Mná misniúla na feadóige ina gceannródaithe

Dá mbeadh gradam ann do réiteoir na bliana d’fhéadfaí an trófaí a bhronnadh láithreach bonn ar Mhaggie Farrelly

Mná misniúla na feadóige ina gceannródaithe

Dá mbeadh gradam sna Cluichí Gaelacha ag dul do ‘Réiteoir na Bliana’  agus ‘dé fáth ná beadh’, mar a déarfaí i Rinn Ua gCuanach, is mór an dul amú atá orm nó bheadh Maggie Farrelly go láidir sa rás. Chomh fada sin chun cinn, de réir mo thuairimse, go bhféadfaí an trófaí a bhronnadh láithreach bonn uirthi, gan fanacht beag ná mór le deireadh an tséasúir.

Bhí Cluiche Ceannais Sinsir pheil na mBan an Domhnaigh seo caite ar cheann acu sin go mba é an peaca go gcaithfeadh foireann amháin an bua a bheith acu i ndeireadh báire. Ní fhéadfadh gan trua a bheith agat do mhná Chiarraí a mheas an choimhlint a bheith buaite acu le cic deiridh na himeartha, nó go bhfaca siad go raibh sé fógartha ag an réiteoir go raibh sárú rialacha i gceist leis.

Ba é a cuid inniúlachta a d’fhág gur thug Farrelly sin faoi deara agus go raibh an ceart aici ag uair chomh cinniúnach i gcluiche ina raibh na foirne ar comhscór agus gan fanta ach trí nóiméad. Ach rud eile ab ea an misneach a bheith agat gníomh a dhéanamh dá réir ag tráth chomh deireanach sin den imirt.

I spórtanna eile bíonn seacht bhféachaint ar scáileán teilifíse ag leathbhádóirí an réiteora, sin nó ceangal raidió idir iad agus a gcuid cúntóirí. Níorbh ghá do bhean an Chabháin fiú labhairt lena cuid maor cúil. Bhí an cealú fógartha aici sular shroich an liathróid an chearnóg beag ná mór.

I dtús na bliana seo bhí an tAlbanach Holly Davidson ar an mbean ba thúisce a rinne réiteoireacht ar chluiche rugbaí i gCraobh 6 Náisiún na bhfear, agus anuraidh ba uirthi a bronnadh an gradam ‘Réiteoir na Bliana’. Ceithre bliana ó shin bhí an Francach Stéphanie Frappart ar an mbean ba thúisce a rinne amhlaidh i gCorn Sacair an Domhain sa gcluiche idir an Ghearmáin agus Cósta Ríce sa gCatar.

Aon uair amháin go dtí seo atá réiteoireacht déanta ag bean ar chluiche sa Premiership i Sasana – Rebecca Welch sa gcluiche idir Fulham agus Burnley i mí na Nollag 2023

De réiteoirí ban sin an tsacair, is ar an nGearmánach Bibiana Steinhaus is mó atá cáil, ach tá sise éirithe as anois. An club lena mbíodh sí ag imirt sa Frauen Bundesliga (Bundesliga na mBan) a mhol do Babiana a dhul ag plé leis an réiteoireacht. Ba ar chluichí na sraithe sin ba thúisce a ghlac sí ceannas agus as sin fuair sí ardú céime go dtí príomhshraith na bhfear, áit ar chaith sí 3 bliana.

Tháinig idir í agus Pep Guardiola i gcluiche idir Bayern Munich agus Borussia Mönchengladbach tráth a raibh Pep ina bhainisteoir ar Bayern. Maor taobhlíne a bhí i Steinhaus ar an ócáid sin. Nuair a tháinig Guardiola chomh fada léi lena mhíshástacht a chur in iúl faoi chinneadh, chuir sé a lámh timpeall uirthi. Bhrúigh sise sin i leataobh go feargach agus bhailigh léi, beart as ar moladh go hard í.

Trí na ranganna a bhain Maggie Farrelly freisin ardleibhéal na réiteoireachta amach. Ba é cathaoirleach a cumainn, An Láithreach, a chuir a hainm chun cinn agus bord an chontae ag iarraidh go mbeadh a leithéid ag chuile chlub. As sin bhí sí mar chuid den Acadamh Réiteoireachta a bunaíodh i gCúige Uladh agus ba í an bhean ba thúisce a ainmníodh ar liosta réiteoirí an chúige sin. Rinne sí réiteoireacht ar chluichí gCraobh Peil Mhionúir Uladh i 2015, i gCorn Mhic Cionnaith an bhliain dár gcionn agus ar Chluiche Ceannais Sinsir na bhfear i gcontae an Chabháin idir Ramhar Aontaithe agus Gamhna in 2021.

