Ón uair ar leagadh ar an sop é i seomra na mbilléardaí on Óstán Hayes i nDurlas Éile Lá Samhna na bliana 1884, is í an choimhlint le do chomharsa bunús Chumann Lúthchleas Gael. Tá sin amhlaidh cuma arb é do scoil, do pharóiste, do chontae nó do chúige atá i gceist. Níl aon athrú ar an scéal ach an oiread bíodh gur imreoir nó iar-imreoir tú, nó murar sheas tú ar pháirc imeartha ariamh i do shaol.
Cath na mbó maol is minice a bhíonn i gceist. Fós ba shuarach an treibh muid dá mba ar aon mhéid a bheadh na clocha atá bailithe sna muinchillí againn agus beagnach 150 bliain de na caismirtí seo déanta.
Tá cuid de na clocha sin chomh sean anois go bhfuileadar clúdaithe ag caonach leis na cianta – le coimhlintí i gCraobh Iomána na Mumhan is mó a bhaineann siad siúd.
Tá cinn eile acu nár facthas go dtí lár an chéid seo caite tráth ar fhág Uíbh Fhailí cor nua sa gcoimhlint ar Chraobh Iomána Chúige Laighean agus nuair nárbh é sárú Chill Chainnigh amháin an sprioc a bhí ag lucht leanta Loch Garman agus Átha Cliath.
Níl aon easpa faltanais ach oiread sa gcuid ó thuaidh den tír. Fadó siar ba é cliseadh an Chabháin an rud ba mhó a thugadh sásamh do mhuintir Mhuineacháin agus vice versa. Anois seans gur idir Tír Eoghain agus Ard Mhacha a fheictear sin.
Connachta? Ní móide gur gá an cheist a chur.
Ar an 9 Samhain 1902 d’imir Maigh Eo agus Gaillimh a chéile don chéad uair ariamh i gcluiche i gCraobh Shinsir an chúige sin. Maigh Eo a bhuaigh 2-4, 0-3. Sna craobhacha atá imeartha ó shin thugadar aghaidh ar a chéile 92 uair eile. Gaillimh a bhuaigh 44 acu sin, bhuaigh Maigh Eo 43 agus ba ar comhscór a chríochnaigh leathdhosaen de na choimhlintí.
Cleithmhagadh agus spochadh dar ndóigh is ea an chuid is mó den fhonóid a dhéantar idir contaetha atá taobh le taobh agus is mó sin Gaillimheach a bheas ag súil inniu gur ag na comharsana a bheas an corn.
Mise ar dhuine acu.
Tá beagán de dhúchas Mhaigh Eo ionam i bhfad siar, ach cé go ndeir an seanfhocal gur ‘fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas’, ní dá bharr sin atá mé ar a dtaobh. Ní hé ach an oiread gur trua atá agam dóibh de bharr a bhfuil d’fhulaingt déanta acu ó chroch Seán Flanagan Corn Mhig Uidhir in airde cúig bliana déag agus trí scór ó shin.
Níl baint ná páirt ag bogchroíocht ná ag carthanacht leis an scéal. Rud é a cothaíodh luath go maith i mo shaol agus údar leis.
Trasna uaim ón áit a bhfuil mé suite á scríobh seo, tá pictiúir den rang ina raibh mé an bhliain a ndearna muid an Ardteist i gColáiste Iarfhlatha Naofa i dTuaim – cliabhán na peile i nGaillimh, dar le go leor.
Chomh fada siar le 1947, bhí Seán Puirséal, an peileadóir ab fhearr ariamh sa gcontae deirtear, ar an bhfoireann a bhuaigh Corn Uí Ógáin don choláiste. B’amhlaidh cás d’fhoirne 1964, ’65 agus ‘’66 agus bhí ochtar ar an bpáirc nuair a bhuaigh Gaillimh craobh na hÉireann go deireadh in 2001.
