Tá sé fógartha go bhfuil iarimreoir na Gaillimhe agus fear Mhaigh Cuilinn, Paul Clancy, tar éis bháis. Bhí sé 49 bliain d’aois.
Bhuaigh Clancy dhá bhonn uile-Éireann le foireann shinsir peile na Gaillimhe i 1998 agus in 2001 agus bhuaigh sé Craobh Chonnacht cúig huaire.
D’imir Clancy le foireann mhionúir na Gaillimhe i 1994 agus bhain sé cáil amach mar imreoir sciliúil, glic ar foireann shinsir John O’Mahony a bhuaigh Corn Mhig Uidhir i 1998. Cé gur bhris Clancy a chos luath i gcraobh na bliana sin, tháinig sé ar ais agus tugadh isteach mar ionadaí é sa gcluiche ceannais nuair a sháraigh Gaillimh Cill Dara.
Thug sé bonn eile leis i gcluiche ceannais 2001 nuair a bhuaigh na Gaillimhigh ar chontae na Mí ach is ar phas a thug Clancy i gcluiche ceannais a chaill Gaillimh is mó a chuimhnítear air nuair a luaitear a ainm. Agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar Chiarraí in athimirt an chluiche ceannais in 2000, chruthaigh Clancy deis ar chúl do Declan Meehan le pas gleoite lena chiotóg. Cé gur thug Ciarraí an lá leo, meastar an cúl sin ar cheann de na cinn ab fhearr a scóráladh i gcluiche ceannais.
Déanfar foireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2001 a chomóradh ag cluiche ceannais na bliana seo an mhí seo chugainn i bPáirc an Chrócaigh.
Bhuaigh Clancy Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe le Maigh Cuilinn in 2007 agus chuaigh an fhoireann ar aghaidh chun Craobh na hÉireann a bhaint in earrach 2008.
Fear lách a raibh gnaoi ag daoine air, bhí Clancy sáite in obair an chumainn ó d’éirigh sé as a bheith ag imirt. Chaith sé seal mar bhainisteoir ar fhoireann na bhfear agus bhí sé ina chathaoirleach ar Mhaigh Cuilinn idir 2019 agus 2023. Bhuaigh Maigh Cuilinn Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe den chéad uair riamh in 2020 agus thugadar an chraobh leo arís in 2022. Bhí an fhoireann sin faoi cheannais Don Connellan, deartháir céile Clancy, a bhásaigh anuraidh.
Bhí Clancy buailte ag tinneas le tamall agus dúirt Cumann Peile Mhaigh Cuilinn i ráiteas gur “údar mór bróin” an scéal go bhfuil sé imithe ar shlí na fírinne.
Maireann a bhean, Johanna, a bheirt chlainne, Ellen agus Finn, agus gaolta eile.
An Teanga Bheo
Mo bhrón lena bhean agua a clann ag an am uaighneach seo Beannacht Dé leat Pól