I bhfad níos mó dúshlán roimh na Rúisigh ná mar a bhí aon am eile le trí bliana anuas

Tá cor eile sa tríú céim den chogadh san Úcráin, an cogadh tnáite atá ar siúl ó bhí 2023 ann

I bhfad níos mó dúshlán roimh na Rúisigh ná mar a bhí aon am eile le trí bliana anuas

Is iomaí cor agus casadh atá tar éis tarlú sa chogadh san Úcráin go dtí seo ó thaobh dul chun cinn ar an talamh de, ó thaobh na teicneolaíochta de agus an chaoi ina dtéann an dá thaobh i mbun cogaíochta, ach ina ainneoin sin is féidir an cogadh a roinnt i dtrí phríomhchéim nó trí thréimhse.

Is léir go raibh an chéad chéim idir Feabhra agus Bealtaine 2022 nuair a rinne an Rúis iarrachtaí seilbh a ghlacadh ar an tír. Mhair an dara céim, tréimhse inar sheol na hÚcránaigh trí fheachtas frith-ionsaithe, ó shamhradh 2022 go Ssmhradh 2023.

I ndiaidh 2023, shocraigh an cogadh síos ina chogadh tnáite agus bhí an chuid is mó de na buntáistí ag na Rúisigh. D’éirigh leo talamh a ghabháil beagán ar bheagán agus bhí ar na hÚcránaigh cuid de chríocha an Donbas a thréigean. D’éirigh leo cur lena n-ionsaithe ón aer go dtí an pointe gur measadh gur scriosadh thart ar 90% de chumas giniúna cumhachta na hÚcráine faoi dheireadh an gheimhridh i mbliana.

Anuas air seo, chaill na hÚcránaigh an comhghuaillí ba thábhachtaí a bhí acu, na Meiriceánaigh, nuair a chuir siadsan deireadh lena gcúnamh míleata dóibh. Faoi dheireadh 2025 bhí an chuma air nach raibh an cogadh ag dul ach i dtreo amháin.

Ach bhí mí an Mhárta i mbliana ní ba thábhachtaí do na hÚcránaigh ná aon mhí eile ó bhí 2023 ann.

D’éirigh leo níos mó talún a athghabháil ná mar a bhí na Rúisigh in ann a ghabháil. Meastar gur éirigh leo ní ba mhó ionsaithe dróin a sheoladh in aghaidh an lae i rith na míosa ná mar a sheol na Rúisigh.

Scrios siad ní ba mhó córas aerchosanta agus córas radair Rúiseach le linn na míosa ná mar a scrios siad in aon mhí eile ó thús an chogaidh.

D’éirigh leo ionsaithe a dhéanamh ar áiseanna ola i Murascaill na Fionlainne, rud nach raibh ar a gcumas a dhéanamh roimhe sin. Anuas air sin cuireadh stop le rochtain na Rúiseach ar chóras satailíte Starlink.

Casadh na taoide nó cor eile?

Ach an léiríonn na forbairtí sin go bhfuil an taoide tar éis casadh nó ar tí casadh sa chogadh, nó an léiríonn siad nach bhfuil ann ach cor eile sa tríú céim den chogadh: an cogadh tnáite atá ar siúl ó bhí 2023 ann?

Gan amhras, chuir na hÚcránaigh leis na buanna a bhí acu i mí an Mhárta. D’éirigh leo ionsaithe leanúnacha a dhéanamh ar línte soláthair na Rúiseach ón Rúis tríd na críocha gafa go dtí an Chrimé, rud atá ag cruthú deacrachtaí soláthair, ní hamháin don Chrimé ach dá gcuid trúpaí sa deisceart chomh maith.

Meastar gur scrios siad níos mó ná 120 de chórais aerchosanta na Rúise ó bhí mí an Mhárta ann, rud a d’oscail níos mó bealaí chun ionsaithe a dhéanamh ar scaglanna ola níos doimhne sa Rúis. D’éirigh leo briseadh tríd an gcóras aerchosanta atá leagtha amach thar timpeall chathair Mhoscó agus ionsaí a dhéanamh ar an scaglann ola is mó sa chathair.

Mar gheall ar líon na n-ionsaithe ar scaglanna ola sa Rúis is léir go bhfuil deacrachtaí soláthair ola fud fad na tíre, rud a d’admhaigh Putin an tseachtain seo caite. Cé gur tír easpórtála ola í an Rúis, meastar anois nach bhfuil sí in ann an t-éileamh sa bhaile a shásamh agus mar chruthúnas air sin bhí uirthi cosc a chur ar easpórtáil ola agus de réir tuairisc ó Reuters, tá breosla á iompórtáil aici chun an t-éileamh sa bhaile a shásamh.

