Molta ag an Rialtas go ‘bhfiosrófaí an fhéidearthacht’ go dtacódh Údarás na Gaeltachta le tógáil tithíochta

Tá Ráiteas Náisiúnta Pleanála don tithíocht sa Ghaeltacht le hullmhú mar chuid den phlean ach ní bheidh sé réidh go dtí 2027

Molta ag an Rialtas go ‘bhfiosrófaí an fhéidearthacht’ go dtacódh Údarás na Gaeltachta le tógáil tithíochta

Tá sé molta ag an Rialtas sa phlean náisiúnta tithíochta a foilsíodh inniu go “bhfiosrófaí an fhéidearthacht” go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta, Uisce Éireann, agus na húdaráis áitiúla as lámha a chéile le “tacú le tógáil tithíochta do phobail labhartha Gaeilge”.

Tá mír faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht sa cháipéis nua faoin teideal ‘Ag tacú leis an nGaeltacht agus lenár nOileáin bheo’. Deirtear ann go n-aithníonn an Rialtas go bhfuil gá le “meascán oiriúnach” cóiríocht ríthábhachtach do “inbhuanaitheacht na Gaeltachta bisiúla”.

“Ina thaobh sin, foilseoidh an Rialtas Ráiteas Náisiúnta Pleanála don tithíocht sa Ghaeltacht le soiléireacht agus leanúnachas a thabhairt taobh istigh den chóras pleanála maidir le cosaint na Gaeilge,” a deirtear in Delivering Homes, Building Communities: An Action Plan on Housing Supply Targeting Homelessness.  

Deirtear go bhfoilseofar an ráiteas in 2027 agus gurb í Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta a bheidh freagrach as é a ullmhú.

Luaitear freisin an “saineolas” atá “forbartha” ag Údarás na Gaeltachta i gcaitheamh na mblianta maidir le soláthar seirbhísí fuíolluisce sa ghréasán páirceanna agus eastáit tithíochta atá ar fud na Gaeltachta.

“Moltar go bhfiosrófaí an fhéidearthacht go dtacódh Údarás na Gaeltachta, agus iad ag obair as lámha a chéile le hUisce Éireann agus údaráis áitiúla, le tógáil tithíochta do phobail labhartha Gaeilge,” a deirtear sa cháipéis.

Níl aon sprioc shonrach beartaithe sa phlean nua don “fhiosrú” seo atáthar a mholadh, agus ní luaitear rud ar bith faoi chumhachtaí breise a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, éileamh a bhí ag an mbrúghrúpa Bánú.

Dúirt Bánú in aighneacht a chuir siad faoi bhráid na Roinne Tithíochta roimh fhoilsiú an phlean go gcuireann easpa ionaid cóireála fuíolluisce bac ar fhorbairt tithíochta i roinnt mhaith ceantair Ghaeltachta agus go bhféadfaí treoir agus maoiniú a thabhairt don Údarás chun mionscéimeanna cóireála fuíolluisce a thógáil.

Níl tagairt ar bith sa bplean tithíochta nua do na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá geallta ag an rialtas le blianta.

Dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary an mhí seo caite go bhfuil na treoirlínte pleanála, atá á n-ullmhú le beagnach cúig bliana anuas, le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo. Gheall an t-iarAire Tithíochta Darragh O’Brien na treoirlínte ar dtús in 2021 ach níor foilsíodh go fóill iad.

Luaitear freisin go bhfoilseofar Ráiteas Pleanála Náisiúnta a bhaineann le tithíocht tuaithe. Deirtear sa gcás sin go leagfar amach sa ráiteas na critéir phleanála cuí a bheidh le cur i bhfeidhm i bpleananna forbartha na n-údarás áitiúil maidir le tithíocht tuaithe. Foilseofar an ráiteas sin roimh dheireadh na bliana seo chugainn.

Is í príomhsprioc an phlean ná go ndéanfaidh an Rialtas ar a laghad 300,000 teach nua a sholáthar faoi dheireadh na bliana 2030. Beidh os cionn 50,000 teach sa mbliain le cur ar fáil chun an sprioc a bhaint amach. Theip ar an rialtas sprioc de 40,000 teach nua a bhaint amach anuraidh ach deirtear go bhfuil an sprioc atá sa gceann nua réadúil.

Tá breis is €28 billiún le caitheamh ar thithíocht faoin bplean.

Tá 72,000 teach sóisialta breise le cur ar fáil agus 90,000 “teach tosaigh” do dhaoine a bheidh ag ceannach tí den chéad uair. Tá súil ann freisin go dtabharfar tacaíocht chun athchóiriú a dhéanamh ar 20,000 teach folamh.

Aithnítear sa bplean go bhfuil easpa dídine ar an bhfadhb shóisialta is mó atá ag cur as don tír i láthair na huaire. Tá €100 milliún le cur ar fáil chun tithe a cheannach do theaghlaigh atá fágtha i lóistín éigeandála le fada.

Fág freagra ar 'Molta ag an Rialtas go ‘bhfiosrófaí an fhéidearthacht’ go dtacódh Údarás na Gaeltachta le tógáil tithíochta'