Sraith bheag nua laistigh de shraith! Agus saoire an tsamhraidh tosaithe, nár dheas gearrscéal, dán, nó rud éigin eile a scríobh? As seo go deireadh an tsamhraidh, beidh spreagadh scríbhneoireachta nua in ‘Léamh agus Scríobh’ gach seachtain, túsphointe chun dul i mbun pinn.
Seo linn!
Cheannaigh mé cófra adhmaid ag margadh sráide i lár an bhaile an lá cheana, an cineál sin margaidh ag a bhfaighidh tú seantroscán agus chuile shórt eile nach bhfuil uait.
Ná líon d’árasán nua le truflais, a dúirt glór éigin ar chúl m’aigne ach bhí an cófra seo ag glaoch orm. Dath caonaigh a bhí air agus bhí sé cinn de tharraiceáin ann. Bhí uimhreacha ar na tarraiceáin agus shílfeá gur baineadh úsáid as stionsal chun an phéint dhubh a chur ar an gcúlra ar dhath an chaonaigh. Bhí rud éigin míleata faoin rud ar fad agus bhí mé meallta aige sin; más léitheoir rialta de mo chuid colún faoin scríbhneoireacht thú tá a fhios agat go mbím saghas dian orm féin maidir le disciplín oibre. Agus chuideodh an cófra seo chun ord agus eagar a chur ar na cóipleabhair ar fad a líon mé le nótaí síos tríd na blianta.
‘Céard é an scéal taobh thiar den chófra sin?’ a d’fhiafraigh mé den fhear a bhí á dhíol.
‘Scéal ar bith go bhfios dom’ an freagra agus ba bheag nár athraigh mé m’intinn faoin gcófra le teann díomá.
Ba é an chaoi gur shamhlaigh mé gur úsáideadh an cófra sin i mbeairic airm éigin ar feadh na scórtha bliain – chun eochracha a choinneáil ann, cá bhfios, nó uaireadóirí na saighdiúirí agus iad i mbun aclaíochta – agus go mbeinn anois i m’oidhre ar na glúnta óglach óg.
Ach bhí tuairim iomlán éagsúil ag mo chomharsa béal dorais.
Ba é an chaoi go raibh dochar déanta ag taise na mblianta don chrua-chlár a úsáideadh do bhun na dtarraiceán. Shocraigh mé taobh istigh na dtarraiceán a phéinteáil, agus toisc go raibh an aimsir go breá shocraigh mé an jaibín sin a dhéanamh taobh amuigh ar an tsráid.
‘Nach breá an cófra é sin?’ a dúirt mo chomharsa. ‘Meas tú an seanchófra poitigéara é?’
Cógaslann? Níorbh é sin a shamhlaigh mise, ach cá bhfios!
Chuile phíosa seantroscán agus a scéal féin aige.
Is é an trua é nach mbeidh fíorscéal an chófra sin ar eolas agam go brách, ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir liom é a chumadh.
Cé hiad na seanghiuirléidí i do theach féin a spreagfadh gearrscéal nó dán? Mura mbíonn a scéal ar eolas agat, an fiú é a fhiosrú? Mura mbíonn sé ar eolas ag éinne, céard a deir do shamhlaíocht?
JÉÓC
Ceird an tSaighdiúra
Le siséal ‘s allas
Chruthaigh sé cófra
Do bhrídeach a mhianta
Taisce an ghrá
Le claíomh agus fuil
Níor thuill sé ach cónra
A chur sí sa chréafóg
Bosca an chrá