An bhliain dár gcionn ba í a bhí ag séideadh na feadóige i gcuid de chluichí na Sraithe Náisiúnta Peile agus ba é an Domhnach seo caite an tríú huair aici sin a dhéanamh i gCluiche Ceannais Peile na mBan.

Inniu is triúr fear a bheas ag séideadh na bhfeadóg ag Cluichí Ceannais na Camógaíochta i bPáirc an Chrócaigh. Go deimhin is amhlaidh atá i gcás na sinsear ó 2005, cé is moite de chúpla ceann a bhí i lámha Úna Kearney as Ard Mhacha (2009) agus Liz Dempsey Chill Chainnigh (2021 agus 2024).

B’fhir freisin a rinne réiteoireacht ar na ceithre imirt ba thúisce ar Chorn Sheáin Uí Dhufaigh (1932-1935), ach ina dhiaidh sin tháinig ré na mban, rud nár facthas i mórán spórt eile ar domhan go raibh ar a laghad trí scóir bliain eile caite.

Cé is moite de dhornán cluichí ceannais a raibh Tiobraid Árannach darbh ainm Seán Gleeson air (1942 agus athimirt, 1944 agus 1945) agus John Morrissey (1998) agus an Cláiríneach Michael Hennessy (1946) mar aon leis an Déiseach James Byrne (1948) ina gceannas, ba mhná ar fad a bhí i bhfeighil na feadóige sna himirtí a deineadh idir 1936 agus 2005.

Ba ag duine de laochra móra an chluiche i nGaillimh darbh ainm Peg Morris bhí an fheadóg sa gceann ba thúisce acu sin nuair a bhuaigh Corcaigh ar chontae Lú i 1936. Mar imreoir ar fhoireann a contae dúchais a thug Peg cuairt ar Pháirc an Chrócaigh roimhe sin, ba í captaen na Gaillimhe nuair a bhuaigh Áth Cliath orthu i 1933. B’amhlaidh di arís i 1939 in aghaidh Chorcaí. Tríd is tríd chaith Peg Morris beagnach scór bliain i mbun imeartha. Rinne sí réiteoireacht ar thrí chluiche ceannais freisin.

Lena dhá láimh féin a rinne sí an camán ba thúisce a bhí aici – as stumpa de chrann darach a mhúnlaigh sí é, gan fáil aici ar an bhfuinseog.

Bean stuifiúil, mhiotalach a bhí inti ar pháirc na himeartha agus taobh amuigh dó sin. Ar rothar a thug sí aghaidh ar Bhleá Cliath chuig ceann de na cluichí ceannais ar a raibh sí i mbun réiteoireachta. Seans go mba é sin cluiche ceannais 1941 a imríodh cúpla mí tar éis do bhuamaí de chuid na Gearmáine 28 duine a mharú, 90 a ghortú agus 300 teach a scrios i gcomharsanacht Pháirc an Chrócaigh. Bhí srian ar thaisteal agus breosla gann le linn an chogaidh.

Ar a bealach suas chaith Peg oíche le deirfiúr dá cuid a raibh cónaí uirthi i gCeanannas na Mí, ach ba d’aon aistear amháin a rinne sí an turas abhaile go hÁth Cinn. 13 uair a chloig a thóg sin uirthi. Dúirt sí ina dhiaidh go mbeadh sí sa mbaile uair níos túisce ach gur thug sí an bóthar mícheart uirthi féin ar fhágáil Bhéal Átha na Sluaighe di, rud a d’fhág go mb’éigean di dul trí Áth Eascrach Cuain seachas tríd an gCreagán.

Gaillimh 1937. Ar gcúl c/d : Nancy McKenna (deirfiúr leis an aisteoir Siobhán), Monica Duggan (deirfiúr leis na báireóirí cáiliúla Seán, Paddy & Jimmy), Josie Melvin, Kathleen Cosgrove, Nora Conroy, Peg Morris. Lár : Josie Coen, Louise Griffin, Celia Mulholland, Mary Joyce, Maureen Hynes, Chun tosaigh : Nora Kavanagh, Eveleen O’Beirne, Nonie O’ Connell.

Fág freagra ar 'Mná misniúla na feadóige ina gceannródaithe'