An grá ina cheirín ar an éadóchas

I lár na hainnise is ea thuig an t-iriseoir Sally Hayden gurb é an grá an t-aon cheirín ar an neamhthrócaire

An grá ina cheirín ar an éadóchas

An mórtas agus an phráinn as mná óga na Gaillimhe, Chiarraí agus Chorcaí a spreag ócáidí móra an tsamhraidh seo ionam a mheabhraigh leabhar fíorspéisiúil a léigh mé le gairid dom agus mé ag at le grá don saol mór ag filleadh as Páirc an Chrócaigh.

This is Also a Love Story le Sally Hayden an leabhar ón údar céanna ónar tháinig leabhar iontach eile in 2022 My Fourth Time, We Drowned, ina bhfuair muid scéal daoine a chuaigh i mbaol a mbáite le tearmann a lorg san Eoraip.

Ón mbliain 2013 tá an t-iriseoir Sally Hayden ag tuairisciú ó láithreacha áir, ocrais is éagóra. Agus í i dtús a gairme níor thuig sí go gcothaíonn oibiachtúlacht na tuairisceoireachta soiniciúlacht agus éadóchas. Ina cónaí sa Liobáin le blianta beaga is ea a thuig sí gur fánach an tionchar a bhíonn ag tuairiscí faoi thubaistí agus aincheart ar an saol mór agus gurb é an grá an t-aon cheirín ar an neamhthrócaire ina timpeall.: Shocraigh sí dá réir leabhar scéalta grá a scríobh, This is Also a Love Story.

I lár ainnise is léirscrios, an grá a choinníonn daoine ar a gciall san Úcráin, i Ruanda, san Iaráic, in Uganda, i nGána, sa Nigéir, sa tSeapáin agus sa tSiria agus tugann Hayden caibidil ar leith don chaoi a gcothaíonn an grá daoine éagsúla i ngach áit acu sin.

An tIarfhocal atá ag Hayden sa leabhar a bhain croitheadh ceart asamsa. An dídhaonnú atá á chruthú sa domhan a hábhar agus muid ar fad plúchta céasta ag an eolas atá againn faoin drochíde agus an éagóir atá ag tarlú gan náire ar fud na cruinne. Measann sí go bhfuil géarchéim scoiteachta nó coimhthís tar éis tarlú agus an teicneolaíocht agus na halgartaim tar éis domhain bheaga chluthmhara a chruthú dúinn ina dtéann muid i dtuilleamaí na fuarchúise le muid féin a dhíonadh ar an duairceas is an t-éadóchas.

Arb aon iontas mór é gur fearr linn breathnú ar chait á n-iomlasc féin nó siorc ag damhsa ná ar champaí phobal teifeach na Siria? Scáthán róghlan a bhí ansin domsa agus mé fhéin freisin ar mo mhine ghéire ag éalú ón nuacht agus ón anachain.

Feicim an grúpa dílis ar thaobh an bhóthair sa Spidéal ag meabhrú drochíde na bPalaistíneach domsa agus mo leithéid ach an fiú cloch in aghaidh cuain? Síntiús d’oibrithe deonacha agus mo shúile a dhúnadh. Éalú nó éadóchas nó an é go bhfuil coimhthíos na haoise seo tolgtha agamsa freisin?

Ina réamhrá tagraíonn Sally Hayden don chaint a rinne Elon Musk anuraidh nuair a mhaígh sé gurb é an locht is mó atá ar chultúr iarthar domhan go bhfuil aicíd na comhbhá ag lot na sochaí. Má chreideann lucht na cumhachta gur aicíd í an chomhbhá agus an chomhthuiscint, nach beag an t-iontas nach gcuireann sé a dhath múisiam orthu gineadóirí a choinníonn páistí is othair eile beo in ospidéil Ghaza a bhuamáil, ní áirím sibhialtaigh a mharú ón aer i seomraí ranga agus i dtithe pobail?

Mar a chothaíonn grá agus gnaíúlacht pobail chráite, cothaíonn an grá a léiríonn ár bhfoirne spóirt is lúthchleasaíochta a bpobal féin. Níl aon áit don tsoiniciúlacht ná don fhuarchúis ar pháirc na himeartha amaitéaraí. Grá dá spórt, dá muintir, dá bpobal, dá gcontae a chasann ceirín cneasaithe ar leonta na sochaí. Mo ghraidhin go deo iad.

Fág freagra ar 'An grá ina cheirín ar an éadóchas'

  • Aisling Considine

    Tá míthuiscint á léiriú ag an iriseoir faoi cad is “suicidal empathy” ann ar rinneadh Elon Musk tagairt do. Suicidal empathy ná: “when a society elevates victimhood to a virtue and decides that punishment is cruel”