Deir an Roinn Talmhaíochta gur “earráid chléireachais” ba chúis le ‘No overnight camping’ a bheith aistrithe acu mar ‘Uimh campáil thar oíche’ ar chomharthaí poiblí.
Dúradh gur “laistigh den Roinn” féin a tharla an earráid ba chúis leis an drochaistriúchán Gaeilge ar dhá chomhartha de chuid na Roinne a cuireadh suas ag Ionad Chuan Iascaigh Dhún Mór Thoir i bPort Láirge le gairid.
‘Uimh campáil thar oíche’ a bhí ar na comharthaí rud a chiallódh gur giorrúchán ar an fhocal Béarla ‘number’ (No) a bhí i gceist le ‘uimh’.
Dúirt urlabhraí ón Roinn le Tuairisc, go bhfuil Aonad inmheánach Gaeilge ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara “chun cabhrú le haistriúcháin uile” na roinne ach go mbaintear úsáid “as soláthraí seachtrach chun críocha aistriúcháin” chomh maith.
Botún a rinneadh sa Roinn féin ba chúis leis an drochaistriúchán i gcás na gcomharthaí i nDún Mór, a dúirt siad.
Dúirt an Roinn go ndearna siad “athbhreithniú ar phróisis an Aonaid Ghaeilge” nuair a chuir Tuairisc ar a súile dóibh an botún ar na comharthaí. Deineadh seo, a dúradh, “chun earráidí den chineál seo a mhaolú amach anseo”.
Dúirt an Roinn go bhfuil siad ag súil go mbeidh “na haistriúcháin chearta i bhfeidhm gan mhoill”. Beagnach €130 a chosnóidh sé an botún a chur in a cheart, a dúradh.
“Déanfar leasú ar na comharthaí ag Ionad Iascaigh Chuan Dhún Mór Thoir leis an aistriúchán ceart Gaeilge ar chostas €128.00. Níl aon chostais ghaolmhara eile ann,” a dúirt an Roinn Talmhaíochta.
WT
“Gan Béarla acu ná Gaeilge” adúirt an file Seán Ó Ríordáin sa dán ‘Cúl an Tí’.
Nach ‘No.’ (fara lánstad) a bheadh ann dá mba ‘Uimhir’ a bhí i gceist?
“Bí id othar” (Be patient!) ceann eile acu a chuir an OPW in airde i Luimneach.
An b’é a bhí i gceist acu go mbeimís go léir ‘oiriúnach le ceangal’ mar gheall ar na “hearráidí cléireachais” seo uile a dhéantar?
Lillis Ó Laoire
Níl sé chomh holc ar fad le “Céide abhaile go sábháilte” atá le feiceáil i gcarrchlós príobháideach i gcathair áirithe ar chósta thiar na hÉireann le corradh agus deich mbliana. Bheadh sé “ag déanamh do cheann isteach” dá dtabharfá barraíocht airde ar na cúrsaí seo.
Pól Ó Braoin
Cuir ceist ar aistritheoir cáilithe. Ní ghearrfainn pingin orthu rud beag bídeach mar sin a aistriú go Gaeilge dá gcuirfidís ceist orm, muis…
Tádar ann le cúpla abairtín ina bpluc a cheapadh go bhfuil dóthain Gaeilge acu agus obair mar sin a dhéanamh… “Arú níl ann ach Gaeilge”. Cuireann sé soir mé…
Colum Mac Giolla Fhiontáin
Is saghas pribhléid an fhile ghrinn í.
Pioneer
Lig do do yeah bí 6 is do No bí No.
Mícheál Ó Flaithearta
Ar chóir dúinn an Roinn a Chnoc Mhuire faoin earráid seo?