Údar dóchais do Ghaelcholáiste Synge go bhfuil campa samhraidh Gaeilge nua lán

Triúr daltaí atá cláraithe go dtí seo do Ghaelcholáiste Synge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, a osclófar mí Mheán Fómhair 2026

Údar dóchais do Ghaelcholáiste Synge go bhfuil campa samhraidh Gaeilge nua lán

Níl ach triúr daltaí cláraithe do Ghaelcholáiste Synge, iar-bhunscoil chomhoideachais lán-Ghaeilge nua a osclófar i ndeisceart Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair na bliana seo, ach deir lucht na scoile gur údar dóchais go bhfuil campa samhraidh Gaeilge nua atá á eagrú acu lán.

Dúirt urlabhraí thar ceann na scoile le Tuairisc go bhfuil “ró-shuibscríobh déanta ar champa samhraidh lán-Ghaeilge na scoile” atá dírithe ar dhaltaí sa cheathrú, sa chúigiú agus sa séú rang ó bhunscoileanna áitiúla.

Tá “spéis mhór [léirithe] cheana féin” i gclárú do 2027, a dúradh agus súil ag lucht na scoile go léireoidh cuid de na daltaí a bheas páirteach sa champa samhraidh suim clárú mar dhaltaí san iar-bhunscoil an bhliain seo chugainn.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge agus cathaoirleach ar an ghrúpa BÁC 2468, atá i mbun feachtais ó 2021 chun Gaelcholáiste a oscailt sa cheantar, nach bhfuil “gach rud oibrithe amach faoin bhfoirgneamh fós” ach go bhfuil plean ann anois “don chéad dhá bhliain eile”.

“Níor chuir sé aon iontas orm i mbealach. Ní raibh an scoil réidh ó thaobh clárúcháin ag an bpointe seo. Tá sí réidh anois, mar sin táimid ag breathnú i dtreo 2027,” arsa de Spáinn.

Dúirt sé go raibh ócáid ann coicís ó shin do thuismitheoirí a bhfuil páistí acu a bheas ag toiseacht amach san iarbhunscoil i mí Mheán Fómhair 2027 agus go raibh “slua an-mhór” tuismitheoirí ann “ag léiriú spéise” sa scoil.

“Níl aon dabht againne go mbeidh an scoil lán amach anseo. Tá sé lonnaithe in áit chomh lárnach agus tá an oiread sin éilimh ann anois. Tá seacht nGaelscoil timpeall air mar sin tiocfaidh sé de réir a chéile,” a dúirt sé.

Fógraíodh i mí Mheán Fómhair 2024, go raibh scoil chomhoideachais lán-Ghaeilge le déanamh de CBS Sráid Synge, iarbhunscoil do bhuachaillí i ndeisceart na cathrach, ach léirigh bord bainistíochta, múinteoirí agus tuismitheoirí na scoile amhras faoin phlean, go háirithe mar gheall ar an easpa eolais a dúradh a bhí ar fáil ón aire oideachais agus a roinn.

Nuair a fógraíodh an scéal ar dtús go raibh scoil chomhoideachais lán-Ghaeilge le déanamh de CBS Sráid Synge, dúradh go mbeadh gach dalta sa scoil ag fáil a gcuid oideachais go hiomlán trí Ghaeilge ó thús na bliana scoile 2026/27, ach fógraíodh ó shin go nglacfaí le rang a mhúinfí trí Bhéarla agus go mbeadh na daltaí a chláródh don oideachas lán-Ghaeilge á lonnú i bhfoirgneamh ar leith ar an champas.

Dúirt Julian de Spáinn go gcaithfí a thabhairt san áireamh go raibh socruithe déanta cheana ag tuismitheoirí atá lonnaithe sa cheantar, cuid acu a bhfuil páiste nó páistí níos sine acu atá ag freastal ar iarbhunscoil cheana féin.

“Gach seans ann go bhfuil an dara páiste ar an meánscoil cheana féin agus gur beag seans go mbeidh aon duine ag iarraidh a bpáistí a chur go dtí dhá scoil éagsúil.”

Dúirt sé go bhfuil “an comhthéacs” an-tábhachtach i gcás Ghaelcholáiste Synge agus go dtógfaidh an próiseas ar fad “beagáinín ama”.

“Anuraidh ní raibh aon fhoireann ag an scoil, ní raibh an príomhoide tánaisteach ceaptha ag an am [agus] ní raibh aon chaint faoi cén láthair a bheadh an scoil lonnaithe ann, bhí tú ag iarraidh tuismitheoirí a mhealladh ag am nach raibh aon fhreagra ar aon cheist a bhí ag na tuismitheoirí.”

Tá an Príomhoide Tánaisteach, Méabh Ní Fhearghaill, ag obair go lánaimseartha s ó mhí na Samhna seo a chuaigh thart agus is í atá freagrach as eagrú an champa samhraidh san am i láthair.

“Tá sé tábhachtach go bhfeicfidh siad [na páistí] an scoil agus gach rud mar sin.

Caithfear dul i ngleic leis an amhras [sin] atá ar thuismitheoirí freisin faoi cad é an rud seo atá ag tarlúint le CBS, Sráid Synge ag dúnadh agus an Gaelcholáiste ag oscailt,” a dúirt sé.

In agallamh le Tuairisc anuraidh, dúirt Julian de Spáinn, go raibh siad ag éileamh ar an aire oideachais an t-eolas ar fad a bhain leis an scoil a chur ar fáil “go práinneach” mar go raibh sé chun a bheith “fíordheacair aon tuismitheoir a mhealladh do 2026″.

Dúradh go raibh “cinneadh déanta an scoil a aistriú go Gaelcholáiste, [agus] gur chóir é sin a dheanamh chomh tapaidh agus is féidir.”

 

 

Fág freagra ar 'Údar dóchais do Ghaelcholáiste Synge go bhfuil campa samhraidh Gaeilge nua lán'