‘Ba chóir don stát é a cheannach’ – teach mhuintir Mháirtín Uí Chadhain ar an gCnocán Glas ar díol

Tá an teach inar rugadh an Cadhnach, atá ar an mbaile fearainn céanna, ina fhothrach le fada an lá agus i seilbh Iontaobhas Uí Chadhain le tamall de bhlianta anuas

‘Ba chóir don stát é a cheannach’ – teach mhuintir Mháirtín Uí Chadhain ar an gCnocán Glas ar díol

Deir aos acadúil gurbh fhiú don stát teach mhuintir Mháírtín Uí Chadhain a cheannach agus ionad do scríbhneoirí na Gaeilge a dhéanamh de.

Tá an teach ar díol i gCois Fharraige. Tá an teach le feiceáil sa scannán gearr Máirtín Ó Cadhain ar an gCnocán Glas agus dar leis an scríbhneoir féin b’ann a fuair sé a acmhainn teanga óna mhuintir.

Tá an teach inar rugadh an Cadhnach, atá ar an mbaile fearainn céanna, ina fhothrach le fada an lá agus i seilbh Iontaobhas Uí Chadhain le tamall de bhlianta anuas.

€325,000 atá á lorg ag an gceantálaí Martin O’Connor ar an teach dhá stór a bhfuil ceithre sheomra leapa ann. Deirtear ar shuíomh an cheantálaí go bhfuil stair an tí mar theach mhuintir an Chadhnaigh suntasach agus saibhreas “cultúrtha agus oidhreachta” ag baint leis dá bharr. Rinneadh athchóiriú cheana ar an áiléar sa teach, rud a fhágann go bhfuil trí leibhéal sa teach dhá stór.

Tá talamh agus cróite mar chuid den áitreabh ar a bhfuil an teach, a tógadh sa chéad leath den chéad seo caite. Maíonn na ceantálaithe go bhféadfaí athchóiriú a dhéanamh ar na botháin sin agus spás stórais nó ceardlanna a dhéanamh díobh.

Dúirt an tOllamh Gearóid Denvir, iarcheann Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus saineolaí ar shaothar an Chadhnaigh, le Tuairisc nach bhfuil aon amhras ann ach gur cheart don stát an teach a cheannach agus ionad a dhéanamh de a bheadh ar fáil d’ealaíontóirí den uile chineál.

“Ba cheart don stát é a cheannach gan cheist, agus d’fhéadfaí ionad ar nós an ionad in Eanach Mhic Dheirg [Ionad Tyrone Guthrie] a dhéanamh do Ghaeilgeoirí agus d’ealaíontóirí sa gciall is leithne den fhocal.

“D’fhéadfaí áit photadóireachta, phéintéireachta, dealbhóireachta a dhéanamh den teach. D’fhéadfadh an stát an-chuid a dhéanamh dá mbeadh an tAire Gaeltachta Dara Calleary ag iarraidh na healaíona dúchais a chur chun cinn,” a dúirt Denvir.

Dúirt sé gur “cailleadh deis” nuair nár cheannaigh an stát teach a bhí luaite le scríbhneoir eile as Gaeltacht na Gaillimhe, Pádraic Ó Conaire, ach go bhféadfaí an deis a thapú anois agus ionad a dhéanamh de theach Mháirtín Uí Chadhain.

Dúirt Máire Ní Neachtain, iar-cheann roinne ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál, arb as an Spidéal di, go mbeadh sé “thar a bheith feiliúnach” dá mbeadh a leithéid d’ionad i gCois Fharraige agus gur maith an rud é dá mbeadh teach mhuintir Chadhain i seilbh an stáit.

“Tá an teach ina rugadh an Cadhnach ceannaithe ag Iontaobhas Uí Chadhain agus, is dóigh, má bhí tada le déanamh gurb in an áit gur cheart é a dhéanamh. An bhrionglóid a bhí ag an Iontaobhas ná go ndéanfaí cóiriú ar an seanteach agus go mbeadh ionad scríbhneoireachta Eanach Mhic Dheirg na Gaeltachta ann. Ach bheadh sé i bhfad níos éasca a leithéid sin a fhorbairt sa teach áirithe sin.

