Mura bhfuil suim de chineál éicint agat i rásaíocht na gcapall, is beag seans gur chuala tú faoin ruaille buaille a bhain leis an John Durkan Chase a ritheadh i mBaile Phuinse Dé Domhnaigh seo caite.
Ní raibh a dhath cam ná calaoiseach ag baint leis, ach baineann le díospóireacht atá tagtha chun cinn sa gcineál rásaíochta sin le blianta beaga – sin gur ag grúpa beag traenálaithe a bhíonn an lámh in uachtar faoi láthair sna rásaí móra luachmhara agus gur lucht rachmais iad úinéirí na gcapall.
Rása Grád 1 is ea an John Durkan Memorial Chase. Dé Domhnaigh seo caite bhain duaischiste €150,000 leis – €90,000 don bhuaiteoir, €30,000 don dara capall, €15,00 don tríú ceann as sin síos ina dhiaidh.
Mheasfá go meallfadh an méid sin airgid cuid de thraenálaithe na Breataine ach ní dhearna. Capaill de chuid na tíre seo ab ea na 10 gcinn a bhí le dul san iomaíocht.
Tamall roimh thús an rása thug an traenálaí Henry de Bromhead le fios go raibh sé ag tarraingt an láir a bhí aige féin The Big Western as an iomaíocht. Rud é sin a tharlaíonn go rialta má fheictear mairg ar chapall nó más é tuairim a thraenálaí nach n-oireann cruth na talún dá each – é a bheith ag triomú go tapa i gcás The Big Western.
Níor mhór an tubaiste sin a deir tú. Nach raibh naoi gcinn eile fós san gcomhaireamh?
Bhí ach ba é Willie Mullins an traenálaí a bhí ag na naoi gcinn sin.
An córas a fhágann go bhfuil a leithéid sin ceadaithe is mó atá cáinte acu siúd atá ag pápaireacht faoin scéal le seachtain. Ach dá mba mháinlia a bhí i Willie agus é ar an duine ab fhearr ar an gceard sin sa tír seo nó i Sasana, an dtabharfadh siad deis do dhuine éicint eile dá chomhghleacaithe cóir a chur orthu agus iad ag dul faoin scian, nuair a bhí sé d’acmhainn agus de sheans acu an cúram a fhágáil don Dr. Ó Maoláin?
Beag an baol.
Is é cumas na gcapall an tslat tomhais is mó atá acu siúd a leanann spórt na rásaíochta. An chuid is fearr acu a fheiceáil ag féachaint a chéile a mian. Is beag brí cén dath atá ar léine an mharcaigh atá sa diallait orthu.
Seo mianach na gcapall a bhí sa John Durkan ag Mullins Dé Domhnaigh seo caite. Bhí Gaelic Warrior, a bhuaigh an Corn Óir i Cheltenham i mbliana; I Am Maximus a thug leis an Grand National in Aintree in 2024 agus i mbliana; Nick Rockett a bhuaigh an ceann idir eatarthu; Fact to File a bhuaigh an John Durkan anuraidh; Captain Cody a bhuaigh National na hAlban.
Eatarthu tá os cionn €6 milliún buaite acu. Níl a fhios againn céard a chosain cuid acu nuair a díoladh iad ina mbromachaí, chuaigh cuid acu ar €200,000 agus €500,000, ach díoladh Gaelic Warrior faoi bhun €10,000 agus I Am Maximus ar a dhá oiread.
An gceapfá gurbh fhearr leis na daoine a bhí ar pháirc na rásaí Dé Domhnaigh seo caite nó leo siúd a chonaic ar an teilifís é dá mbeifí taobh le ceann nó péire de na capaill sin in iomaíocht le naoi gcinn mheasartha eile?
Is dóigh go bhfuil áibhéil déanta agam ‘ruaille buaile’ a thabhairt ar an díospóireacht atá dúisithe agus ní miste a rá ach an oiread gur thar sáile atá a bhformhór siúd a bhí cáinteach.
Ina cholún sa Racing Post Dé Máirt seo caite, rinne an colúnaí Julian Muscat cáineadh géar ar údaráis rásaíochta na tíre seo agus chuir sé a raibh tarlaithe i gcomparáid leis an rud a dtugtar ‘bush racing’ air san Astráil.
Tá tóir mhór i gceantair iargúlta na tíre sin ar an gcineál seo rásaíochta a ritear ar an ngaineamh rua. Feilméaraí agus pobail iargúlta is mó a bhíonn luaite leis, dream a chaitheann a saol sa díthreabh i bhfad as chuile áit agus níos faide fós ó hataí arda Ascot.
Tá a fhios ag Julian Muscot go rímhaith nach mbeadh aon riail sáraithe dá bhfeicfí an méid a tharla i mBaile Phuinse Dé Domhnaigh seo caite ansiúd freisin nó ar aon traic rásaíochta eile ina thír fhéin, sa bhFrainc, sna Státaí, sa tSeapáin, in Hong Cong nó san Astráil.
Rud eile ar fad atá ag cur cantail air sin agus ar a chomhghleacaithe – sin an ceannas atá glactha ag Willie Mullins, ag Aidan O’Brien agus ag traenálaithe móra na tíre seo ar na rásaí is luachmhaire sa mBreatain.
Le trí shéasúr, tá os cionn 50% de na léimrásaí Grád 1 a ritheadh i Sasana buaite ag traenálaithe de chuid na tíre seo. Ar an talamh réidh le linn an achair sin, ba é Aidan O’Brien as féin a bhuaigh os cionn an tríú cuid de na Rásaí Grád 1 a ritheadh. in. Sin an fáth a bhfuil an gob géar ar Muscat agus ar a leithéidí.
14 séasúr ón mbliain 2005 i leith ba é Paul Nicholls ba mhó a thraenáil buaiteoirí i Sasana. Nuair a ceistíodh eisean faoin scéal, dúirt sé nach móide go raibh an glacadh céanna ag pobal na Breataine lenar tharla ach …. “Ireland is completely different. Willie’s got nine wonderful horses and he’s got to run them somewhere. They’ve all got big targets down the road, so he had to run them.”
Tá seans maith ann go raibh Nicholls ar dhuine díobh siúd ar lorg an British Horseracing Authority a dtuairim cothrom an ama seo trí bliana ó shin nuair a bhí caint ar an líon capall a cheadófaí do thraenálaithe ansiúd sna rásaí is luachmhaire. Labhair siad leis na páirtithe leasmhara ar fad agus bheartaigh ar deireadh nár theastaigh aon athrú.
Cé nach mbeadh aon bhac ar an rud a facthas sa John Durkan Chase in aon cheann de na tíortha a luaigh mé, is díol suime go bhféadfadh sé praghsanna na gcapall a chur as alt le PMU (Tote na Fraince) – níl siopaí geallghlacadóireachta ceadaithe ansiúd.
Más le húinéirí éagsúla na capaill a bheadh ag traenálaí sa rás tádar ar an gcuma chéanna linne. Ach sa gcás go mbíonn dhá chapall faoin úinéireacht chéanna san iomaíocht (fiú agus iad a bheith ag beirt thraenálaithe ar leith) cuirtear praghsanna na gcapall le chéile de réir córais atá thar a bheith casta.
Seans gur ceistíodh Willie Mullins faoin eachtra seo ar fad, ach ní fhaca mé céard a dúirt sé.
Nuair a thiocfaidh Cheltenham, beidh a fhreagra le cloisteáil ag cách, go hard agus go soiléir.
Fág freagra ar 'Is é cumas na gcapall an tslat tomhais is mó atá acu siúd a leanann spórt na rásaíochta'