachtán ag an Wall Street Journal (22 faoin gcéad).
Ní haon ábhar iontais iad na figiúirí seo, agus gach dícheall déanta ag an Uachtarán Trump agus a lucht leanúna amhras a chaitheamh ar fhoinsí faisnéise nach bhfuil claonta ina fhabhar.
Bhí cúis imní eile i suirbhé eile a rinne Pew Research anuraidh a thug le fios nár shíl ach 34 faoin gcéad de na Meiriceánaigh a ceistíodh gur féidir a bheith muiníneach as daoine eile. Tá an céatadán atá muiníneach ag laghdú go mall ach go leanúnach de réir an taighde.
Tháinig an léargas gruama sin ar mheon an phobail thall chun cuimhne ar léamh thuairisc na Príomh-Oifige Staidrimh ar a suirbhé muiníne a foilsíodh Dé Luain.
Is treise muinín an phobail abhus as an rialtas (44 faoin gcéad) ná sna Stáit ach is cúis imní é gur mó an céatadán atá mímhuiníneach nó amhrasach ó thaobh cúrsaí polaitíochta de.
Is féidir an rud céanna a rá faoin na meáin nuachta agus gan ach 46 faoin gcéad ag rá leis an lucht taighde go raibh siad muiníneach astu.
Ní cúis imní, áfach, ach a mhalairt áfach atá sna freagraí a tugadh ar cheist eile a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh ar na sé mhíle duine a ceistíodh i gcomhair an tsuirbhé.
Fiafraíodh díobh an raibh muinín acu as daoine eile. Dúirt 79 faoin gcéad go raibh muinín acu as a bhformhór – leibhéal muiníne atá beagáinín níos ísle ná an céatadán (83 faoin gcéad) a thug an freagra céanna ar an gceist dhá bhliain ó shin.
Ní beag an rud é iontaoibh chomh láidir a bheith i réim abhus go háirithe má chuirtear i gcomparáid é le lagmhuinín daoine as a chéile ar an taobh eile den Atlantach.
Tháinig suirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh chun cuimhne ar theacht scéala ón bPríomh-Chúirt Choiriúil Dé Céadaoin gur ciontaíodh Riad Bouchaker i dtrí iarracht ar pháistí óga a dhúnmharú, agus i gcúig ionsaí eile. Gearrfar pionós air i mí Dheireadh Fómhair.
Tugadh fianaise le linn na trialach gur bhain daoine a bhí in aice láimhe scian de agus gur chuir siad stop lena chreach tar éis cúpla soicind. Ina measc fear ón bhFrainc a gortaíodh agus an scian a bhí ag Bouchaker á baint de aige. Fear ón Bhrasaíl a bhuail a chloigeann lena chlogad sábháilteachta. Agus triúr Éireannach a bhuail é agus a leag chun talún é, ina measc bean a léim ar a dhroim.
In ainneoin an mhúisiam a chuir ionsaí chomh fíochmhar ar na naíonáin agus ar bhean a bhí ina bhfeighil ar gach duine sa tír, léirigh fianaise na laochra crógacht nár chóir beag is fiú a dhéanamh di.
In ainneoin an uafáis a ndearnadh cur síos air sa chúirt, léirigh fianaise na laochra gur féidir a bheith muiníneach as toil ghnáthdhaoine dul i mbun idirghabhála fiú agus contúirt mhór ag baint leis.
Agus in ainneoin na mímhuiníne ó thaobh an chórais pholaitiúil de a léirigh suirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh de. Léirigh scéal na n-idirghabhálaithe go bhfuil údar le muinín mhóramh an phobail as daoine eile.
Ní beag san, ainneoin gach cúis amhrais a chíortar ar an suíomh seo gach lá.
Cathal
Is údar dóchais é ar na saolta seo go bhfuil an oiread sin muiníne ag muintir na hÉireann as daoine eile. Deirtear go bhfuil an deighilt fhíochmhar thall ar an taobh eile den Atlantach ag fás le breis agus dhá scór bliain anuas agus dá chóngaraí a bhogann an deighilt i dtreo 50% ar gach taobh di is ea is mó an fíoch.
An bhfuil an chontúirt ann áfach go gcuirfidh uachtaránacht an AE leis an deighilt nach beag atá – i ndiaidh gach ní – infheicthe cheana féin i bpobal na hÉireann? (An féidir go fiú go bhfuil an deighilt sin níos mó ná an chuid di atá le feiceáil?) Nó an dtiocfaidh ann do dheighilt úr? Nár phlámásach ar fad an chaint le linn imeachtaí na céad seachtaine? Nó nár phlámásach? (Cogar i gcluas: an aithnítear an difríocht idir plámás bagrach agus bagairt phlámásach? An aithneofar roimh dheireadh na huachtaránachta í?) An raibh caint le cloisteáil faoi mhonarcha áirithe san AE atá ag soláthar miotail? An raibh caint le cloisteáil faoi mhonarchana eile san AE atá ag soláthar arm lándéanta (méid dochreidte?) atá faoi réir úsáide? An raibh aon chaint faoi Éireannach atá i mbraighdeanas aonair thar lear (ach ní de bharr gur tharraing sé aird ar an monarcha in Inbhear na Sionainne)? An tabharfaidh uachtaránacht an AE deis do stát na hÉireann a sheasamh morálta a ailíniú le straitéis gheopholaitiúil an AE (ECAT)? (An bhfuil ceannaireacht an AE ag súil leis go dtapóidh sé an deis seo? An bhfaighidh sé deis eile mura dtapóidh?)
D’fhógair coimisinéir na nGardaí nach gcuirfear suas le haon rud a chuirfeadh isteach ar oibríochtaí na huachtaránachta: cad eile a d’fhéadfadh sé a rá, is dócha(?) An tabharfaidh uachtaránacht an AE deis do stát na hÉireann dáileog den chos-ar-bolg atá feicthe againn i stáit eile san Eoraip a imirt ar dhaoine in Éirinn a tharraingíonn aird ar rud nó dhó nach n-oireann le ceannaireacht an AE – agus, má thapaíonn siad an deis – le rialtas na hÉireann? An fírinne nua í nach tarlaíonn eachtra “mhíchompordach” mura dtuairiscítear faoi agus nach ann do fhreasúra míchompordach atá curtha ina thost trí imeaglú? An é an ceacht a bheidh le foghlaim roimh dheireadh na huachtaránachta ná: an té atá lag, ní mór dó a bheith géilliúil?
Dála an scéil, tá an t-údar le moladh as na ráitis chróga a dhéanann sé ar líne i dtaobh cúrsaí nach bhfuil formhór eile an AE ar aon intinn le stát na hÉireann fúithi. An bhféadfaí a rá gur beag iriseoir sna príomh-mheáin ar fud na hEorpa a dhéanfadh ráitis dá leithéid ar na saolta seo? Más fíor nó a mhalairt an méid sin, treise leat.
An bhfuil sé thar am go ndéanfadh iriseoir nó dhó aistear fiosrúcháin ar an Mór-Roinn – le dul chun cainte le daoine “ar an talamh” agus ní (mar a tharlaíonn go minic, b’fhéidir) le dul chun cainte le foinsí oifigiúla nó leath-oifigiúla a ríomhfadh an leagan oifigiúil dóibh?