Beidh Maigh Eo réidh do Chiarraí ach an mbeidh siad réidh do David Clifford?

Tá an-chuid buanna ag foireann Andy Moran agus cluiche ceannais eile bainte amach acu, ach tá ceist mhór amháin eile le freagairt i bPáirc an Chrócaigh

Beidh Maigh Eo réidh do Chiarraí ach an mbeidh siad réidh do David Clifford?

Ciarraí v Maigh Eo
Páirc an Chrócaigh
3.30in
(Beo ar RTÉ & BBC)

Uair amháin eile isteach sa mbearna bhaoil le peileadóirí Mhaigh Eo. Ocht gcinn de chluichí ceannais atá caillte ag an gcontae ó thús na mílaoise, aon cheann déag ó 1989 ach beidh na sluaite ó Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh inniu chun a ngaiscígh a leanúint tríd an mbearna uair amháin eile.

Agus cén fáth nach mbeadh? Agus craobh peile 2026 ar cheann de na cinn ab fhearr a bhí againn le fada, fada an lá, tá aistear fhoireann seo Mhaigh Eo ar cheann de scéalta móra an tsamhraidh.

Chloígh Ros Comáin go cuimsitheach iad ag tús na craoibhe, buadh orthu leis gcic deireanach in aghaidh Thír Eoghain agus ba cheart go mbeadh bata agus bóthar tugtha dóibh ag contae na Mí an mhí seo caite, ach tá an fhoireann imithe ó neart go neart ó shin agus lá mór eile ar Bhóthar Mhic Sheoin anois an toradh.

Bhí Andy Moran ina laoch ag lucht tacaíochta Mhaigh Eo ar pháirc na himeartha agus tá an bheocht agus an sprid chéanna curtha aige i lucht leanta an chontae mar bhainisteoir. Bíodh gliondar oraibh ag súil le cluiche ceannais eile, éirígí in airde, a dúirt sé, i ndiaidh an bhua ar chontae Lú. Ní féidir dul thar fóir.

Tá sé soiléir céard, nó cé hiad, atá ag cur sceitimíní ar lucht tacaíochta Mhaigh Eo. Nuair a bhí an fhoireann ar a mbíodh Moran féin ag imirt i mbarr a réime deich mbliana ó shin, measadh gur easpa tosaithe ar an gcaighdeán ab airde a d’fhág nach rabhadar in ann ríthe Átha Cliath a shárú.

Anois, tá líne lántosaithe ag Maigh Eo a bhfuil scrios déanta acu go dtí seo i bPáirc an Chrócaigh. D’aimsigh Kobe McDonald, Ryan O’Donoghue agus Darragh Beirne naoi bpointe dhéag in aghaidh Chorcaí sna babhtaí ceathrú ceannais. 2-17 a d’aimsigh an triúr in aghaidh chontae Lú.

Déagóirí iad Beirne agus McDonald a thug faoin Ardteist an mhí seo caite ach tá chuile cheist a cuireadh orthu ar pháirc na himeartha go dtí seo freagartha acu. Tá sé chomh maith dhuit a rá go bhfuiltear i Maigh Eo ag caint ar Kobe ó rinne sé an cóineartú, ná bac leis an Ardteist, ach níl an chuma air go gcuireann an brú as dó tada agus gur fearr a fheileann an lá mór dó.

Is mór an chabhair don bheirt ógánach Ryan O’Donoghue a bheith taobh leo. Sárpheileadóir é fear Bhéal an Mhuirthead ach bíonn sé trodach gan trua nuair is gá agus is cinnte go mbeidh na buanna sin ag teastáil inniu.

Bhí O’Donoghue, McDonald agus Beirne caithréimeach in aghaidh Chorcaí agus Lú, ach scéal eile ar fad a bheidh ann an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí i gcluiche ceannais. Má éiríonn leo 21 pointe a roinnt eatarthu, mar atá déanta le dhá chluiche anuas ar an meán, cinnte bheadh tú ag súil go mbeadh deireadh leis an ngorta ach ní fhéadfadh go bhfuil an Maigh Eoch is dóchasaí ag súil go dtarlóidh sin.

Ní bheidh Jack O’Connor sásta leis an líon deiseanna ar scóranna a ghéill na Ciarraígh in aghaidh Átha Cliath agus in aghaidh Thír Eoghain roimhe sin, ach níl aon chúl géillte acu le ceithre chluiche anuas agus tá taithí mhór ag Paul Murphy agus Jason Foley sa líne lánchúil. Cé gurb é Foley is mó a bheadh in ann ag coisíocht agus airde McDonald, is fearr le O’Connor é a lánchúlaí a choinneáil gar don chúl, rud a fhágann gur mó seans gurb é Dylan Casey a bheidh á leanúint.

Ní raibh cosantóirí chontae Lú in ann ag an mbrú a chuir Maigh Eo orthu sa gcluiche leathcheannais agus beidh Maigh Eo ag díriú ar Casey an uair seo, ar baineadh an liathróid dó cúpla uair in aghaidh Átha Cliath. Beidh Ciarraí agus Casey ag súil leis sin, áfach, agus ba cheart go mbeadh plean réitithe acu.

Nuair a théann Shane Murphy fada leis an gcic amach, caithfidh a bplean féin a bheith ag Maigh Eo. Beidh ceathrar fathach Chiarraí, Mark O’Shea, Seán O’Brien, Joe O’Connor agus Diarmuid O’Connor, ag fanacht agus más le Maigh Eo rath a bheith orthu, déarfá go gcaithfeadh na Connachtaigh an liathróid a bhriseadh chun talún agus dul sa tóir uirthi go fíochmhar ansin.

D’fhéadfadh sin uile tarlú. D’fhéadfadh líne lántosaithe Mhaigh Eo scrios a dhéanamh. D’fhéadfadh siad an cath i lár na páirce a bhuachan. An cheist is mó agus is tábhachtaí áfach ná céard a tharlóidh ar an taobh eile den pháirc.

Tá cosaint Mhaigh Eo feabhsaithe go mór ó rinne contae na Mí scrios uirthi sa gcéad leath i gCaisleán an Bharraigh mí ó shin ach níor cuireadh aon tástáil uirthi go fóill mar a chuirfear inniu.

D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireodh le Maigh Eo greim a choinneáil ar Dylan Geaney, a raibh sárbhliain aige go dtí seo. B’fhéidir nach bhfuil Seán O’Shea tagtha chuige féin go hiomlán ó ghortú. Ach céard faoin mbeirt eile? Bheartaigh Áth Cliath saoirse a thabhairt do Paudie Clifford cúpla seachtain ó shin, mar a rinne Dún na nGall i gcluiche ceannais na bliana seo caite. Stiúir sé an imirt ar fad. D’fhéadfadh Maigh Eo Enda Hession a chur á mharcáil ach cén tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin ar an imirt istigh?

Is fearr an cosantóir é Brendan McCole chun srian a choinneáil ar imreoir ná aon duine atá ag Maigh Eo ach d’aimsigh David Clifford naoi bpointe sa gcluiche ceannais anuraidh. Ní raibh sé ar a bhuille in aghaidh Átha Cliath ach d’aimsigh sé 1-5.

Beidh plean ag Maigh Eo do gach rud ach má chliseann an ceann atá acu do Clifford, clisfidh siad uile sa deireadh.

Fág freagra ar 'Beidh Maigh Eo réidh do Chiarraí ach an mbeidh siad réidh do David Clifford?'