Mar gheall ar ionsaithe ar an gCrimé, lena n-áirítear ar na bealaí isteach, na línte soláthair, na háiseanna ola agus leictreachais, bhí ar na húdaráis staid éigeandála a fhógairt.

Ina theannta sin, tá moill curtha ar dhul chun cinn na Rúiseach ar an talamh. Meastar gur ghabh na Rúisigh thart ar 250 ciliméadar cearnach sa tréimhse ó mhí an Mhárta i mbliana, laghdú ollmhór ón 1200 ciliméadar cearnach a ghabh siad sa tréimhse chéanna anuraidh.

Ach in ainneoin na ndeacrachtaí thuasluaite tá na Rúisigh ar tí ceann de na trí chathair sa Donbas, ar a dtugtar na cathracha daingin, a thimpeallú. Má éiríonn leo é sin a dhéanamh beidh an dá cheann eile i mbaol, agus dá dtitfeadh siad, bheadh an cath chun an Donbas a chosaint thart a bheag nó a mhór.

Deacrachtaí as seo amach

Leanfaidh na hÚcránaigh lena n-ionsaithe ar na línte soláthair agus cé go mbeidh na Rúisigh in ann dul i dtaithí ar chúrsaí, cruthófar níos mó deacrachtaí do na trúpaí sa deisceart ná dóibh siúd san oirthear toisc go bhfuil na línte soláthair níos faide.

Cé go bhfuil an Chrimé i gcruachás, níl sé soiléir faoi láthair cén chaoi a mbeidh na Rúisigh in ann dul i ngleic leis an ngéarchéim, ach ní gan dua a bheidh sé. Toisc go bhfuil an fórsa forghabhála sa Chrimé ag tabhairt tacaíocht do na trúpaí atá ag ionsaí i ndeisceart na hÚcráine cuirfidh sé sin leis na deacrachtaí soláthair atá rompu sa limistéar sin.

Cruthóidh na deacrachtaí sin deiseanna do na hÚcránaigh frith-ionsaithe logánta a dhéanamh, ach ag an bpointe seo níl na hacmhainní ná na cúltacaithe acu chun na deiseanna sin a thapú agus feachtas ar scála mór a sheoladh amhail mar a rinne siad i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Tá an chuid is mó de chórais aerchosanta na Rúise lonnaithe gar do theorainn na hÚcráine agus thart timpeall ar chathair Mhoscó. Dá bharr sin, nuair a éiríonn le dróin Úcránacha briseadh tríd an teorainn bíonn roinnt bealaí chuig targaidí sa Rúis, seachas Moscó, gan mórán cosanta.

Toisc go bhfuil na córais aerchosanta ar an teorainn á n-ionsaí ag na hÚcránaigh tá sé níos éasca briseadh tríd ná roimhe seo, rud a chiallaíonn go gcuirfidh siad lena n-ionsaithe ar scaglanna na Rúise. Cruthóidh ganntanas breosla deacrachtaí ní hamháin do mhuintir na Rúise ach do bheagnach gach earnáil sa tír agus beidh ar na Rúisigh dul i ngleic leis na deacrachtaí sin as seo amach.

Ach tá go leor dúshlán roimh na hÚcránaigh fós: easpa córas aerchosanta agus radair, easpa áiseanna cogaíochta leictreonaí, easpa réitigh ar fhadhb na mbuamaí faoileitilte, buamaí atá ag déanamh an-damáiste do chathracha agus bailte gar don líne choimhlinte, easpa cúltacaithe agus an baol go ndéanfar slógadh sa Rúis. Aithníonn na hÚcránaigh nach bhfuil casadh na taoide bainte amach go fóill.

Ar an taobh eile, tá i bhfad níos mó dúshlán roimh na Rúisigh ná mar a bhí rompu aon am eile le trí bliana anuas: feachtas córasach i gcoinne scaglanna ola, feachtas ionsaithe i gcoinne na línte soláthair i bhfad ón líne choimhlinte, feachtas córasach i gcoinne na Crimé, cumas na nÚcránach dróin a mhonarú ar scala mór agus easpa rochtana ar chóras satailíte Starlink.

Tá an chuma air nach bhfuil sna forbairtí is déanaí ach cor eile sa chogadh tnáite, ach tá roinnt blagálaithe míleata Rúiseacha den tuairim gur chóir dóibh cur lena n-ionsaithe ar thargaidí sibhialta agus slógadh ginearálta a fhógairt chun pointe casta sa chogadh a sheachaint. Mar a léiríonn na hionsaithe ar Chív agus cathracha eile le cúpla mí anuas, tá na Rúisigh ag éisteacht leis an gcéad mholadh.

Fág freagra ar 'I bhfad níos mó dúshlán roimh na Rúisigh ná mar a bhí aon am eile le trí bliana anuas'