Tá áis forbartha ag comhlacht i mBaile Átha Cliath ar mhaithe le húsáid na hintleachta saorga i dtuairiscí nuachta a aithint.
Is é Paul McCarthy-Brain príomhfheidhmeannach agus bunaitheoir an chomhlachta Flip-Pay, a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le daoine cur i gcoinne na bréagnuachta.
Tuairiscítear go mbíonn an bhréagnuacht á scaipeadh níos fairsinge mar gheall ar an intleacht shaorga. Ach an plean atá ag Flip-Pay go n-aithneofaí an scéal a bhfuil lorg na hintleachta saorga air sula sroichfidh sé an pobal.
Léirigh taighde a rinne an Press Gazette sa Bhreatain gur luadh i 1,000 alt i nuachtáin, a bhfuil meas orthu, breis is 50 ‘saineolaí’ nárbh ann dóibh in aon chor nó a raibh a bpróifílí cruthaithe le cabhair na hintleachta saorga.
Léirigh an scéal ‘Named: 50 ‘experts’ and linked brands publishers should treat with caution’ go raibh ábhar a ghin an intleacht shaorga á chur faoi bhráid nuachtán agus meáin eile agus go raibh an t-ábhar seo á chur i láthair mar thuairimí saineolaithe.
Go minic foilsíodh na hailt toisc nár thuig na heagarthóirí gur ábhar bréagach a bhí curtha faoina mbráid agus toisc nach raibh uirlisí fónta acu le hábhar a scagadh i gcomhair lorg an AI.
Bhí eagarthóirí i seomraí nuachta, a bhfuil dea-cháil orthu, á gcur amú agus bréagnuacht a cheap siad a bheith fíor á foilsiú acu.
Tá ról an AI i scaipeadh na bréagnuachta nó an mhí-eolais á phlé ar gach sórt ardán.
Ag comhdháil idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh le déanaí, dúirt Carl Bouchard, Coimisinéir Seirbhísí Teanga Fhrancach Ontario, nár cheart seirbhísí intleachta saorga a úsáid chun freastal ar phobal mionteanga mura bhfuiltear sásta na seirbhísí céanna a úsáid sa mhórteanga.
Agus dúirt a chomhghleacaí as Ceanada, Kelly Burke, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla, faoin intleacht shaorga: “Tá réamhchlaonta ann. Iarradh liosta de na húdair is fearr i gCeanada a chur le chéile agus ní raibh ach údair Bhéarla ar an liosta a gineadh. Níor ghin an córas ach údair Bhéarla cé go bhfuil líon mór údar agus ealaíontóirí Francacha ann i gCeanada.”
Tar éis é sin a léamh, lorg an scríbhneoir seo liosta de na húdair ba thábhachtaí in Éirinn ó Copilot, agus fós féin ba liosta d’údair Bhéarla a fuarthas, fiú agus an cheist curtha i nGaeilge.
Faoi Airteagal 50 de Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir leis an intleacht shaorga, ní mór do dhaoine áirithe a chruthaíonn nó a úsáideann córais shonracha intleachta saorga a chur in iúl go soiléir duit nuair atá tú ag idirghníomhú le meaisín, nó nuair a ghintear nó a leasaítear íomhánna, fuaim, físeán nó téacs leis an intleacht shaorga. Ní mór tú a chur ar an eolas chomh maith nuair a úsáidtear córas AI chun mothúcháin a aithint nó chun daoine a rangú bunaithe ar shaintréithe fisiceacha.
Is é an cuspóir atá leis na rialacha ná an príobháideachas agus muinín daoine sa saol poiblí a chosaint agus daoine a chosaint ar mhealladh. Féadfar fíneálacha a ghearradh orthu siúd a sháraíonn na rialacha. Tá eisceachtaí áirithe ann, áfach, an obair phóilíneachta dhleathach san áireamh.
