Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ag iarraidh ar an Roinn Airgeadais ó thuaidh £5 milliún a gealladh don eagraíocht ach a caitheadh ar thograí eile a chur ar fáil arís.
Dúirt Pilib Ó Ruanaí, stiúrthóir Iontaobhas na Gaelscolaíochta, go gcreideann sé go bhfuil “cás láidir” ag an eagraíocht in aghaidh an Aire Oideachais Paul Givan, atá tar éis “cinneadh a thógáil as a stuaim féin” an t-airgead a ceadaíodh don oideachas lán-Ghaeilge a chaitheamh a thograí eile. Deir Ó Ruanaí go raibh an cinneadh sin “lasmuigh den chomhaontú a bhí déanta ag an Fheidhmeannas”.
“Níl muid cinnte go bhfuil an chumhacht ná an t-údarás aige sin a dhéanamh agus déanann sin beag is fiú den phróiseas comhroinnte cumhachta ó thuaidh. Muna dtig leis na páirtithe eile san Fheidhmeannas bheith ag brath ar an Aire cloí lena fhocal, is deacair a fheiceáil cad é mar a leanann siad ar aghaidh a bheith páirteach sa chomhrialtas seo,” a dúirt Ó Ruanaí.
Dúirt Conradh na Gaeilge gur “scannal” atá ann gur iarr an tAire Givan maoiniú don Ghaeloideachas ach gur chaith sé an chuid is mó den mhaoiniú sin ar thograí eile agus go bhfuil siad “go mór in amhras” faoin údarás a bheadh aige a leithéid a dhéanamh.
“Seo an tAire céanna a bhain £50,000 den scéim scoláireachta Gaeltachta Líofa in 2016, cinneadh a scrios an Rialtas ag an am. Bheadh muid go mór in amhras go raibh aon údarás aige an cinneadh seo a thógáil atá ag teacht salach ar thosaíocht aitheanta de chuid an Fheidhmeannais.
“Ar an drochuair, is léiriú eile é ar mheon frith-Ghaeilge Aire ón DUP. Ba cheart don Aire bheith ag plé go fabhrach leis an Ghaelscolaíocht de réir an dualgais reachtúil atá orthu ina leith,” a dúirt Padaí Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge.
Dúirt sé go seasann an eagraíocht teanga “leis an earnáil Gaeloideachais” agus le hIontaobhas na Gaelscolaíochta “a dhéanann obair na gcapall chun cóiríocht shásúil a chinntiú do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh”.
Dheimhnigh an Roinn Oideachais inné nár caitheadh ach £1 milliún den £6 milliún a ceadaíodh don Iontaobhas agus gur caitheadh an chuid eile den airgead ar fhoirgnimh do scoileanna eile, nach scoileanna lán-Ghaeilge iad.
Ceadaíodh an maoiniú £6 milliún le caitheamh ar “cóiríocht agus áiseanna [do scoileanna] lán-Ghaeilge” in 2025. D’iarr an Roinn Oideachais an t-airgead ar an Roinn Airgeadais go sonrach le haghaidh na Gaelscolaíochta.
Dúirt an Roinn Oideachais leis an BBC gur faoi gach Roinn Rialtais atá sé cinneadh a dhéanamh faoi na tosaíochtaí caiteachais agus a chinntiú go gcaitear airgead ar na tograí “is mó a dhéanfaidh leas”.
D’admhaigh an Roinn gur tugadh milliún don Iontaobhas ach gur caitheadh an t-airgead eile “le tacú le tograí tógála scoile” atá ar siúl cheana féin. Caitheadh cuid den airgead ar Edendork Primary School agus Strangford Integrated College, scoileanna lán-Bhéarla.
Dúirt Pat Sheehan, leaschathaoirleach Choiste an Oideachais in Stormont gur “scannal amach is amach” a bhí ann agus nár cheart go mbeadh a leithéid déanta ag an Aire Oideachais.
Mhaígh Sheehan nach raibh muinín ag pobal na Gaeilge as an DUP agus go háirithe as an Aire Paul Givan mar gheall ar a ghníomhartha a measadh a bheith frith-Ghaeilge san am a caitheadh.
Fág freagra ar '£5 milliún á lorg ón Roinn Airgeadais agus airgead a ceadaíodh do ghaelscoileanna caite ar thograí eile'