Ráiteas faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht agus faoin tuath le foilsiú ‘in éineacht’

Tá an chuma ar an scéal go bpléifear le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht mar chuid de ráiteas atá le foilsiú faoi chúrsaí pleanála faoin tuath seachas i ráiteas ar leith

Ráiteas faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht agus faoin tuath le foilsiú ‘in éineacht’

Deir an Roinn Tithíochta go bhfuil sé i gceist an ráiteas pleanála don Ghaeltacht a fhoilsiú i mbliana seachas an bhliain seo chugainn.

Tá an chuma ar an scéal, áfach, go bpléifear le cúrsaí Gaeltachta mar chuid de ráiteas ginearálta atá le foilsiú faoi chúrsaí pleanála faoin tuath.

Faoi phlean tithíochta an rialtais a foilsíodh anuraidh, bhí Ráiteas Pleanála Náisiúnta faoi thithíocht tuaithe le foilsiú ag an Aire Tithíochta roimh dheireadh 2026 agus bhí ceann eile faoi chúrsaí sa nGaeltacht le foilsiú sa chéad leath de 2027.

Tá sé deimhnithe do Tuairisc ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go bhfuil sé i gceist anois na ráitis sin a fhoilsiú “in éineacht’ idir seo agus deireadh na bliana.

“Tá sé i geist ag an Rialtas déileáil le polasaí tithíochta na tuaithe agus na Gaeltachta le chéile, de bharr na naisc thábhachtacha atá idir tithíocht faoin tuath go ginearálta agus tithíocht i gceantair Ghaeltachta agus faoi láthair tá an Riatas ag scrúdú conas is fearr a dhéanfaí é sin,” a dúirt urlabhraí le Tuairisc.

Nuair a lorgaíodh soiléiriú an raibh sé i gceist go fóill dhá ráiteas dhifriúla a fhoilsiú, dúradh go raibh an Roinn ag féachaint “ar an mbealach is fearr chun déileáil leo agus ag breathnú orthu in éineacht, más féidir”.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt Donncha Ó hÉallaithe, urlabhraí de chuid an ghrúpa feachtais BÁNÚ, go gcuirfí fáilte roimh an scéal go raibh an ráiteas faoi chúrsaí sa nGaeltacht le foilsiú i mbliana chomh fada is nach raibh sé caite isteach le ceann na tuaithe.

“Tá muid an-sásta [an sprioc nua] a chloisteáil. Is rud é a d’iarramar sna héilimh a bhí againn, go ndéanfaí an ráiteas a eisiúint ag an am céanna le ceann na tuaithe.

“É sin ráite, bheadh muid ag súil gur ráiteas as féin a bheadh ann do na ceantair Ghaeltachta agus go mbeadh sé ag déileáil le cosaint teanga, le rialacha maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn a leagan síos do na comhairlí contae,” a dúirt sé.

Dúirt Ó hÉallaithe freisin gur gheall an rialtas roimhe seo go bhfoilseofaí treoirlínte pleanála ar leith don Ghaeltacht, geallúintí nár comhlíonadh.

“Fuaireamar geallúint os cionn dhá bhliain ó shin, mí Feabhra 2024, ón Aire Tithíochta go mbeadh siad foilsithe faoi Cháisc na bliana sin. Dúradh ansin go mbeadh siad le foilsiú roimh an Chincís. Agus ansin go raibh siad le foilsiú roimh dheireadh na bliana ach is geallúintí iad sin nár comhlíonadh.

“Bheadh faitíos orainn gurb é an rud céanna atá ag tarlú anseo mar gheall go bhfuil toghchán ann i nGaillimh Thiar. Beidh muid ag súil an uair seo go ndéanfar an gheallúint a chomhlíonadh.”

Gheall an t-iarAire Tithíochta Darragh O’Brien na treoirlínte ar dtús in 2021.

Agus é ag labhairt ar RTÉ oíche Dé Domhnaigh, dúirt an Seanadóir Seán Kyne ó Fhine Gael, iarrthóir i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar, go raibh sé ráite leis ag an Aire Stáit do chúrsaí pleanála, John Cummins, go raibh ráiteas náisiúnta do chúrsaí pleanála sa nGaeltacht le foilsiú ag an rialtas roimh dheireadh na bliana seo.

Léiríodh díomá nuair a foilsíodh plean tithíochta nua an rialtais mí na Samhna seo caite nach raibh ann faoin nGaeltacht ach go ndéanfaí ráiteas náisiúnta pleanála roimh lár na bliana 2027 agus go “bhfiosrófaí an fhéidearthacht” go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta le páirtithe leasmhara eile chun tacú le tógáil tithíochta do phobal labhartha naGaeilge.

Fág freagra ar 'Ráiteas faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht agus faoin tuath le foilsiú ‘in éineacht’'