Bronnadh €50,000 ó Ciste Pobail Comhar Creidmheasa Cholm Cille, Conamara ar cheithre eagraíocht i searmanas i gceanncheathrú CCCC in Indreabhán, Conamara le deireanaí. Is iad a fuair ná: Pastime Chonamara – €10,000; Cumann Lúthchleas Gael, an Spidéal – €10,000, Scoil Éinne, an Spidéal – €10,000 agus Scoil Cholmcille, an Tulach – €20,000. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Foireann Scoil Éinne, ó chlé: Orla Ní Fhinneadha, Pádraigín Ní Lionnáin, Bríd Uí Chonfhaola, Gemma Murphy agus Tara Ní Fhionnagáin. Ar dheis tá Micheál Mac Donncha, Oifigeach Riosca agus Géilliúlacht, Comhar Creidmheasa Cholm Cille
Focal ó Treasa Uí Fhatharta, Comhar Creidmheas Cholm Cille sular fógraíodh na heagraíochta
Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach le seic €120,000. Ó chlé: Linda Nic Eochagáin, Baba Joe Mhic Dhonnacha, Ellie Nic Giolla Phóil, Micheál Mac Donncha, Comhar Creidmheasa Cholm Cille, agus Caroline Ní Fhrighil
Pastime Chonamara le seic €10,000. Ó chlé tá Helen Walsh, Marian Davy, Brendan O’Neill, Eilís Ní Chonghaile, John McNair agus Beartla Ó céidigh. Ar fhíordheis tá Micheál Mac Donncha, CCCC
CLG An Spidéal ar bronnadh seic €10,000 orthu. Ó chlé tá Páid Ó Neachtain, Cathaoirleach agus Fergal Ó Mainín, Rúnaí le Micheál Mac Donncha, CCCC
Mairtín Davey , Pastime Chonamara, ag gabháil buíochas thar ceann na n-eagraíochtaí a fuar maoiniú
Eilís Ní Chonghaile ag ceiliúradh bronnadh seic €10,000 ar an eagraíocht Pastime Chonamara le féinín a ghlacadh di féin agus Helen Walsh, John McNair, Beartla Ó Céidigh agus Brendan O’Neill taobh thiar di
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: €50,000 bronnta ag Comhar Creidmheas Cholm Cille ar cheithre eagraíocht pobail'