“Tá stair ag baint leis [an teach] gan cheist ar bith. Na rudaí a dúirt an Cadhnach faoin acmhainn teanga a bhí aige, is óna mhuintir a fuair sé é sa teach sin. Ar an mbonn sin, cinnte, ba mhaith an rud é a bheith i seilbh an stáit, ní bheadh aon locht ar an stát dul agus an teach sin a cheannach,” a dúirt Ní Neachtain.

Dúirt sí go raibh “an oiread sin de thithe foilsitheoireachta na Gaeilge” lonnaithe i gceantar Chois Fharraige go mbeadh sé “thar a bheith feiliúnach” ionad do scríbhneoirí a fhorbairt sa cheantar.

“Bheadh sé chun leas an phobail agus leas aos liteartha agus litríochta na Gaeilge trí chéile,” a dúirt sí.

Dúirt an tOllamh Emertius Alan Titley gur “deis iontach” atá ann don stát an teach a cheannach agus gur “iomaí leas” a d’fhéadfaí a bhaint as.

“Is beag dealb hnó leac nó suaitheantas poiblí atá againn mar onóir do scríbhneoir Gaeilge ar bith. Is mór an náire é sin, óir is í litríocht na Gaeilge príomhlitríocht na tíre le breis mhaith agus míle bliain.

“Deis iontach is ea é seo don stát teach an Chadhnaigh a cheannach agus is iomaí leas bhféadfaí a bhaint as – mar iarsmalann don Chadhnach, mar ionad litríochta Chonamara, mar láithreán ceoil agus cuideachtas, ní bheadh aon ghanntanas smaointe ann chun leas ar fónamh a bhaint as ball chomh stairiúil seo,” a dúirt Titley.

Tá an teach ar an gCnocán Glas, ar an taobh ó thuaidh de Bhóthar Chois Fharraige (taobh an phortaigh). Tá ceithre sheomra leapa ann, trí sheomra folctha agus 132.5 méadar cearnaithe ann. Tá grád E2 aige ar an scála BER. Tá an Cnocán Glas tuairim is ciliméadar ó shráidbhaile an Spidéil agus thart ar 20km ó chathair na Gaillimhe.

Thug urlabhraí de chuid na Roinne Gaeltachta le fios do Tuairisc nach bhfuil aon phlean ann faoi láthair teach mhuintir Mháirtín Uí Chadhain a cheannach.

“Níl aon iarratas faighte ag an Roinn ó choiste áitiúil chun teach Mháirtín Uí Chadhain a cheannach agus a athfhorbairt mar ionad d’ealaíontóirí ná mar ionad oidhreachta. Ach iarratas a bheith faighte, dhéanfaí é a mheas i gcomhthéacs na n-acmhainní atá ar fáil faoi scéimeanna na Roinne agsu na n-éileamh éagsúil ar na scéimeanna sin,” a dúirt an t-urlabhraí.

Fág freagra ar '‘Ba chóir don stát é a cheannach’ – teach mhuintir Mháirtín Uí Chadhain ar an gCnocán Glas ar díol'

  • Donncha

    Ionad do scríobhneoirí? Nuair atá ganntan tithe cónaithe do dhaoine?

  • Donncha O hEallaithe

    Ní droch smaoineamh é. Ar go leor bhealaí bheadh sé níos feiliúnaí ná an seanfhothrach ar bharr an bhaile inar rugadh agus inar tógadh an Cadhnach.

  • WTF

    Ceannaíodh Comharchumann Shailearna é, tá cuimse airgid acu!

  • Caitríona Pháidín

    Caithfear éisteacht!

  • An Teanga Bheo

    teach conaí ar dtús