Shane Moynihan le ceapadh ina chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais

Beidh an cathaoirleach reatha, Naoise Ó Cearúil, ina chathaoirleach ar choiste Intleachta Saorga an Oireachtais

Shane Moynihan le ceapadh ina chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais

Tá Naoise Ó Cearúil, a ceapadh ina chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge le deireanas, le héirí as an gcathaoirleacht sin an tseachtain seo chugainn le bheith ina chathaoirleach ar Choiste Intleachta Saorga an Oireachtais.

Bhí Ó Cearúil ina leaschathaoirleach ar an gcoiste agus ag feidhmiú mar chathaoirleach ann ó d’fhág an t-iarchathaoirleach Catherine Connolly Dáil Éireann nuair a toghadh í ina huachtarán i mí na Samhna seo caite. Ceapadh Ó Cearúil ina chathaoirleach go hoifigiúil ar an 26 Bealtaine.

Ach ó gabhadh an Teachta Dála Malcolm Byrne an mhí seo caite agus amhras ann go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil, d’éirigh an TD do Chill Mhantáin-Loch Garman as a chúraimí mar chathaoirleach ar Choiste Intleachta Saorga an Oireachtais.

Is é Ó Cearúil, a bhfuil suíochán ar an gcoiste sin aige freisin, atá ceaptha anois ina chathaoirleach ar an gCoiste Intleachta Saorga agus éireoidh sé as an gcathaoirleacht ar an gCoiste Gaeilge. Tá sé ina urlabhraí don Ghaeltacht agus don Intleacht Shaorga i bhFianna Fáil, agus d’oibríodh sé don chomhlacht AI Gong, comhlacht a bhfuil stoc aige ann.

Is é an Teachta Dála Shane Moynihan, comhghleacaí Uí Chearúil i bhFianna Fáil, a thiocfaidh i gcomharbacht ar Naoise Ó Cearúil mar chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Pobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais anois.

Tá Moynihan ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar Meán. Caitheadh socrú speisialta a dhéanamh nuair a d’éirigh Catherine Connolly as an gcathaoirleacht mar gheall gur ón ngrúpa teicniúil dá raibh sí ina ball a chaithfí an cathaoirleach a roghnú, ó cheart. Teachtaí Dála neamhspleácha agus Teachtaí Dála ó pháirtithe beaga atá sa ghrúpa teicniúil sin.

Níl aon chainteoir líofa Gaeilge i measc an tseachtar Teachtaí Dála a fágadh sa ghrúpa nuair a toghadh Connolly ina huachtarán – Paul Murphy (Pobal Seachas Brabús), Richard Boyd-Barrett (Pobal Seachas Brabús), Ruth Coppinger (Pobal Seachas Brabús), Roderic O’Gorman (an Comhaontas Glas), Charles Ward (Cúiteamh 100%), Séamus Healy (neamhspleách) agus Brian Stanley (neamhspleách).

Beartaíodh sa deireadh an chathaoirleacht a dháileadh arís, de réir chóras d’Hondt, agus ba chuig Fianna Fáil a chuaigh sí. Bhí triúr cainteoirí Gaeilge ag Fianna Fáil ar an gcoiste – Ó Cearúil, Moynihan, agus John Connolly, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar.

Beidh duine ón ngrúpa teicniúil ina chathaoirleach ar an gcéad choiste Oireachtais eile a bhunófar, coiste ina bpléifear le cúrsaí na mban agus an foréigean in aghaidh na mban.

Cuirtear liúntas breise €10,888 ar fáil do chathaoirleach ar choiste Oireachtais.

Fág freagra ar 'Shane Moynihan le ceapadh ina chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais'