Comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha le feiceáil i mBéal Feirste

Dúirt Conradh na Gaeilge go bhfuil ‘ról fíorthábhachtach’ ag comharthaíocht dhátheangach maidir le 'feiceálacht agus normalú na Gaeilge' a mhéadú i spásanna poiblí.

Comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha le feiceáil i mBéal Feirste

Den chéad uair ariamh tá comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha le feiceáil ar shráideanna Bhéal Feirste.

Tá an chomharthaíocht dhátheangach, a thaispeánann eolas faoi rialacha páirceála agus lánaí bus, le feiceáil sa Cheathrú Ghaeltachta in iarthar na cathrach, idir Bóthar Chluanaí agus Bóthar na Carraige Báine ar Bhóthar na bhFál.

Agus í ag cur fáilte roimh an chomharthaíocht úr, dúirt an tAire Bonneagair Liz Kimmins gur “dul chun cinn dearfach eile” é don Cheathrú Ghaeltachta, áit a bhfuil “comharthaíocht dhátheangach in airde ag roinnt mhaith gnólachtaí agus eagras cheana féin”.

Dúirt sí go léiríonn an dul chun tosaigh seo a tiomantas cloí leis an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus ghabh sí buíochas le Forbairt Feirste agus le Conradh na Gaeilge as a gcuid feachtasaíochta ar son na comharthaíochta dátheangaí don Cheathrú Ghaeltachta.

Chuir Conradh na Gaeilge “fáilte ollmhór” roimh an scéala chomh maith agus dúirt siad go bhfuil “ról fíorthábhachtach” ag comharthaíocht dhátheangach maidir le “feiceálacht agus normalú na Gaeilge”.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga Chonradh na Gaeilge, gurb é seo “an chéad tionscadal dá leithéid áit ar bith ó thuaidh” agus go bhfuil sé “oiriúnach” gur roghnaíodh Iarthar Bhéal Feirste chun an scéim stairiúil seo a chur ar bun.

Thug Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt, Pól Deeds le fios go raibh “lúcháir” air an scéim seo a fheiceáil á leathadh amach sa Cheathrú Ghaeltachta agus dúirt sé go bhfuil sé ag súil go mbeidh a leithéid in áiteanna eile amach anseo faoi na caighdeáin dea-chleachtais atá á bhforbairt ag a oifig faoi láthair.

“Tá ról an-tábhachtach le himirt ag údaráis phoiblí i bpleanáil teanga agus i gcosaint teanga, go háirithe agus an dualgas atá orthu anois mar gheall ar reachtaíocht, chomh maith le gealltanais reatha an rialtais i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge,” arsa an Coimisinéir Gaeilge.

Dúirt Piarais Mac Alastair, Bainisteoir Tionscadail le Forbairt Feirste, go léiríonn an scéim phíolótach seo na rudaí is féidir a bhaint amach “nuair a oibríonn an rialtas i gcomhar leis an pobail”.

Mhol sé an Roinn Bonneagair agus obair an aire, ach dúirt sé go bhfuil siad anois ag iarraidh ar an aire agus ar an Roinn an scéim “a leathnú amach” agus an scéim a chur ag obair i ngach áit sa Cheathrú Ghaeltachta.

Is mar chuid de scéim phíolótach de chuid na Roinne Bonneagair atá na comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha atá le feiceáil in Iarthar Bhéal Feirste.

Crochfar níos fairsinge an chomharthaíocht dhátheangach ar Bhóthar na bhFál sna seachtainí amach romhainn agus an obair go fóill ar siúl.

Fág freagra ar 'Comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha le feiceáil i mBéal Feirste'