Tá an phrapáil le haghaidh cluiche ceannais faoi lán seoil i gCiarraí an tseachtain seo agus peileadóirí na Ríochta ag fáil réidh chun aghaidh a thabhairt ar Mhaigh Eo Dé Domhnaigh.
Deir duine díobh siúd a bheidh ag dul chun páirce ag an deireadh seachtaine go bhfuil sé tábhachtach gan a bheith gafa go hiomlán leis an lá mór agus gur gá d’anáil a tharraingt agus scíth a ligean nuair a bhíonn an deis ann.
“Tá sé tábhachtach nuair atá tú ag traenáil agus nuair atá tú istigh sna cruinnithe go bhfuil tú dírithe ar Mhaigh Eo agus ar an chluiche ach nuair atá tú sa bhaile na laethanta nach bhfuil tú ag traenáil caithfidh tú sos a thógaint,” a dúirt Diarmuid O’Connor agus é ag labhairt ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
“Ní fhéadfaimis an cluiche a imirt amárach. Ní fhéadfaimis é a imirt ar an Luan. Caithfidh tú sos a thógaint agus do scíth a ligint ach nuair atá tú ag traenáil agus nuair atá tú dírithe air, tá tú céad fán gcéad dírithe air.”
Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais i nGaelcholáiste Chiarraí é O’Connor, post a fheileann do pheileadóir agus é ar saoire i rith an tsamhraidh, ach deir sé nach bhfuil sé go hiomlán díomhaoin fiú agus an seomra ranga fágtha aige.
“Tá feirm againn sa bhaile so déanaim beagáinín ansan nuair is gá,” arsa O’Connor. Deir sé go bhfuil “rabhadh” faighte ag a athair gan a bheith á lorg rómhinic an tseachtain seo, áfach.

“Tá sé tábhachtach is dócha an struchtúr céanna a choimeád is nuair atá tú ag obair mar tá sé éasca titim isteach is dócha i ndroch-routine,” arsa O’Connor agus é ag trácht ar laethanta saoire an tsamhraidh.
“Éiríonn tú níos déanaí, cailleann tú amach ar bhéilí, an sórt san rud. Tá sé tábhachtach go gcoimeádann tú an struchtúr céanna ach tá sé deas an t-am saor a bheith agat agus gan a bheith buartha mar gheall ar ranganna agus ullmhú agus prapáil agus rudaí.”
Is í seo an cúigiú huair ag O’Connor a bheith ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann, an séú huair má chuirtear athimirt 2019 san áireamh.
D’fhág gortú gualainne gur chaill O’Connor amach ar chuid mhaith de chraobh na bliana seo caite ach tugadh isteach luath é sa mbua ar Dhún na nGall i gcluiche ceannais na hÉireann.
“Tá sé beagáinín difriúil domsa mar bhíos ana-bhuartha mar gheall ar mo ghualainn anuraidh agus mé ag ullmhú. Tá sé deas a bheith céad fán gcéad aclaí agus sinn ag tnúth leis an Domhnach seo chugainn.”
Is ar an gcliathán sa líne leath-thosaithe atá O’Connor ag imirt i mbliana ach leis an mbéim mhór faoi na rialacha nua ar sheilbh a bhuachan ón gcic amach, ní hé cúram na scórála an ceann is mó atá air.
“Mar a dúirt duine éigin liom ag tús na bliana, an t-ochtar ansan sa lár, déanann siad ana-chuid des na jabanna céanna,” ar sé.
“Tá rudaí miona laistigh dóibh sin a chaithfidh tú a dhéanamh ar an gcliathán [nó] i lár an ghoirt nó mar chosantóir ar an gcliathán chomh maith ach don bhformhór tá an t-ochtar san istigh sa lár i lár an ghoirt. Tá siad ag déanamh an ról céanna.”
Tá beocht curtha sa bpeil ag na rialacha nua agus craobh 2026 ar cheann de na cinn ab fhearr a facthas le fada. Deir O’Connor, atá ag imirt le foireann shinsir Chiarraí ó 2019, go bhfuil an bhearna idir na foirne is fearr agus an chuid eile tar éis laghdú.
“Is dócha, domsa [is í] an chothromaíocht idir na foirne ar fad [an difríocht is mó atá le feiceáil]. Nuair a thosnaíos amach, bhí trí nó ceithre foirne ag an mbarr ach anois tá an bhearna san laghdaithe.
“Tá foirne ag imirt an stíl imeartha céanna formhór. Sin rud cinnte a sheasann amach domsa ó thaobh athrú ó nuair a thosnaíos.”
Cumann réasúnta nua is ea CLG Na Gaeil i dTrá Lí a bunaíodh i 1979. Ba é Jack Barry an chéad duine ón gcumann a d’imir le foireann shinsir Chiarraí agus é tugtha isteach ar an bpainéal cúpla bliain roimh O’Connor.
“Tá sé ana-thábhachtach dom ar fad,” a deir O’Connor agus é ag trácht ar a bheith ag déanamh ionadaíochta ar a chumann.
“Bhíos ag smaoineamh siar air cúpla seachtain ó shin. Bhí comhrá agam le mo mháthair agus nuair a bhíos ag fás aníos ní raibh aon duine ónár gclub ag imirt.
“Tháinig Jack de Barra níos déanaí ach táim ana-chóngarach le Jack ó thaobh aoise de. Nuair a bhíos an-óg ní raibh aon duine ann agus tuigim is dócha an tábhacht atá liom ó thaobh an róil san de agus táim chomh bródúil as a bheith ag imirt ar son an chlub agus ar son an chumainn san.”
Is cinnte go bhfuil lucht a chumainn bródúil as a laoch áitiúil chomh maith agus iad ag súil go dtabharfaidh sé bonn uile-Éireann eile chucu i mbliana.
Fág freagra ar '‘Na laethanta nach bhfuil tú ag traenáil, caithfidh tú do scíth a ligint’ – Diarmuid O’Connor'