Bhí na deora ag sileadh le muintir Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna arís ach deora áthais a bhí ann. Ar Dhomhnach Chrom Dubh, tá barr an tsléibhe bainte amach ag peileadóirí Mhaigh Eo agus Corn Sam Mhig Uidhir ag dul siar leo den chéad uair le 75 bliain tar éis dóibh Ciarraí a chloí i gcluiche ceannais na hÉireann.
Agus chuile chineál cliseadh agus tubaiste tarlaithe dóibh le 30 bliain anuas, is go caithréimeach, ceannasach a rinneadar an beart faoi dheireadh. B’fhearr i bhfad na Connachtaigh agus iad cuid mhaith níos fearr ná Ciarraí ná mar a léirigh an bhearna ceithre phointe a bhí idir na foirne ag an deireadh.
Thar beagnach aon chluiche ceannais peile le fada, cheapamar roimh ré go raibh toradh na coimhlinte seo socraithe roimh ré. Cheapamar go mbeadh Ciarraí, curaidh na bliana seo caite, rómhaith. Cheapamar go bhféadfadh an lá mór a bheith rómhór ag déagóirí Mhaigh Eo. Cheapamar nach mbeadh Maigh Eo in ann ag David Clifford. Cheapamar go mbeadh Ciarraí in ann ag fiántas Mhaigh Eo.
Rinneadar amadáin dúinn uilig.
Ní hé go raibh lá gan locht ag Maigh Eo ach an oiread. Cé nach raibh an imirt ródhona acu sa gcéad cheathrú uaire, bhíodar 0-1 in aghaidh 1-5 chun deiridh théis 15 nóíméad. Chuireadar ualach iarrachtaí amú i gcaitheamh an chluiche, níor aimsíodar ach ceithre cinn den 13 iarracht acu ar dhúiblín. Ach fós, bhí an bua tuillte go hiomlán acu.
Níor tugadh deis anála do Chiarraí. Mar a rinne Maigh Eo in aghaidh chontae Lú, phlúch siad cosantóirí Chiarraí arís agus arís eile agus iad ag teacht amach leis an liathróid. Bhí Ryan O’Donoghue, Kobe McDonald agus Darragh Beirne ar fheabhas mar an chéad líne cosanta sin acu ach rinneadar uilig a gcúram. Fágadh spás sa gcuid eile den pháirc ach ní raibh Ciarraí riamh in ann leas a bhaint as.

Bhí foireann Jack O’Connor ag brath rómhór ar na Cliffords chun aon dul chun cinn a dhéanamh. Ní raibh David ar a bhuille agus é scoite amach ón imirt ar feadh tréimhsí fada ach fós d’aimsigh sé 1-6 ón imirt. Ba é Paudie Clifford a rinne an obair le Ciarraí a tharraingt ar ais sa gcluiche sa dara leath ach ní dhearna na fir timpeall orthu a ndóthain.
Bhí mí-ádh ar Chiarraí freisin. D’fhág gortú nach raibh Diarmuid O’Connor in ann dul chun páirce agus tugadh Tom O’Sullivan isteach don chéad chluiche aige ón mbua ar chontae an Chláir mí Aibreáin. Bhí an mheirg ar imirt an tSúilleabhánaigh le feiceáil áfach agus cúpla iarracht curtha amú aige sula bhfuair sé an pointe sin.
D’fhág gortú eile nach raibh duine eile de bhuíon an Daingin, captaen na foirne Paul Geaney, in ann dul chun páirce ar chor ar bith. Nuair a bhi scóranna de dhíth ar Chiarraí sa dara leath, bhí ar Jack O’Connor dul i muinín leithéidí Thomáis Kennedy agus Keith Evans, beirt nár éirigh leo dul i bhfeidhm ar chúrsaí mórán.
Dá mbeadh gach duine ar fáil acu, b’fhéidir gur scéal eile a bheadh ann ach ní bheidh muintir Mhaigh Eo ag déanamh imní ar bith faoin mí-ádh agus cén fáth go mbeadh.

