Luimneach ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus an Clár díbeartha ag cúl déanach O’Connor

Bhí an Clár sé phointe chun cinn agus beagán os cionn ceathrú uaire fágtha sa gcluiche leathcheannais ach thug taithí imreoirí Luimnigh slán iad sa deireadh

Luimneach ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus an Clár díbeartha ag cúl déanach O’Connor

Luimneach 1-21 An Clár 1-19

Luimneach a bheidh le Gaillimh i gcluiche ceannais iomána na hÉireann faoi cheann coicíse agus bua dhá phointe ag seaimpíní na Mumhan ar chontae an Chláir i gcoimhlint a chuaigh go snaidhm an rópa i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí Luimneach sé phointe chun deiridh nuair a shlánaigh Tony Kelly poc éirice don Chlár sa 56ú nóiméad ach ba é an scór deireanach a d’aimsigh na Cláirínigh sa gcluiche agus léirigh fir Luimnigh a gcumas sa gceathrú uaire deireanach chun teacht aniar a dhéanamh.

Meascán de na seanlaochra agus na himreoirí nua a spreag Luimneach. Bhí Gearóid Hegarty ina fhathach sa dara leath agus bhí an-tionchar ag Cian Lynch ar chúrsaí nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí ach ba é Aidan O’Connor a scóráil an cúl cinniúnach sa 71ú nóiméad agus pas trasna na páirce faighte aige ó Adam English. Chuir an cúl Luimneach 1-20 in aghaidh 1-19 chun cinn agus iad imithe chun tosaigh ar an gClár den chéad uair ón 8ú nóiméad.

Beidh díomá an domhain ar fhir an Chláir nár éirigh leo teacht slán ó chluiche ina ndearna siad an-chuid rudaí i gceart. Bhí an chuma ar imreoirí Brian Lohan go bhfuair siad spreagadh ó thaispeántas na Gaillimhe an lá roimhe agus a n-imirt lán díocais agus díograis ach níor aimsíodar ach 1-3 sa dara leath agus pointe ó Tony Kelly théis 50 nóiméad an t-aon cheann acu a tháinig ón imirt.

Beidh cúl ghearáin ag na Cláirínigh nár gearradh píonós níos mó ar Luimneach nuair a bronnadh an poc éirice. Agus é ag déanamh ar an gcúl, d’ardaigh Peter Duggan an sliotar os cionn Nickie Quaid agus leag an cúl báire lántosach an Chláir go talamh. Chuir Barry Nash an sliotar sa gcúl go tuathalach a agus cé gur bhronn an réiteoir Thomas Walsh an poc éirice níor thaispeáin sé ach cárta buí do Quaid, a raibh an t-ádh air nach cárta dubh a bhí ann.

Nickie Quaid agus Peter Duggan. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Farasbarr cúig phointe a bhí ag an Clár ag leath ama, 0-16 in aghaidh 0-11, ach bhuail taom míchruinnis iad ag tús an dara leath agus iarrachtaí curtha ar strae ag Kelly agus Shane O’Donnell (péire), a bhí ag imirt don Chlár don uair dheireanach.

Bhí fadhb mhór ag a gClár ar an taobh eile den pháirc chomh maith. Bhí jab maith déanta ag Conor Cleary, a bogadh amach go dtí an cliathán chun súil a choinneáil ar Ghearóid Hegarty, agus srian coinnithe aige ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann Luimnigh sa gcéad leath ach scéal eile a bhí ann ag tús an dara leath. Taispeánadh cárta buí do Cleary as feall a dhéanamh ar Hegarty agus nuair a tharraing sé Hegarty chun talúin cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, ní raibh aon rogha ag Brian Lohan ach Cleary a bhaint den pháirc sula gcuirfí di é.

Bhí an bhearna laghdaithe go dtí aon phointe amháin ag Luimneach faoin am sin agus péire de na scóranna ag teacht ó Dhiarmuid Byrnes, a ghríosaigh lucht tacaíochta Luimnigh in Ardán Uí Chíosóig le scór den scoth sa 42ú nóiméad.

Faoiseamh don Chlár ab ea é nuair a d’aimsigh Mark Rodgers (poc saor) agus Tony Kelly pointí agus nuair a shlánaigh Kelly an poc éirice, bhí leathchos ag seaimpíní na hÉireann 2024 sa gcluiche ceannais arís ach ní raibh na Luimnigh i bhfad á ndíbirt.

