FÉILTE
Féile cheoil thraidisiúnta Bhéal Feirste
Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le TradFest Bhéal Feirste a bheidh ar siúl ón 26 Iúil go dtí an 2 Lúnasa, agus beidh breis agus 1,000 ealaíontóir páirteach i mbeagnach 600 imeacht i 40 láthair ar fud na cathrach.
I measc bhuaicphointí na féile tá ceolchoirmeacha le Solas, Cherish the Ladies, Four Men and a Dog agus Flook, chomh maith le breis is 130 seisiún saor in aisce, ceardlanna, cainteanna agus imeachtaí pobail.
Beidh líon mór ceoltóirí Gaeilge ar an gclár freisin, ina measc CUAS, The Bonny Men, Bríd Harper, Diane Ní Chanáin, Muireann Nic Amhlaoibh, Nuala Kennedy, Dónal Murphy agus Nollaig Casey. Deir stiúrthóir ealaíne na féile, Dónal O’Connor, gurb é aidhm na féile daoine ó chúlraí éagsúla a thabhairt le chéile trí cheol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta.
Clár na féile agus ticéid anseo.

Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste
Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mBéal Feirste ón 2 -9 Lúnasa 2026. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl i gcaitheamh na seachtaine.
beidh comórtais Uile-Éireann, ceolchoirmeacha, seisiúin sráide, Scoil Éigse, céilithe agus imeachtaí cultúrtha eile.
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ag an bhFleadh freisin, le ceol beo, scéalaíocht, cainteanna agus imeachtaí do gach aoisghrúpa. Tuilleadh eolais anseo. https://fleadhcheoil.ie/event/seachtain-na-gaeilge/108188101/
Beidh Ceol na Cruinne, taispeántas idirnáisiúnta Chomhaltas ar siúl in Halla Uladh ar an 6 Lúnasa, le ceoltóirí ó bhrainsí Chomhaltais ar fud an domhain.
Cuirfear Seisiúin Amhránaíochta ar siúl ar an 7 Lúnasa, le hamhránaithe traidisiúnta agus fáilte roimh amhránaithe agus lucht éisteachta bualadh isteach.
Gach eolas agus clár le fáil anseo.
Scoil Samhraidh Mhic Reachtain
Cuireadh tús an tseachtain seo le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2026 agus leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh go dtí an 31 Iúil. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun i rith na scoile, beidh seisiúin cheoil ó Luan go hAoine, trí huaire sa lá sa Chaifé Ceoil agus sa halla mór thuas staighre in Áras Mhic Reachtain.
Cuirfear na seisiúin ar bun ag 11:00 r.n., 12:30 i.n., agus 2:30 i.n. I measc na gceoltóirí a bheidh páirteach sna seisiúin beidh Catríona Ní Ghribín, Midhachlughain Ní Dhomhnaill, Seosamh Mac Myles McCormack, Cormac Ó Briain, Adam Costa agus ceoltóirí eile.
Beidh an siopa leabhar An Ceathrú Póilí i láthair i rith na scoile agus seastán díolachán leabhar acu gach lá ó Luan go hAoine. Cuirfidh an Dr Fionntán de Brún siúlóid threoraithe ar bun ar an Satharn, 25 Iúil, ag a bpléifear stair na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge i lár chathair Bhéal Feirste. Tosóidh an tsiúlóid ag doirse tosaigh Primark ag a 2pm agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí a 4pm.
Clár na féile agus gach eolas le fáil anseo.
Fleá na bPrátaí ag ceiliúradh 30 bliain
Fleá na bPrátaí, ar bun ón 14-16 Lúnasa i nGleann na Sceiche, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe. Tá an fhéile bhliantúil seo ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus beidh clár imeachtaí spraíúla idir cheol, scéalaíocht, damhsa agus neart eile ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, beidh baint, cócaireáil agus ithe na bhfataí agus beidh na fataí á gcócaireáil ar bhealaí éagsúla. Beidh scéalta á n-insint faoi sheanchas agus stair na bhfataí agus beidh ceolchoirm mhór na féile ar bun sa Phuball Mór. Cuirfear maidhc oscailte ar bun agus cuireadh á thabhairt dá mbeidh i láthair amhrán a chasadh, dán a aithris, portaireacht bhéile nó fonn a chasadh don chuideachta.
Cuirfear seisiún ceoil is amhránaíochta ar bun agus beidh réimse imeachtaí eile ar bun, ina measc, siúlóid tuaithe agus damhsa.
Tuilleadh eolais ar fáil ó padraigrua@gmail.com
LEABHAIR

Úrscéal nua do pháistí le Anna Heussaff
Tá Turas Róise, úrscéal nua do pháistí le Anna Heussaff, ar fáil anois mar leabhar clóite, mar ríomhleabhar agus mar chlosleabhar, á léamh ag Sinéad Ní Uallacháin. Tá léaráidí le Laoise Tarrant mar chuid den eagrán digiteach ar shuíomh LeighLeat.
Is é Turas Róise an chéad úrscéal nuascríofa atá foilsithe ag Léighleat, suíomh idirlín a bunaíodh in 2014 chun acmhainní digiteacha Gaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile. Cuireann an suíomh tacaíocht ar fáil freisin do pháistí agus dá dtuismitheoirí trí scéalta, dánta, closábhar agus áiseanna foghlama Gaeilge a chur ar fáil le n-úsáid sa mbaile.
Moltar an t-úrscéal mar leabhar ranga do Ranganna 5 agus 6 sa bhunscoil agus do Bhlianta 1 agus 2 sa mheánscoil. Tá an leagan clóite ar fáil ar Lulu Bookstore, agus tá an leagan digiteach, lena n-áirítear an téacs, an closleabhar agus na léaráidí, ar fáil in aisce ar shuíomh Léighleat.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Fleá na bPrátaí, Tradfest Bhéal Feirste, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, ‘Turas Róise’ ar LeighLeat.com'