Ná bac le plean trí bliana, tá Maigh Eo tugtha chuig an tír tairngire ag Andy Moran sa gcéad bhliain aige ina bhainisteoir. D’éirigh go hiontach lena sheift Ryan O’Donoghue a imirt níos faide amach ón gcúl. Níor aimsigh príomhscórálaí Mhaigh Eo ach trí scór sa gcluiche ach dúbailíní a bhí i bpéire acu agus bhí lámh aige in an-chuid d’imirt mhaith na foirne.
Má bhí Maigh Eo ag breathnú ar a gcomharsana sa gcluiche ceannais iomána, ba léir gur thuigeadar ó chliseadh na Gaillimhe nach bhfuil aon mhaith seasamh siar ó na boic mhóra agus nach bhfuil le déanamh ach tabhairt fúthu agus b’in a rinne Maigh Eo ón gcéad nóiméad.
Is beag a shaothraigh siad ón obair uilig ag an tús, áfach. D’fhág scór ag Dylan Casey agus péire eile ag David Clifford go raibh Ciarraí 0-3 in aghaidh 0-0 chun tosaigh théis cúig nóiméad.
D’aimsigh David McBrien an chéad scór do Mhaigh Eo agus cé go raibh foireann Andy Moran ag baint seilbh na liathróide de leithéidí Casey agus Paul Murphy ní raibh siad in ann na deiseanna a thapú. Chuir Jordan Flynn agus Darragh Breirne iarrachtaí ar dhúbailíní ar strae agus d’fhág Paul Towey iarracht eile i mbrollach Shane Murphy. Nuair a scórail Ciarraí 1-2 in imeacht dhá nóiméad, chun seacht bpointe a chur idir na foirne, cheap go leor againn go raibh bua éasca eile ag an Ríocht i ndán dúinn.
Seán O’Shea a d’aimsigh na pointí agus ba é a thug an pas don chúl do David Clifford a ghearr isteach ón gcliathán agus, mar atá déanta chomh minic sin aige, le dul thar an cúl báire le preab den liathróid.
Ní haon bhuille marfach a bhí ann, áfach. D’aimsigh Jack Carney scór dhá phointe mar fhreagra agus an lámh in uachtar ag a fhoireann as sin go leath ama. D’aimsigh Maigh Eo naoi bpointe sa tréimhse sin agus gan ach trí cinn ag Ciarraí mar fhreagra. D’fhág sin nach raibh Ciarraí ach pointe amháin chun tosaigh, 1-8 in aghaidh 0-10, ag leath ama agus cóir na gaoithe le bheith ag Maigh Eo sa dara lath.
Is beag a d’athraigh i ndiaidh an bhrisidh. Chuir Darragh Beirne na foirne ar comhscór sa gcéad nóiméad den dara leath agus cé eile ach Kobe a chuir Maigh Eo chun tosaigh den chéad uair le cic ‘45 sa 38ú nóiméad.
Nuair a chlis ar ionsaí eile de chuid Chiarraí sa 40ú nóiméad, chuaigh Maigh Eo ar ionsaí lasrach. Bhí cuma an ghiorria ar Ryan O’Donoghue agus é ag dul suas an pháirc, thug sé pas do David McBrien, a chuir an liathróid i dtreo Darragh Beirne a lascáil go cúl na heangaí í.

Bhí Maigh Eo anois ceithre phointe chun tosaigh, 1-12 in aghaidh 1-8 agus cúig phointe de bhearna a bhí ann sa 45ú nóiméad nuair a scóráil Jack Carney dúbailín eile.
Bhí an tréimhse is fearr ag Ciarraí sa dara leath ina dhiaidh seo agus an bhearna laghdaithe go dtí aon phointe amháin acu.Dhá phointe a fuair Paudie Clifford agus chruthaigh sé péire eile.
Ach bhí an t-ualach rómhór chun go mbeadh sé á iompar leis féin.
Bheadh cúl ag Kobe sa 55ú nóiméad ach bhí sábháil den scoth ag Shane Murphy chun an liathróid a chur thar an trasnán. D’aimsigh Kobe é fein agus a leathdheartháir Jordan Flynn pointí eile chun an bhearna a mhéadú tuilleadh agus nuair a lascáil Ryan O’Donoghue dúbailín dochreidte eile sa 62ú nóiméad, cheapfá, agus bhí tú leath ag súil, gurb in sin.
Laghdaigh dúbailín ó David agus pointe ó Paudie an bhearna go dtí dhá phointe arís ach chlis ar David agus ansin ar Sheán O’Shea an comhscór a fháil. Gadaíocht cheart a bheadh déanta dá mbeadh an sprioc aimsithe ach níor aimsigh agus fágadh ag Tommy Conroy an scór deireanach a fháil agus tús a chur le ceiliúradh a rabhthas ag fanacht air i Maigh Eo le fada fada an lá.
Maigh Eo: J Livingstone; J Coyne, D McHugh, E McGreal; S Callinan (0-1), D McBrien (0-1), E Hession; B Tuohy, J Carney (0-4, 2d); D O’Connor, P Towey, J Flynn (0-1); D Beirne (1-3, 2cs), R O’Donoghue (0-5, 2d), K McDonald (0-3, 1’45). Fir Ionaid: T Conroy (0-2) in áit Towey (25 nóim), M Ruane in áit Tuohy (53 nóim), R Brickenden in áit McGreal (53 nóim), C Loftus in áit Flynn (58 nóim), P Durcan in áit Callinan (65 nóim).
Ciarraí: S Murphy; P Murphy, J Foley, D Casey (0-1); T O’Sullivan, M Breen, G White; M O’Shea, S O’Brien; J O’Connor (0-1), S O’Shea (0-3), G O’Sullivan (0-1); D Geaney, D Clifford (1-6, 1d), P Clifford (0-3, 1’45). Fir Ionaid: E Looney in áit Casey (29 nóim-35 nóim), K Evans (0-1) in áit O’Sullivan (leath ama), T Kennedy in áit Geaney (51 nóim), B Ó Beaglaoich in áit White (59 nóim), E Looney in áit P Murphy (61 nóim), M Burns in áit M O’Shea (63 nóim)
Réiteoir: Martin McNally (Muineachán).
Fág freagra ar 'Tír tairngire bainte amach ag Maigh Eo agus deireadh leis an bhfanacht'