‘Eispéireas tumtha’ a gealladh dom ag lucht léirithe Flight, dráma a bhí suite in eitleán. I mbosca ar an bhFaiche Mhór a bhí an t-eitleán. Bhí sé 28 céim agus bhí míle siúlta agam sa teas agus mé ag teacht isteach ó Bhóthar na Trá. An eispéireas míchompordach a bhí romham sa bhrothall? Isteach liom go Siopa Uí Bhriain ar Shráid na Siopaí chun deoch fhuar a fháil ar mo shlí, ar eagla na heagla. Bhí dearmad déanta agam ar mo chárta bainc, ach ‘ba chuma’ a dúirt an siopadóir groí, ‘íoc arís am éigin, ní hé go bhfuil fút an tír a fhágáil’.
Ach sin é go díreach a bhí geallta ag lucht léirithe Flight. Bhíos le dul ar bord eitleáin agus bheinn ag éisteacht le scéal sa doircheacht, scéal go bhféadfadh ceann de dhá chríoch a bheith leis, a dúirt an réamheolas faoin dráma.
Cá bhfios cá dtuirlingeofaí?
Bheadh deis ann ar dtús na cluasáin a chur orainn, agus an doircheacht a bhlaiseadh, agus ansin lasfaí an solas ar feadh nóiméid nó dhó le go mbeadh deis imeacht amach as an dráma/as an mbosca dá mothódh éinne míchompordach. Ní bheadh cead fágála ina dhiaidh sin. Bheadh an doras dúnta. Teist ar fheabhas an tumtha, agus ar sheit George Tomlinson (agus ar an mbrothall seans) gur fhág triúr tar éis dhá nóiméad den dráma seo.
Ach an ionann míchompord agus feabhas dráma? Bhí nótaí deasa grinn ag tús an eispéiris – iarradh orainn na treoracha slándála a léamh, ach bhí cuid acu i dteanga éigin Oirthearach agus ní fhéadfaí bun nó barr a dhéanamh de na pictiúir.
Bhí aeróstach ar scáileán beag ag cur aisti mar a bheadh guth éigin ó oirthear na hEorpa sna 1980idí. Dúradh go raibh paisinéir darbh ainm Schrödinger ar bord, nó an é go ndúradh gur fhág sé? Is fada mé ó bheith i mo shaineolaí ar an bhfisic ach tharla go rabhas tar éis freastal ar léacht faoi Schrödinger
ó dhuine den bheirt mhórscoláirí atá i mbun a bheathaisnéis a scríobh faoi láthair cúpla seachtain ó shin ag comhdháil iontach i Luimneach.
Mar sin, bhí léirmheastóir a ndiongbhála ag Flight! Tá cáil ar Schrödinger as a chuid oibre sa bhfisic theoiriciúil agus eolas ag daoine gan aon spéis sa bhfisic acu ar a chothromóid cháiliúil a dtugtar Cat Schrödinger air. Déantar simpliú ar theoiric Schrödinger go minic – an ann do rud mura mothaítear é? B’in é téis stiúrtha Flight freisin. Dá bhfaighfeá bás i dtionóisc eitleáin an mbeadh a fhios agat é?
Ach ar ais chuig an eitleán, agus scipeáil an chéad chuid eile má tá fút freastal ar Flight mar ligtear an cat as an mbosca ann – mar a déarfá.
Bhí dearadh fuaime Flight ar fheabhas ar bhonn teicniúil agus ghéilleas go hiomlán go raibh daoine ag siúl timpeall agus anois is arís ag cogarnaíl i mo chluais. Bhí leanaí óga ag gol agus ag gáirí ar an bhfuaimrian.
D’iarr an captaen ar gach leanbh éirí as a bheith ag caoineadh agus bhí tost ann ar feadh soicind. Ina dhiaidh sin, chualamar blúirí comhrá ón gcriú agus bhí na suíocháin ag bogadh agus an guth inár gcluais arís ag rá go raibh ‘tusa sábháilte’. Bhí orm na cluasáin a bhaint babhta nó dhó mar bhí eagla orm go ndéanfaí dochar do m’éisteacht. Bhí mothú mar a bheadh an t-eitleán le titim as an spéir agus ansin bhí tagairt do bhosca Schrödinger agus a chat, agus na deirí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith leis an scéal.
Más teist ar dhráma aduaine eagla a chur ort d’éirigh leis. Bhí sé inchurtha le marcaíocht i ‘Themepark‘ mar Futuroscope na Fraince, eispéireas ‘tumtha‘ a ngéilleann do chéadfaí dó. Bhí sé míchompordach agus bhraitheas teanntaithe.
Ach maidir le brí agus scéal, ní rabhas ábalta bun ná barr a dhéanamh as. Bhí an iomarca fuadair faoin léiriú agus ní raibh deis ag aigne an té a bhí ag freastal imní a dhéanamh nó machnamh a dhéanamh na babhtaí gur teilgeadh nótaí fileata chughainn – na leanaí bheith ina dtost, na roghanna a bhí luaite a bheith romhainn.
Ní raibh snáithe ceangail idir na míreanna mearaí nó deis anála le scéal a chumadh inár samhlaíocht féin. Bhí tús áite ag consaeit an teanntaithe agus ní raibh slí chun aon rud eile a shamhlú.
Ar ais linn go talamh. Chuaigh an dearadh fuaime i bhfeidhm orm – agus b’fhiú praghas an ticéid an méid sin féin. Ach fós féin bhraitheas gur cailleadh deis scéal ceart a dhúiseacht i m’aigne paisinéara. An ceol ag deireadh, níor mhair sé fada a dhóthain le splanc na samhlaíochta a lasadh agus bhí an iomarca de mhanglam stíleanna agus snáithí scéil ann roimhe sin le go mbeadh deis ag éinne freagairt don bhfuaimrian.
D’aimsigh mé cúig euro ag bun mo mhála agus ar ais liom chun Mr O’Brien a íoc.
Ní raibh tír ná talamh fágtha agam, díreach faoi mar a thuar sé.
Léiriú de chuid Darkfield
Féile Ealaíon na Gaillimhe
Flight
Grá
Bhí mé féin ag an ‘Eispéireas tumtha’ seo. Ní raibh mé cinnte ar thaitne sé liom ach ní fhéadfainn a rá nár thaitne sé liom. Mhúscail sé mí-chompórd ionam agus, ar nós an scríobhneoir thuas, bhain mé díom na cluasáin mar nach raibh m’intinn in ann cuid den mhéid a bhí ag tarlú a phróiseáil agus fuair mé thar a bheith mí-chompórdach. Cheap mé ar bhealaigh go mbeadh an suiteáil seo thar a bheith feiliúnach d’fhéile uafáis. Mholainn go daoine dhul aige díreach chun a fheiceáil céard a bhainfeadh siad as.