I mbeagán focal, faoi Airteagal 50, ceanglaítear ar úsáideoirí agus ar sholáthraithe córais intleachta saorga tú a chur ar an eolas nuair a bhíonn tú ag plé le meaisín nó le hábhar a chruthaigh nó a d’athraigh an intleacht shaorga.
Tá cáineadh déanta ar Airteagal 50, a tháinig i bhfeidhm i mbliana, toisc nach bhfuil sé sách láidir agus toisc go ndíríonn sé ar an trédhearcacht seachas ar shrianta. Mar sin féin, tá fíneálacha suntasacha i gceist agus, má chuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm mar is ceart, ba cheart go mbeadh sé níos fusa a mheas cé chomh hiontaofa is atá na meáin óna bhfaigheann siad a gcuid nuachta.
Dúirt Dominic Ponsford, príomheagarthóir an Press Gazette sa Bhreatain go raibh na céadta alt ó fhoinsí nuachta, a bhfuil meas ag daoine orthu, bainte anuas acu mar gheall ar an mbréagnuacht agus an intleacht saorga.
Is dá bharr sin a d’fhorbair an Press Gazette agus an comhlacht Flip-Pay, córas a chabhraíonn le heagarthóirí a chinneadh, sula bhfoilsítear scéal, cé acu ar gineadh nó ar leasaíodh é le hintleacht shaorga. Made by Humans is ainm don uirlis nua agus dearadh í go sonrach don seomra nuachta.
De réir suirbhé a rinne an Press Gazette ar bhreis agus 200 foilsitheoir, eagarthóir agus iriseoir, dúirt timpeall 64% díobh nach raibh aon bhealach iontaofa ag a bhfoilseachán chun úsáid neamhúdaraithe intleachta saorga in ailt, i bhfíseáin agus i dtuairiscí fuaime a aithint.
Cuireann Made by Humans an t-ábhar i dtrí aicme: ginte ag IS, déanta le cúnamh IS, nó déanta ag duine. Is féidir leis an eagarthóir ansin ábhar a fhoilsiú, é a choinneáil siar nó athbhreithniú eile a dhéanamh air. Is féidir fógra soiléir a chur os comhair an léitheora freisin. Tá an córas tástáilte ag an Press Gazette ina seomra nuachta féin agus tá súil ann go gcuideoidh uirlisí den chineál seo le hiontaofacht na meán a chosaint.
Tagann na forbairtí seo ag am a bhfuil cuid acu siúd a bhí páirteach i bhforbairt na hintleachta saorga ag tabhairt foláireamh faoin mbaol a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi.
Dúirt Jacob Coxon, a d’oibrigh le OpenAI agus Anthropic, go gcreideann cuid de lucht forbartha na teicneolaíochta go bhféadfadh sí an cine daonna a chur i mbaol taobh istigh de dheich mbliana. “Tá siad ag dul díreach i dtreo na sárintleachta a chuireann feabhas uirthi féin, agus tá siad ag cur ár mbeatha i mbaol,” a scríobh sé ar X.
Dúirt Evan Hubinger , taighdeoir sinsearach slándála in Anthropic, go measann sé go bhfuil seans níos mó ná 10% ann go bhféadfadh an intleacht shaorga deireadh a chur leis an gcine daonna laistigh de dheich mbliana. Dúirt sé gur beag an baol a bhaineann leis na córais atá ann faoi láthair ach go bhfuil imní air faoi fhorbairt na sárintleachta a d’fhéadfadh a bheith ag feabhsú léi beag beann ar an duine.
Déarfadh saineolaithe eile go bhfuil na foláirimh sin thar fóir, ach tá an fhianaise ag dul i méid go bhfuil an an saol a chaithimid agus agus an t-eolas a fhaighimid gach lá á múnlú níos mó agus níos mó ag an intleacht shaorga.
Mar is fíor i gcás aon teicneolaíocht chumhachtach nua, ní mór tús áite a thabhairt do leas agus slándáil an phobail.
Fág freagra ar 'Áis nua forbartha ag comhlacht i mBaile Átha Cliath le húsáid an AI i dtuairiscí nuachta a aithint'