AN POD SPÓRT: Na babhtaí leathcheannais – an ann don chás do Ghaillimh agus an Clár?

Caitheann criú An Pod Spórt súil chun cinn ar chluichí leathcheannais na hiománaíochta idir Corcaigh agus Gaillimh is Luimneach is an Clár agus moltar go hard na spéire an chraobh peile chomh maith

AN POD SPÓRT: Na babhtaí leathcheannais – an ann don chás do Ghaillimh agus an Clár?

Mura stróiceann Gaillimh nó contae an Chláir as a chéile script na mbabhtaí leathcheannais iománaíochta, is iad Luimneach agus Corcaigh a bheidh i bPáirc an Chrócaigh do chluiche ceannais na hÉireann ar an 19 Iúil.

Ach an féidir le John Allen nó Pádraic Ó Ciardha cás a dhéanamh do na foirne nach bhfuil mórán ag tabhairt seans dóibh?

Pléitear laigí agus láidreachtaí na bhfoirne go léir agus mínítear cén fáth gur tástáil do Chúige Laighean go léir atá sa chluiche idir Gaillimh agus Corcaigh.

Tá Dara Ó Cinnéide linn chomh maith chun craobh peile na hÉireann (agus David Clifford) a mholadh go hard na spéire.

Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Na babhtaí leathcheannais – an ann don chás do Ghaillimh agus an Clár?'