Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta go bhfuil easaontas go fóill idir é féin agus an tAire Tithíochta maidir leis an mbealach is fearr chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht.
Agus é ag labhairt sa Dáil, dúirt an tAire Dara Calleary go raibh sé féin agus an tAire James Browne “ag obair go dlúth lena chéile” ar cheist na tithíochta sa nGaeltacht agus ar an ráiteas náisiúnta pleanála atá le déanamh faoin ábhar. Dúirt Aire na Gaeltachta go raibh “obair shuntasach déanta” ag oifigigh sa dá roinn ach go raibh níos mó plé ag teastáil chun teacht ar réiteach.
“Mar a dúirt mé, tá mé féin agus an tAire, an Teachta Browne, ag obair go crua air seo,” a dúirt an tAire Calleary mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin Conor D. McGuinness ó Shinn Féin. Dúirt Calleary nach raibh sé in ann a rá cén uair a fhoilseofar an ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht, a gealladh i bplean tithíochta an rialtais.
“Caithfidh mo Roinn agus an Roinn Tithíochta teacht ar aontú faoin mbealach le dul. Tá sé tábhachtach go mbeidh scéim agus ráiteas pleanála againn a oibríonn ar an talamh.
“Tá a lán dúshlán ann. Caithfimid obair ar na dúshláin seo. Táimid ag obair air sin ach níl aontú ann go fóill idir mé féin agus an tAire, an Teachta Browne. Nuair atá an plean réidh, beimid in ann é a fhoilsiú.”
Dhiúltaigh an tAire a rá céard iad na pointí nach raibh sé féin agus an tAire Browne ar aon intinn fúthu.
“Níl mé chun iad seo a leagan amach ar urlár na Dála. Táimid ag obair air.”
Dúirt an tAire Calleary go raibh an cruinniú is déanaí idir oifigigh ón dá roinn ann cúpla seachtain ó shin ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil míthuiscint ann go fóill maidir le cén uair a fhoilseofar an ráiteas.
Dúradh sa bplean nua tithíochta a d’fhoilsigh an rialtas anuraidh go raibh an ráiteas le foilsiú sa chéad leath de 2027 ach dheimhnigh an Roinn Tithíochta do Tuairisc an mhí seo go bhfuil sé mar sprioc anois an ráiteas a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana seo.
Dhearbhaigh an tAire Stáit John Cummins é sin i bhfreagra scríofa ar cheist Dála. Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála de chuid Fhine Gael Joe Cooney, dúirt an tAire Stáit go raibh sé mar aidhm ag an rialtas tabhairt faoi chúrsaí pleanála faoin tuath agus sa nGaeltacht in éineacht roimh dheireadh 2027.
Mar sin féin, i gceist Dála eile a cuireadh an lá céanna, thug an tAire Gaeltachta Dara Calleary le fios don Teachta Dála Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, gurb é an chéad leath de 2027 go fóill an sprioc d’fhoilsiú an ráitis.
Nuair a bhí sé ag labhairt sa Dáil, dúirt an tAire Calleary go bpléifear le ceist na tithíochta sa nGaeltacht nuair a thiocfaidh Bille Údarás na Gaeltachta os comhair na Dála arís.
Tá an bille, a tionscnaíodh ar dtús beagnach dhá bhliain ó shin, le teacht os comhair na Dála anocht.
“Cé gurb é athbhunú toghcháin chuig bord an Údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht, déanfar leasú sa Bhille…chun cead a thabhairt don Údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta, nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcuspóir céanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Calleary.
Tá breis is bliain ann ó pléadh an reachtaíocht sa Dáil go deireanach.
Fág freagra ar '‘Níl aontú ann go fóill idir mé féin agus an tAire Tithíochta’ – easaontas idir Calleary agus Browne faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht'