Léirithe spéise do scéim tithíochta i nGaoth Dobhair á lorg ag Údarás na Gaeltachta

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go raibh cead faighte ocht gcinn d’áiteanna cónaithe a fhorbairt san áit a bhfuil seantithe de chuid an Údaráis i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga

Léirithe spéise do scéim tithíochta i nGaoth Dobhair á lorg ag Údarás na Gaeltachta

Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe spéise ó eagraíochtaí tithíochta chun scéim tithíochta ar chíos réasúnta a fhorbairt i nGaoth Dobhair.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, an tseachtain seo go raibh cead faighte ocht gcinn d’áiteanna cónaithe a fhorbairt san áit a bhfuil seantithe de chuid an Údaráis i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Ó Síocháin go bhfuil athchóiriú le déanamh ar cheithre theach de chuid an Údaráis a tógadh sna seachtóidí agus a bhfuil “drochstaid” orthu faoi láthair agus ocht gcinn d’áiteanna cónaithe le cur ar fáil ina n-áit.

“Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe spéise ó eagraíochtaí tithíochta agus eile go mbeadh suim acu scéim phíolótach tithíochta ar chíos íseal fadtéarmach a fhorbairt ar thalamh an Údaráis ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair,” a dúirt Ó Síocháin os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais.

Tá cead faighte ag an Údarás ón nGníomhaireacht Tithíochta an scéim STAR (Secure Tenancy Affordable Rental) a leasú chun ocht n-áit chónaithe a fhorbairt ar láthair ina bhfuil ceithre theach folamh.

Dúirt Ó Síocháin go mbeadh an múnla seo “inaistrithe chuig ceantair eile má éiríonn leis”.

Is chun tithe ar chíos réasúnta a chur ar fáil i gceantair uirbeacha a bunaíodh scéim STAR, ach dúirt Ó Síocháin go raibh cead faighte ag an Údarás leas a bhaint aisti sa gcás seo.

Dúirt Ó Síocháin go bhféadfaí an múnla a úsáid in áiteanna eile ina bhfuil maoin ag an Údarás má éiríonn leis.

Dúirt sé go raibh ceist ann go fóill an bhféadfaí leas a bhaint as an scéim d’fhorbairtí ar scála níos mó ach gur “cabhair ollmhór” atá ann don Údarás gur féidir í a úsáid do scéimeanna tithíochta ina gcuirfí suas le sé nó ocht dteach ar fáil do chainteoirí Gaeilge.

“In áit go bhfuil muid in ann dornán beag tithe mar sin a fhorbairt ar thalamh an Údaráis, áiteanna a bhfuil seirbhísí ar fáil agus scoileanna in aice láimhe is mar sin de, fágann sé go mbeidh pobal labhartha na Gaeilge in áit agus go mbeadh na tithe sin do dhaoine le Gaeilge amháin, 100%.”

Dúirt Ó Síocháin go bhfuil an tÚdarás ag obair ar thograí in áiteanna eile chun tithíocht phoiblí a chur ar fáil agus chun infreastruchtúr uisce a fheabhsú chun go bhféadfaí tithíocht a fhorbairt.

Bhí lucht feachtais go mbeadh ról níos mó ag Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta agus go mbeadh baint ag an Údarás le cúrsaí tógála agus pleanála, ach tá sé sin diúltaithe ag Aire na Gaeltachta.

Dúirt Tomás Ó Síocháin gurb í an fhís a bhí ag an Údarás “ón gcéad lá” ná talamh a chur ar fáil ar mhaithe le tithíocht a fhorbairt.

Maidir le mórthograí eile de chuid Údarás na Gaeltachta, dúirt Ó Síocháin go raibh ceachtanna le foghlaim ó thograí Champas Íosagáin i Múscraí agus Páirc na Mara i gConamara.

Maidir le Campas Íosagáin, a osclaíodh i mBaile Bhuirne níos luaithe i mbliana, dúirt Ó Síocháin gur togra “eiseamláireach” atá ann ach gur thóg sé dhá bhliain déag é a thabhairt chun críche. Dúirt sé go gcaithfí plean soiléir a bheith ann sa chéad straitéis eile de chuid an Údaráis maidir le bunú molchampas seirbhísí Gaeilge agus mórthograí eile.

“Chonaiceamar le cuid de na mórthograí a bhí againn, bhíomar anseo os bhur gcomhair amach ag caint cheana ar Pháirc na Mara cuir i gcás, nár éirigh linn cead pleanála a fháil dó, ainneoin go raibh airgead caite againn air.”

Dúirt Ó Síocháin go gcaithfí staidéar féidearthachta a dhéanamh d’aon togra beartaithe, foinsí airgid a chinntiú agus ansin cead pleanála a fháil.

Fág freagra ar 'Léirithe spéise do scéim tithíochta i nGaoth Dobhair á lorg ag Údarás na Gaeltachta'

  • Donncha O hEallaithe

    Dea scéal é sin. Bua beag. Cinnte is múnla a fhéadfaí a usáid in áiteacha eile a bhfuil talamh agus córas séarachais ag an Údarás, le dornán tithe ar chíos réasúnta a thógáil do chainteoirí Gaeilge.

    Theastódh anois go bhfaighfeadh an tÚdarás cead a fháil ón Roinn Tithíochta le suíomhanna le seirbhísí a fhorbairt agus a dhíol le cainteoirí Gaeilge, ar mhaith leo a dteach féin a thógáil ar na suíomhanna, faoin scéim ‘Ready to Build’. Fadhb i gcónaí, ar ndóigh, an dearcadh diúltach atá ag Roinn na Gaeltachta faoi ról tithíochta a bheith ag an Údarás.