Ní le halgartam marfach ach le leadrán a mharóidh AI muid

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Aon uair a bhaineann tú úsáid as an intleacht shaorga i do chuid scríbhneoireachta, tá cuid den sonas a bheidh agat sa saol á goid uait féin agat

Ní le halgartam marfach ach le leadrán a mharóidh AI muid

Má tá tú á léamh seo, tá tú sean do dhóthain le gur cuimhin leat an saol roimh an intleacht shaorga.

Cuimhneoidh tú ar an streachailt a bhaineadh leis an scríbhneoireacht tráth dá raibh. An taighde. An chéad dréacht. An t-athscríobh.

Ach cuimhneoidh tú freisin ar an sásamh a bhaineadh le píosa scríbhneoireachta a chríochnú. Aiste. Tráchtas. Leabhar, b’fhéidir.

D’ainm a fheiceáil i gcló agus fios a bheith agat gur tú féin – tú féin amháin – a scríobh an diabhal rud sin, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid, go raibh rath ar an sclábhaíocht sin ar fad go mall san oíche agus ar an mochéirí.

Agus seans, má bhí an t-ádh leat, bhain tú taitneamh as an obair féin. Rith sé leat, b’fhéidir, go mbíonn an t-aistear chomh tábhachtach céanna agus an ceann scríbe.

Lena chois sin arís, d’fhoghlaim tú rud nó dhó feadh an bhealaigh. Chuir tú le do thuiscint ar an gceird, agus le do thaithí saoil.

Gach uair a bhaineann tú úsáid as AI i do chuid scríbhneoireachta, tá an taitneamh, an sásamh, an fhoghlaim agus an fhorbairt phearsanta sin ar fad á ngoid uait féin agat.

Tá go leor scríofa agam le bliain nó dhó anuas faoin drochthionchar atá, dar liom, ag an intleacht shaorga ar chúrsaí scríbhneoireachta. Fágann sí an chuma neamhurchóideach, neamhbhlasta chéanna ar chuile shórt a scríobhtar léi.

Ach dar liom gur measa fós an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an AI orainn féin. Mar scríbhneoirí. Mar dhaoine.

Cinnte, d’fhéadfainn treoir chliste a thabhairt do ChatGPT agus scríobhfadh sé ‘colún’ dom i bhfaiteadh na súl.

Ach ar léamh an cholúin sin duit, gach seans go ndéarfá leat féin: muise, tá píosa téacs léite agam, ach céard go díreach a bhí sna 400 focal sin a fhanfaidh liom?

Ar an gcaoi chéanna déarfainnse liom féin: go hiontach, spriocam eile bainte amach … ach céard go díreach atá scríofa agam a fhanfaidh liom? Ar fhoghlaim mé aon cheo a chabhróidh liom agus mé i mbun an chéad cholúin eile?

Agus céard a dhéanfaidh mé leis an bhfuílleach ama saor a bheidh agam anois agus an intleacht shaorga ag déanamh an chuid is mó de mo chuid oibre dom? Slám ‘colún’ AI-ghinte a léamh, b’fhéidir?

Táthar ann a cheapann go gcuirfidh an intleacht shaorga den saol muid drochlá éigin amach anseo. An faitíos atá ormsa ná go maróidh an AI le leadrán muid. Le leadrán, agus leis an mbraistint nach bhfuil feidhm linn féin níos mó.

Fág freagra ar 'Ní le halgartam marfach ach le leadrán a mharóidh AI muid'

  • PolReamonn

    Scríobh mé an trácht seo mé féin. Is fíor duine mé.