Moladh déanta ag comhairleoirí contae teorainneacha na Gaeltachta a leathnú

Dúirt na comhairleoirí gur gá na teorainneacha a athbhreithniú ach cur leis an nGaeltacht atá molta acu seachas í a dhéanamh níos lú

Moladh déanta ag comhairleoirí contae teorainneacha na Gaeltachta a leathnú

Tá sé ráite ag comhairleoirí contae i gCiarraí gur cheart an Ghaeltacht sa gcontae a dhéanamh níos mó agus aitheantas a thabhairt dá thuilleadh bailte fearainn.

Deir an comhairleoir contae Robert Brosnan ó Dhaingean Uí Chúis gur chóir plé a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta agus gur chóir machnamh ar an nGaeltacht a dhéanamh níos mó sa gcontae.

“Leagadh síos na ceantair Ghaeltachta céad bliain ó shin…agus déarfadh daoine go raibh beagán caimiléireachta ann sa bpolaitíocht áitiúil ag an am, nár réitigh an fear seo le fear eile agus gur fágadh ar lár [áit] dá bharr,” a dúirt Brosnan de réir tuairisc sa Kerryman.

“Tá pobail bhríomhara de chainteoirí Gaeilge in Abhainn an Scáil agus in Inse. Bíonn Ciorcal Comhrá fiú i dteach tábhairne Foley’s in Inse,” a dúirt Brosnan, comhairleoir de chuid Shinn Féin.

De réir torthaí Dhaonáireamh 2022, bhí 4% díobh siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantar na hInse ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. 5% a bhí amhlaidh in Abhainn an Scáil, cé go raibh an céatadán níos airde – 10% – sa mbaile fearainn atá idir é agus teorainn oifigiúil na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne.

Cainteoirí laethúla Gaeilge ab ea 29% den daonra trí bliana agus os a chionn i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, de réir Dhaonáireamh 2022.

Níor athraíodh teorainn na Gaeltachta i gCorca Duibhne ó 1974 nuair a cuireadh toghranna Ché Bhréanainn, an Chlocháin agus an Bhaile Dhuibh in oirthuaisceart na leithinse leis an nGaeltacht, chomh maith le bailte fearainn in iarthar thoghroinn an tSráidbhaile

“B’fhéidir gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta. Bíonn buntáiste [le stádas Gaeltachta] mar bíonn teacht ar dheontais agus tacaíochtaí d’áiteanna a bhíonn faoi mhíbhuntáiste mar go bhfuil siad scoite amach faoin tuath agus ar easpa infreastruchtúir,” a dúirt Brosnan ag cruinniú de chuid Comhairle Contae Chiarraí.

SCANNÁN: ‘Teorainneacha na Gaeltachta – marc teip i scrúdú na staire?’ – 100 Bliain na Gaeltachta, sraith nua físeán ó Tuairisc

D’aontaigh an comhairleoir Norma Moriarty ó Fhianna Fáil gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainneacha, a bhí “seafóideach” agus a bhí tar éis drochthionchar a bheith acu ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, dar léi.

“Má théann tú sa charr ó Chathair Dónall go dtí An Coireán, téann tú isteach agus amach as an nGaeltacht deich n-uaire,” a mhaígh sí.

Dúirt sí gur chlis ar iarracht togra Gaeilge do pháistí a chur ar bun sa gCoireán mar nach raibh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta in ann tacú leis toisc go raibh sé lasmuigh den Ghaeltacht.

Nuair a thagann ceist theorainneacha na Gaeltachta chun cinn, is minic go moltar an Ghaeltacht a dhéanamh níos lú seachas níos mó.

Agus é ag labhairt le Tuairisc le gairid, dúirt iarAire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív, gur gá teorainneacha na Gaeltachta a athrú agus go bhfuil cás ann na ceantair is laige ó thaobh na Gaeilge de a bhaint aisti.

Fág freagra ar 'Moladh déanta ag comhairleoirí contae teorainneacha na Gaeltachta a leathnú'