Ach nuair a bhreathnaím ar an bpictiúir atá os mo chomhair, is é an rud is túisce a thugaim faoi deara go bhfuil beagnach oiread céanna buachaillí a rugadh i gcontae Mhaigh Eo le feiceáil agus atá de mhuintir na Gaillimhe – scoth na bpeileadóirí ina measc freisin. Go deimhin tá beirt sa bpictiúr a bhí ar fhoireann Mhaigh Eo a bhuaigh an tSraith Náisiúnta dhá bhliain dár gcionn agus gan an báireoir (Eugene Rooney as Coillte Mach) ná an cosantóir (Séamus Hughes as Balla) ach scór bliain d’aois. Bhí ceathrar iarscolairí eile a bhí níos sine ná sin ar an bhfoireann ina dteannta (John Morley, Joe Earley, Tom Fitzgerald agus J.J. Cribben).
De réir nádúir bíonn dlúthcheangal i bhfad níos láidre idir mic léinn i scoil chónaithe ná a bhíonn i gceann nach gcaitear ann ach cuid den lá. Córas eile ar fad a thit amach sna scoileanna cónaithe nuair ab ann dóibh – iontu siúd, chaith duine níos mó ama leis na mic léinn a bhí in aon rang leat ná a chaith tú le do mhuintir agus tú ag baile.
Chodail tú in aon seomra leo; chuaigh chuig Aifreann leo (taitníodh sin leat nó ná taitníodh); an bheatha chéanna (a bheag nó a mhór di) a fuair tú le n-ithe; sa gcás go raibh sé d’ádh ort gur thug cuairteoir crúsca suibhe chugat, roinn tú sin leo (i ngan fhios) sa bproinnteach; bhíodar le d’ais sa seomra ranga, sa halla staidéir agus ar pháirc na himeartha. Má bhí dúil i dtoitín agat, ba é do chara a chuir tú ar garda ag doras an leithris, nó más eisean a bhí ag caint ag meán oíche nuair a tháinig an déan ar patról lena bhata, d’íoc tusa tú féin cuid den téiléireacht.
Go fóill ar chuma ar bith, ní fhaca mé aon leagan Gaeilge ar an téarma ‘full on’ agus is é siúd is fearr a mhíníonn an caidreamh idir an scoláire cónaithe agus a chomhghleacaithe, cuma cárbh as dóibh beirt.
Is as a d’fhás mo bhá ghaoil le Maigh Eo agus le cúnamh Dé maithfidh mo chairde as an Ríocht an méid sin, dom.
Le fírinne tá Coláiste Iarfhlatha fite fuaite chomh mór céanna i stair na peile i Maigh Eo agus atá sé i stair na Gaillimhe.
Ba é Peter Solan as Oileán Éadaí a bhí mar chaptaen ar an bhfoireann a d’imir i gCraobh na gColáistí nuair a tosaíodh sin i 1946 – scóráil sé cúl do Mhaigh Eo ceithre bliana dár gcionn nuair a fuair siad an bua ar Lú i gCluiche Ceannais na hÉireann. Fear eile de chuid an chontae, Vincent McHale as Ardach in aice Bhéal an Átha a bhí ina chaptaen ar fhoireann bhuacach an Phuirséalaigh an bhliain dár gcionn.
Iarscoláire eile Seán Flanagan a chroch Corn Mhig Uidhir in airde nuair a bhuaigh Maigh Eo sin go deireadh i 1950, ’51.
Ón gceann sin i 1947 tá Corn Uí Ógáin buaite 11 uair ag Coláiste Iarfhlatha. Patsy Ó Sioradáin as Balla Álainn a bhí ina chaptaen i 1960; cé go mba do Ghaillimh a d’imir sé ina dhiaidh sin, ba i gClár Chlainne Mhuiris a tógadh Séamus Ó Duagáin (1966); ba as Caisleán a’ Bharraigh Anraoi Ó Gabháin (1974) agus as Maolla do Mháirtín Seoighe (1978).
Le mo linn féin bhí an Duagánach mar chaptaen (1966) agus ba thar teorainn isteach freisin a tháinig cinnirí na mblianta eile: Proinsias Mac Domhnaill as Caisleán a’ Bharraigh (1963), Seanán Ó Dubháin, an Dún Beag. Co. an Chláir (1964); Máirtín Ó Seannáin as Coillte Mach (1965) agus Eoghan Ó Ruanaigh (1967).
Fág freagra ar 'Gaillimheach mé a bheidh ag tacú le Maigh Eo inniu, agus ní le trua é'