Corcaigh agus Gaillimh le haithne a chur ar a chéile arís i gcluiche ceannais na hÉireann

Is í seo an tríú bliain as a chéile go gcasfaidh na foirne seo ar a chéile sa gcluiche ceannais ach tá roinnt athruithe déanta ag an dá fhoireann ón am seo anuraidh

Corcaigh agus Gaillimh le haithne a chur ar a chéile arís i gcluiche ceannais na hÉireann

Gaillimh v Corcaigh
Páirc an Chrócaigh
4.15in
Beo ar RTÉ

Don tríú bliain as a chéile agus don cheathrú uair ó 2021, casfaidh Gaillimh agus Corcaigh ar a chéile i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann.

Is beag a bhí idir na foirne aon uair a chasadar ar a chéile le blianta beaga anuas. Is cinnte go raibh sé sin fíor anuraidh nuair a chuir Carrie Dolan poc saor thar an trasnán agus an t-am nach mór caite sa gcluiche ceannais, scór a chinntigh go mbeadh Corn Uí Dhufaigh ag dul siar go Gaillimh agus an tríú craobh as a chéile séanta ar mhná Chorcaí.

Níl dhá chraobh as a chéile buaite riamh ag Gaillimh agus dúshlán mór rompu an scéal sin a athrú inniu. Tá na Corcaígh tar éis drochthús leis an mbliain a chur díobh agus iad measta mar rogha na coitiantachta do chluiche ceannais an lae inniu agus cuma an-láidir orthu sa gcraobh go dtí seo.

Tá athrú mór tagtha ar fhoireann Ger Manley ón gceann a thosaigh cluiche ceannais na bliana seo caite. Tá ceathrar déag ó phainéal 2025 bailithe leo ar chúis amháin nó ar chúis eile. Ina measc bhí cúigear a thosaigh in aghaidh na Gaillimhe anuraidh, Hannah Looney agus Aoife Healey, beirt atá anois ag imirt san AFLW, Laura Treacy agus an bheirt Mackey, Pamela agus Katrina. Nuair a chuirtear Clíona Healy san áireamh chomh maith, bean a thosaigh cluiche ceannais 2024 agus atá éirithe as freisin, bhí 30 bonn uile-Éireann agus 21 gradam Al-Star buaite ag an seisear.

Bhí an t-easnamh le brath in imirt Chorcaí ag tús na bliana. Chaill an fhoireann in aghaidh Aontroma sa tsraith agus fuair Tiobraid Árann an ceann is fearr orthu i mbabhta ceathrú ceannais na Mumhan. Tá go leor taithí go fóill ag leithéidí Ashling Thompson, Méabh Cahalane, Libby Coppinger agus na himreoirí eile atá fágtha áfach agus faoin am gur thosaigh an chraobh i gceart mí an Mheithimh, áfach, bhí Corcaigh ar ais ar an mbóthar ceart agus bua cuimsitheach, 0-18 in aghaidh 1-8, acu ar Ghaillimh i mBaile Atha an Rí sa gcéad bhabhta. Bhuadar ansin ar Thiobraid Árann agus ar Phort Láirge agus chinntigh bua i gcoinne na dTiobraid Árannach a n-áit i gcluiche ceannais an lae inniu.

Ní hé nach bhfuil aon athrú tagtha ar fhoireann na Gaillimhe ach an oiread, áfach. D’éirigh Siobhán Gardiner agus AnnMarie Starr as an imirt i ndiaidh bhua na bliana seo caite agus drochghortú glúine ag cur as d’Olwen Rabbitte, a thosaigh i lár na páirce le Starr anuraidh. Tá deirfiúr Rabbitte, Sabina, agus Emma Helebert gortaithe freisin agus an cosantóir Shauna Healy, a thosaigh cluiche ceannais 2025, díreach fillte ar an bhfoireann tar éis di páiste a bheith aici.

D’éirigh leis na Gaillmhigh an tsraith a thabhairt leo ag tús na bliana agus cé gur chaill siad an cluiche sin in aghaidh Chorcaí ag tús na bliana, tá siad tagtha ar ais go láidir le buanna ar Phort Láirge, Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh, a sháraíodar le sé phointe i gcluiche leathcheannais coicís ó shin.

Tá aithne mhaith ag na foirne seo ar a chéile anois agus iad ag spreagadh a chéile chun barr a maitheasa a bhaint amach agus caighdeán na camógaíochta ardaithe dá bharr. Cé go raibh cúpla cluiche ceannais sna blianta roimhe seo millte ag pocanna saora á mbronnadh, tugadh cead do na foirne anuraidh a neart a léiriú agus cluiche níos fearr a bhí ann dá bharr. Ba cheart go mbeadh cath eile ann tráthnóna.

Fág freagra ar 'Corcaigh agus Gaillimh le haithne a chur ar a chéile arís i gcluiche ceannais na hÉireann'