Beidh deis acu siúd a bhfuil grá acu don Ghaeilge agus don tsraith theilifíse Father Ted an dá ghrá a mheascadh le chéile an fómhar seo agus leagan Gaeilge den fhéile aitheanta ‘TedFest’ le reáchtáil in Árainn ar an 16-18 Deireadh Fómhair.
Beidh lucht eagraithe na féile “ag múineadh na Gaeilge trí mheán Father Ted” san oileán Gaeltachta, agus iad ag iarraidh idir ghlantosaitheoirí agus foghlaimeoirí a bhfuil roinnt Gaeilge acu cheana féin a mhealladh go hÁrainn.
“Caith deireadh seachtaine ag foghlaim na Gaeilge praiticiúla trí cheardlanna idirghníomhacha, imeachtaí atá bunaithe ar Father Ted, ceol traidisiúnta, agus eispéiris chomhroinnte le comhfhoghlaimeoirí,” a deirtear ar chlár na féile.
Tá dhá thicéad ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo deireadh seachtaine a chaitheamh i gcomhluadar atá ní hamháin Gaelach, ach Ted-ach chomh maith.
Beidh lucht freastail na féile “ag foghlaim na Gaeilge trí radhairc agus ráitis cháiliúla Father Ted”, beidh tráth na gceist ann bunaithe ar an tsraith theilifíse i nGaeilge, agus ceardlanna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí a bhfuil Gaeilge réasúnta acu.
Tá costas €165 ar an gcéad ticéad, agus áirítear sa phacáiste sin ‘fáiltiú’, na ceardlanna teanga, bricfeasta, ‘Cluichí Oilimpeacha Father Ted‘, ceardlann péintéireachta, ceardlann ‘My Lovely Horse’, tráth na gceist, céilí, agus seisiún ceoil traidisiúnta.
San áireamh leis an ticéad atá níos costasaí (€225), tá turas timpeall an oileáin; ceardlann ‘The Irish They Never Taught You’, ina múinfear nathanna agus focail Ghaeilge “nach raibh riamh i dtéacsleabhair scoile”; agus roinnt ócáidí eile.
Tá céad ticéad san iomlán ar fáil don fhéile. Níl costais lóistín ná taistil san áireamh i dticéad na féile, ach tá lascainí ar fáil i roinnt tithe lóistín do lucht freastail na féile.
Bunaíodh Ted Fest – féile do lucht leanta an chláir – sa bhliain 2007. Roghnaíodh Árainn mar gheall gur in oileán, nach ann dó, amach ó chósta thiar na hÉireann a bhí an tsraith lonnaithe, ‘Craggy Island’. Tá sé á reáchtáil gach bliain ó shin agus ticéid d’fhéile na bliana seo chugainn le cur ar díol i mí Mheán Fómhair. Cé gur in oileán Gaeltachta a reáchtáiltear an fhéile, is ar éigean go raibh aon bhaint aici le teanga dhúchais an oileáin go dtí seo.
Pól Ó Braoin
Bheadh sé sin thar cionn uilig dul chomh fada leis an bhféile sin ar Árainn. Bhí mé an-tugtha riamh do Father Ted agus is minic a bhreathnaím siar air agus mé beagnach ar an urlár ag gáire. Déarfainn go mbeidh an-rith agus sciob sceab ar na ticéidí céanna.