Aidan O’Connor (Luimneach) agus Cathal Malone (An Clár). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

D’aimsigh Aidan O’Connor (trí cinn) agus Diarmuid Byrnes (ceann) pocanna saora chun an bhearna a laghdú go dtí dhá phointe sular tháinig an cúl. Seachas tabhairt faoi iarracht ar an comhscór agus an 70 nóiméad istigh, bheartaigh Adam English an sliotar a chur ó thaobh Ardáin Uí Ógáin go dtí imeall na cearnóige. Bhí an-jab déanta ag David McInerney ar Aaron Gillane roimhe sin ach níor thomais an lánchúlaí a pas i gceart agus bhí O’Connor in ann sleamhnú isteach taobh thiar dó chun an cúl a aimsiú. D’aimsigh O’Connor a hochtú bpoc saor sa 75ú nóiméad chun dhá phointe a chur idir na foirne agus cé go raibh seans deireanach ag Peter Duggan ar chúl, shábháil Nickie Quaid í agus bhí Luimneach ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2023.

Bhí Luimneach mar rogha láidir na coitiantacha roimh an gcluiche ach bhí a gcuid imeartha míchruinn agus lán botúin neamhghnácha sa gcéad leath. Ar an taobh eile, ba léir ón gceiliúradh a bhí Tony Kelly agus Peter Duggan ag déanamh ar scóranna go raibh na Cláirínigh cíocrach chun catha. Théis ceathrú uaire, bhí dorn san aer arís ag Tony Kelly tar éis dó a thríú pointe a fháil. Sa gcéad ghluaiseacht eile, chuaigh Adam English ar sár-ruathar ach díreach sular thug sé iarracht faoin gcúl, tháinig Darragh Lohan isteach chun an slioar a sciobadh uaidh. Chuaigh an Clár díreach suas an pháirc agus d’aimsigh Shane O’Donnell a chéad scór chun a fhoireann a chur 0-8 in aghaidh 0-4 chun tosaigh.

Tony Kelly Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Laghdaigh Luimneach an bhearna de bheagán ina dhiaidh sin ach tháinig na Cláirínigh le rabharta eile agus pointí aimsithe ag Peter Duggan (péire), Kelly agus Mark Rodgers (trí phoc saor agus ceann ón imirt) chun an clár a chur 0-16 in aghaidh 0-9 chun tosaigh.

D’aimsigh Adam English agus Cathal O’Neill cúpla scór tábhachtach do Luimneach díreach roimh leath ama chun an bhearna a laghdú ach bhí a lán oibre fós le déanamh chun í an iamh ar fad. Ar an dea-uair do lucht tacaiochta Luimnigh, níl aon dream níos fearr chun tabhairt fúithi.

Luimneach: N Quaid; S Finn, D Morrissey, B Nash (0-1); D Byrnes (0-3, 2ps), W O’Donoghue, K Hayes (0-1); A English (0-1), D O’Donovan; G Hegarty, A O’Connor (1-8, 8ps), C O’Neill (0-2); A Gillane (0-1), S O’Brien (0-1), P Casey (0-2). Fir Ionaid: T Morrissey in áit Hegarty (33-36 nóim), D Reidy in áit O’Donovan (48 nóim), T Morrissey in áit Gillane (52 nóim), C Lynch in áit O’Neill (57 nóim), M Casey in áit D Morrissey (63 nóim), F Fitzgerald in áit P Casey (70+5 nóim).

An Clár: E Quilligan, A Hogan, D Lohan, D Fitzgerald; C Cleary, D Ryan, N O’Farrell; J Conlon, R Taylor (0-2); C Malone (0-1), M Rodgers (0-6, 5ps), S Rynne; T Kelly (1-5, 1-0pé, P Duggan (0-3), S O’Donnell (0-1). Fir Ionaid: C Galvin in áit Cleary (46 nóim), D Stritch in áit Conlon (48 nóim), I Galvin in áit Rodgers (62 nóim), D Fitzgerald in áit Rynne (63 nóim), D Reidy in áit Stritch (69 nóim)

Réiteoir: Thomas Murphy (Port Láirge).

Shane O’Donnell agus a phártí Niamh théis an chluiche. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Fág freagra ar 'Luimneach ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus an Clár díbeartha ag cúl déanach O’Connor'