Cáineadh déanta ar bhratach fhrith-Ghaeilge atá curtha in airde i mBéal Feirste

Deir Conradh na Gaeilge gur iarracht a bhí i gcrochadh na brataí imeaglú a dhéanamh ar phobal na Gaeilge

Cáineadh déanta ar bhratach fhrith-Ghaeilge atá curtha in airde i mBéal Feirste

Tá cáineadh déanta ag polaiteoirí agus lucht feachtais ar bhratach fhrith-Ghaeilge atá curtha in airde i mBéal Feirste.

Tá an bhratach, ar a bhfuil ‘Fuck Your Irish language’ scríofa ar bhrat na Ríochta Aontaithe, curtha in airde ar Bhóthar Lios na gCearrbhach i ndeisceart na cathrach. Tá lógó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste le feiceáil ar an mbratach chomh maith, cé nach bhfuil aon bhaint ag an gcomhairle lena crochadh.

Deir Conradh na Gaeilge go ndéanann an bhratach “ionsaí ar an Ghaeilge agus ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste” agus éileamh déanta acu go mbainfí anuas í.

“Níl aon áit sa tsochaí seo d’fhuath fhrith-Ghaeilge agus seasann Conradh na Gaeilge i gcoinne aon iarrachtaí imeaglú a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus ar údaráis phoiblí a chuireann an Ghaeilge chun cinn,” a dúradh i litir a cuireadh chuig Príomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher, chuig Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, chuig an Aire Bonneagair, Liz Kimmins agus chuig an gCoimisinéir Gaeilge, Pól Deeds. Iarradh orthusan comhoibriú le chéile chun an bhratach a bhaint anuas “láithreach”.

I ráiteas a chuir an PSNI ar fáil do Tuairisc, dúradh go raibh na Póilíní ar an eolas maidir le bratach a cuireadh in airde ar Bhóthar Lios na gCearrbhach.

“Tá oifigigh ag obair agus ag plé i gcónaí le pobail áitiúla agus le háisíneachtaí comhpháirtíochta, ina measc úinéirí talún agus infreastruchtúir, maidir le gearáin faoi bhratacha agus taispeántais.”

Dúirt an Roinn Bonneagair go raibh oifigigh na roinne ag obair leis an PSNI chun teacht ar bhealach chun an fhadhb a réiteach.

Dúirt an Comhairleoir Cathrach Gary McKeown ón SDLP gur gníomh “suarach” a bhí i gcrochadh na brataí agus nár léirigh sé ach easpa muiníne ina gcultúr féin ina measc siúd a chuir in airde í.

Dúirt McKeown go raibh cáineadh ar an iompar seo ag teastáil agus go ndéanfaí gníomh díreach chun bratacha maslacha a bhaint anuas.

Dúirt urlabhraí ón bpáirtí aontachtach an TUV le The Irish News gur aithin an páirtí go raibh “go raibh fearg go leor i measc an phobail Aontachtaigh faoin nGaeilge”.

Dúradh, áfach, nár cheart bratach na Ríochta Aontaithe a lot agus gur cheart caitheamh léi “le meas”.

 

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar bhratach fhrith-Ghaeilge atá curtha in airde i mBéal Feirste'