Stormont ar shaoire an tSamhraidh ach ní tráth scíthe é

Is cosúil go bhfuil athrú tagtha ‘ar an aimsir' i Sráid Downing más athrú réimis nó an chontúirt go dtitfeadh seirbhísí poiblí an Tuaiscirt as a chéile ar fad is cúis leis

Stormont ar shaoire an tSamhraidh ach ní tráth scíthe é

An dtiocfaidh Andy Burnham le sparán teann chun Stormont a tharrtháil fad is a bheidh an Tionól ar fionraí as seo go Meán Fómhair? B’in ceist a bhí ag móramh le laethanta beaga anuas. Ceist eile acu an mbeidh an DUP in ann na cosa a bhreith leis as an ngábh ina bhfuil siad i ngeall ar iompar a n-iarcheannaire, Jeffrey Donaldson.

Mar is dual dó theip ar an bhFeidhmeannas buiséad a aontú. Bhí caint ar bhuiséad trí bliana ionas go bhféadfaí pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh. Ní hamháin nár aontaíodh buiséad trí bliana ach theip orthu plean caiteachais don bhliain reatha a fhaomhadh. Dá bhrí sin tá ranna ag feidhmiú ar 95% de bhuiséad na bliana seo caite agus caithfear dianchiorraithe a dhéanamh i dtús Lúnasa – mura ndéanfar tarrtháil orthu.

‘Maoiniú a shásódh an riachtanas’ a bhí a éileamh ag an bhFeidhmeannas ó rialtas na Breataine. Ba é freagra an Státrúnaí Benn agus Rachel Reeves, Seansailéir an Státchiste, go raibh airgead gann, go raibh £1.24 per capita á fháil ag Tuaisceart Éireann i gcomparáid le £1 an duine i Sasana. B’fhíor sin ach bhí £1.27 ar a laghad de dhíth agus maoiniú an Tuaiscirt níos ísle ná ráta na hAlban. Dúirt Aire Airgeadais Stormont, John O’Dowd go raibh an buiséad £700 milliún gann, gan aon chor gan choinne a chur san áireamh.

Is cosúil go bhfuil athrú tagtha ‘ar an aimsir’ i Sráid Downing, más athrú réimis nó an chontúirt go dtitfeadh seirbhísí poiblí an Tuaiscirt as a chéile ar fad is cúis leis. Tugadh cuireadh do pháirtithe an Fheidhmeannais chuig Caisleán Chromghlinne Déardaoin seo caite chun plé cuimsitheach a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais le rialtas na Breataine. Ba iad an Státrúnaí Hilary Benn agus Lucy Rigby, ardrúnaí an Státchiste, a bhí i bhfeighil an chruinnithe don rialtas.

Dúirt páirtithe an Fheidhmeannais, Sinn Féin, DUP, Alliance agus UUP nach ndéanfadh síneadh láimhe aonair an gnó. Sop in áit na scuaibe a bheadh ann, ar siad. Teastaíonn leigheas fadtéarmach a chuirfidh an maoiniú ar bhonn inbhuanaithe chun seasmhacht an Fheidhmeannais a chinntiú. Bhíodar sásta gur cuireadh tús tairbheach leis an bplé Déardaoin.

D’aontaigh an Státrúnaí agus an feisire Parlaiminte Rigby; díol suntais ab ea é go raibh an téarmaíocht chéanna acu leis na páirtithe logánta. Thagair siad araon don ngá le socrú inmharthana agus dúirt go leanfadh feidhmeannaigh ón Státchiste agus as Stormont leis an obair i rith an tsamhraidh. Dúirt an tArdrúnaí Rigby go ndéanfar dianscrúdú ar na tosca faoi leith a chuireann brú ar an mbuiséad abhus agus ar phleananna le haghaidh leasuithe fioscacha ionas gur féidir cúrsaí a chur ar bhonn inbhuanaithe. Bhí drogall ar pháirtithe Stormont tabhairt faoi bhailiú ioncaim ach seans nach mbeifear in ann an chéim sin a sheachaint i gcóras airgeadais athchóirithe amach anseo.

Neosfaidh an aimsir an athrú poirt i ndáiríre é cur chuige rialtas na Breataine. Bhí polaiteoirí an Tuaiscirt níos dóchasaí ná mar is gnách i ndiaidh a gcomhráite. Bhí roinnt den bharúil go rabhthas ag ullmhú le go mbeadh dea-scéal le fógairt ag Andy Burnham ar a chéad chuairt go Tuaisceart Éireann mar phríomhaire. Tá práinn le fuascailt na géarchéime roimh dheireadh Iúil. Seans go bhfáilteofaí roimh íocaíocht aon-uaire chun ciorruithe a sheachaint ach ba bheag ab fhiú é mura gcuirfear próiseas ar siúl chun buiséad bunaithe ar riachtanas a chinntiú.

Bhí ceannaire an DUP, Gavin Robinson ar a dhícheall, go poiblí, ag díriú ar dheacrachtaí airgid Stormont ach bhí sé fánach aige. Níorbh fhéidir an smúit a sheachaint ó scannal chiontú Jeffrey Donaldson as coireanna péidifilia. Ceistíodh gan staonadh é faoi céard a bhí ar eolas ag comhghleacaithe san DUP faoi iompar Jeffrey Donaldson. Níl éinne ag rá go raibh a fhios ag ionadaithe faoi ionsaithe gnéis Donaldson ar pháistí ach tá imní léirithe faoin méid a bhí ar eolas faoin saol suarach míchlúiteach a chaith sé i Londain agus ar thurais thar lear.

Tá a fhios gur chuala roinnt ionadaithe gearán ó bhean gur chiap an t-iarcheannaire í agus go bhfaca daoine eile iompar gránna ach nach ndearna siad tada.

Tá cúram á chur ag Robinson ar fhiosrú neamhspleách a fháil amach ar sáraíodh próiseas cosanta an pháirtí agus cad is gá chun an córas a neartú. Ní mór a rá go ndearna an páirtí gach rud mar is ceart nuair a cúisíodh Donaldson agus nuair a ciontaíodh é, a gcomhbhá leis na híospartaigh soiléir. Sé an t-údar buartha céard nár deineadh má bhí duine i mbaol. Is léir go bhfuil an DUP faoi bhrú i ngeall ar an méid a cluineadh ó ciontaíodh é. Díreach nuair atá léas beag dóchais ann (go mb’fhéidir) go gcuirfear buiséad Stormont ar bhonn seasmhach tá an príomhpháirtí aontachtach ag dul i ngleic le géarchéim eiseach 10 mí roimh thoghchán an Tionóil.

Fág freagra ar 'Stormont ar shaoire an tSamhraidh ach ní tráth scíthe é'