Níl an t-iar-aire stáit don Ghaeltacht Thomas Byrne cinnte cé acu an mbainfear nó nach mbainfear na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach ag an Rialtas d’earcú státseirbhísigh le Gaeilge amach faoin mbliain 2030.
Dúirt Byrne, atá anois ina Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, le Tuairisc go mbeidh “deacrachtaí” ag baint leis na spriocanna a bhaint amach ach go bhfuil “an-dul chun cinn” á dhéanamh ag an Rialtas ina leith.
“Beidh deacrachtaí ag baint leis na spriocanna sin in 2030, níl aon dabht faoi sin. Ach tá an-dul chun cinn déanta agus tá na spriocanna sin sa dlí. Níl a fhios agam an mbainfidh muid iad amach ach tá siad sa dlí agus caithfidh muid cloí leis an dlí. Tá mise sórt hardline faoi seo.
“Is rud maith go bhfuil na spriocanna ann. Feicim daoine, agus cloisim, daoine, sa Roinn, státseirbhísigh, atá ag foghlaim na Gaeilge agus anois ar an eolas maidir leis na spriocanna seo.
“Measaim go bhfuil rudaí ag athrú agus, mar atá a fhios ag gach duine anois, sa chultúr tá an Ghaeilge faiseanta. Tá gach rud ag tarlú taobh le taobh,” a dúirt sé.
Dúirt an tAire Stáit go mbíonn “i bhfad níos mó deiseanna” aige féin an Ghaeilge a úsáid agus é in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil seachas mar a bhíonn aige i dTithe an Oireachtais i mBaile Átha Cliath.
“Bíonn i bhfad níos mó deiseanna agamsa an Ghaeilge a úsáid, go háirithe an Ghaeilge a léamh, sa Bhruiséil ná mar atá agam anseo i mBaile Átha Cliath. Má tá mé ag iarraidh cáipéis, bíonn sí ar fáil sa Bhruiséil. Níl sé sin fíor an t-am ar fad i mBaile Átha Cliath – fiú amháin an reachtaíocht.
“Tá an locht orainn, ach tá muid á athrú sin. Sin an fáth a bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla againn. Tá an locht ar Éirinn, measaim, nuair a chuamar isteach san Aontas Eorpach i 1973, go raibh sórt náire orainn maidir leis an nGaeilge. Níor lorgaíomar an stádas oifigiúil ag an am sin,” a dúirt sé.
Dúirt sé go raibh meon difriúil ag muintir na hÉireann i leith na Gaeilge leathchéad bliain ó shin agus go raibh amhras ar a chomharsana féin nuair a chuir a athair chuig scoil lán-Ghaeilge é ag tús na n-ochtóidí.
“Nuair a chuaigh mé féin go dtí an Ghaelscoil i 1981, ní raibh gach duine sásta le cinneadh m’athar, agus d’fhiafraigh a lán daoine de ‘cén fáth a bhfuil tú ag seoladh do mhic chuig Gaelscoil?’.
“Ní raibh aon aidhm pholaitiúil ag m’athair, bhí suim aige sa Ghaeilge mar theanga. Bhí go leor polaitíochta ag tarlú an uair sin ach bhí suim ag m’athair sa Ghaeilge. Tá an saol athraithe go hiomlán anois,” a dúirt sé.
Dúirt sé go bhfuil dea-thionchar ag cultúr Gaeilge na Bruiséile ar Éirinn agus go bhfuil an cháipéisíocht atá ar fáil i nGaeilge ón Aontas Eorpach ag cur le líon na ndaoine atá in ann oideachas a fháil trí Ghaeilge.
“Measaim go bhfuil sé ag athrú anois. Má tá cáipéisí ar fáil ón mBruiséil maidir le cás cúirte agus araile, tá sé i bhfad níos éasca daoine a mhúineadh sna hollscoileanna. Má tá tú ag iarraidh Dlí agus Gaeilge nó Gnó agus Gaeilge a chur ar fáil, is féidir na cáipéisí sin a mhúineadh i nGaeilge ar na cúrsaí sin.
“Tá sé níos éasca na cúrsaí a chur ar fáil, tá súil agam go bhfuil daoine ag féachaint ar na spriocanna atá againn maidir le hearcaíocht sa státseirbhís faoi 2030,” a dúirt sé.
Donncha O hEallaithe
Tús maith a bheadh ann, dá gcuirfí deireadh leis an stádas seafóideach faoin nGaeilge a bheith ina ‘teanga oibre’ nó ‘teanga oifigiúil’ san AE; na daoine sároilte atá ag obair sa mBrúiséal ag aistriú cáipéisí teicniúla go Gaeilge, nach léifear, a thabhairt abhaile; postanna maithe a ofráil dóibh anseo sa Státsheirbhís, le go mbeidís in ann freastal ar fíor-riachtanais teanga na daoine sa tír seo, ar mhaith leo déileáil leis an stát trí Ghaeilge, agus bónas 10% a thabhairt dóibh mar go bhfuil siad in ann déileáil leis an bpobal sa dá theanga oifigiúil atá againn.